Skip to content

Consultation on the Primary Curriculum now open

Consultation on the Primary Curriculum now open

View Info

Fáilte go dtí torthaí foghlama Churaclam Teanga na Bunscoile.

Anseo is féidir leat na torthaí foghlama a úsáid trí shnáithe (Teanga Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Oral Language, Reading, Writing) ag baint úsáide as an roghchlár ar chlé.

Sna táblaí thíos, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an lipéad torthaí foghlama ábhartha le feiceáil nuair a bhíonn tú ag sciorradh ar uimhir cluaisíní. Nuair a chliceálann tú ar an táb torthaí foghlama ábhartha, dealraíonn sé leis na Samplaí d'Fhoghlaim Teanga na bPáistí,Contanaim Dul chun Cinn agus Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí.

Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird

Engagement, listening & attention

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste aird ar spreagthaigh sa timpeallacht.

Leanann an páiste na gluaiseachtaí atá ag spreagthaigh.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste aird ar spreagthaí trí amharc na súl a choinneáil orthu agus leanann amharc súl duine fhásta chun aird a thabhairt ar rud le chéile.

Déanann an páiste aithris ar ghníomhartha agus ar fhuaimeanna.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste aird ar feadh tréimhsí níos faide ar spreagthaí suimiúla nó coitianta lena n-áirítear:

Gníomhartha, gothaí, tuin ghutha, comhráite agus scéalta a léitear os ard, agus glacann páirt i rainn, amhráin agus cluichí.

Gníomh an pháiste...

Glacann an páiste páirt i gcomhrá trí úsáid a bhaint as teagmháil súl chuí agus aird acu ar chomharthaíocht colainne, gothaí agus tuin ghutha.

Úsáideann an páiste na ciúnna sin in éineacht le comhthéacs chun focail/frásaí nua a thuiscint.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le heolas faoi eispéireas nua, lena n-áirítear ficsean agus neamhfhicsean a éiríonn níos casta de réir a chéile.

Éisteann an páiste le duine fásta ag léiriú teanga nua arbh fhéidir a lán focal nach eol dóibh a bheith inti.

Gníomh an pháiste...

Éisteann páiste le sainmhínithe agus le cur síos ag úsáid tuine, gothaí agus roinnt focal a thuigtear chun na príomh-theachtaireachtaí a léirmhíniú.

Tugann an páiste aird ar eolas a chuirtear i láthair ar théacs (leabhair, fuaim etc).

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste aird ar chumarsáid bhriathartha agus neamhbhriathartha i gcomhthéacsanna éagsúla.

Éisteann an páiste le daoine nach bhfuil aithne acu orthu ag caint agus ag léiriú focail/frásaí nua.

Díríonn a aird ar an bhfuaimniú ceart ó thaobh na canúna de.

Gníomh an pháiste...

Faigheann an páiste léargas ó bheith ag éisteacht le heolas nua ar réimse leathan ábhar.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le heolas á chur i láthair ó dhá thaobh d’argóint.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste go cúramach le daoine eile, ag teacht isteach le ceisteanna, léargas agus tuairimí.

Forbraíonn an páiste a scileanna éisteachta a thuilleadh trí pháirt a ghlacadh i gcomhráite agus le téacsanna ó bhéal.

Éisteann an páiste le agus pléann an tionchar atá ag cultúr, féiniúlacht, mar atá cúrsaí faoi láthair, cuspóir agus lucht éisteachta ar an mbealach a ndéanann daoine cumarsáid.

Gníomh an pháiste...

Glacann an páiste le agus déanann measúnú ar a stíl éisteachta agus labhartha ar leith agus stíl daoine eile.

  • Cur chuige spraíúil agus Curaclam Teanga na Bunscoile

    Example of student work

  • Cur chuige cumarsáideach

    Example of student work

Inspreagadh agus rogha

Motivation and choice

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste úsáid as gothaí gnúise, guthaíochtaí, gluaiseachtaí agus/nó gothaí chun freagairt do théacs(anna).

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste suim i dtéacsanna, baineann taitneamh astu, agus freagraíonn dóibh ag úsáid gothaí gnúise, guth, fuaimeanna agus gothaí coirp.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le téacsanna, cruthaíonn téacsanna, agus glacann páirt i gcomhráite faoi thopaicí ar ábhair suime agus rogha pearsanta iad, ag úsáid abairtí bunúsacha agus friotail ilfhoclacha.

Gníomh an pháiste...

Glacann an páiste páirt i gcomhrá le daoine eile, roghnaíonn agus cruthaíonn téacsanna d’fhonn éisteacht leo i gcomhair pléisiúir agus iad ag éirí as ábhair suime pearsanta.

Gníomh an pháiste...

Cruthaíonn agus roghnaíonn an páiste téacsanna chun éisteacht leo, agus cuireann tús le comhráite le daoine eile d’fhonn teacht ar eolas faoi thopaic ar ábhar suime é agus an t-eolas sin a chomhroinnt.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste roghanna in iúl nuair a ghlacann sé páirt i gcomhráite agus nuair atá sé ag cruthú téacsanna agus ag éisteacht leo.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste cuspóirí éagsúla chun téacsanna a chruthú, chun éisteacht leo agus chun páirt a ghlacadh i gcomhráite faoi ábhair suime phearsanta.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste tús le comhráite faoi ábhair suime phearsanta, agus coinníonn ar siúl iad.

Roghnaíonn téacsanna, éisteann leo, agus cruthaíonn téacsanna le haghaidh cuspóir áirithe.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste agus cruthaíonn téacsanna, téann i dteagmháil leo le haghaidh cuspóirí áirithe, agus déanann na téacsanna seo a mheas agus cuspóir i gceist.

Gníomh an pháiste...

Cruthaíonn an páiste agus roghnaíonn téacsanna, bunaithe ar ábhair suime phearsanta agus le haghaidh cuspóirí áirithe.

Aithníonn an páiste cluastéacsanna agus téacsanna ó bhéal a shínfidh foclóir, eolas agus suimeanna.

Gníomh an pháiste...

Cruthaíonn an páiste, roghnaíonn agus measann téacsanna a éascóidh foghlaim trasna an churaclaim.

Measann an páiste na roghanna a rinneadh agus téacsanna á roghnú i gcomhair éisteachta nó le haghaidh cuspóir áirithe.

Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile

Social conventions and awareness of others

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste suas le duine eile a bheith ann agus aithníonn go bhfuil sé/sí ann.

Glacann an páiste le hidirghníomhaíocht le duine eile.

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste d’aird ó dhuine fásta, lorgaíonn an aird sin agus aithníonn a ainm féin, freagraíonn dó agus tá sé/sí in ann é a rá.

Freagraíonn an páiste do spreagthaí trí úsáid a bhaint as guth, fuaimeanna agus gothaí agus malartaíonn aoibh an gháire agus úsáideann gothaí gnúise, fuaimeanna, gothaí, comharthaí nó caint chun cumarsáid a dhéanamh.

Gníomh an pháiste...

Glacann an páiste páirt i gcluichí aithrise agus scéalaíochta, rainn agus amhráin.

Labhraíonn an páiste go hinchloiste agus go céillí ag airde chuí, idirghníomhaíonn thar líon beag sealanna le daoine aonair agus tosaíonn ag déanamh cumarsáide go héasca le daoine eile sa seomra ranga.

Cuireann an páiste tús le cumarsáid le duine fásta a bhfuil aithne aige air.

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste scéilíní pearsanta agus freagraíonn do chomhrá ar ábhar nach bhfuil taithí phearsanta aige air.

Beannaíonn an páiste agus freagraíonn mar is cuí do bheannachtaí agus do thopaicí plé agus léiríonn roinnt tuisceana do riachtanais an éisteora.

Tosaíonn an páiste comhrá le piaraí agus glacann sealanna ag comhrá le piaraí, le grúpaí beaga agus le daoine fásta a bhfuil aithne acu orthu.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste tús le comhrá ar ábhar nach bhfuil taithí phearsanta aige air.

Freagraíonn an páiste ceisteanna ach fágann ar lár roinnt eolais agus tosaíonn ag déanamh iarratais indíreacha.

Athraíonn an páiste stíl labhartha chun dul in oiriúint don lucht éisteachta.

Glacann an páiste páirt i bplé i ngrúpaí beaga ar thopaic aitheanta. Léiríonn feasacht ar rialacha éisteora-cainteora agus bíonn ar a chumas na rialacha sin a liostú.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste uainíocht, teagmháil súl agus comharthaíocht colainne chuí chun cur le topaic agus í a leathnú, chun scéal comhleanúnach nó cuntas sothuigthe a chumadh.

Labhraíonn an páiste faoi smaointe agus faoi mhothúcháin daoine eile agus glacann páirt i gcomhrá le duine fásta anaithnid ina ngabhann siad chucu féin stíl agus tuin teanga chuí.

Oibríonn an páiste i mbeirteanna/ grúpaí agus glacann páirt i bplé grúpa agus tógann siad ar an bplé sin.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste breis sonraí isteach ar mhaithe leis an éisteoir agus úsáideann gothaí, dreacha agus comharthaí mar is cuí.

Aithníonn an páiste tionchar gothaí, tuin ghutha agus comharthaíocht colainne ar éisteoirí.

Oibríonn an páiste i mbeirteanna/ grúpaí agus tuairiscíonn príomhphointí plé do lucht éisteachta.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste dóthain sonraí chun cabhrú leis an éisteoir an comhthéacs a thuiscint.

Oibríonn an páiste mar bhall de ghrúpa, tuigeann ról gach duine sa ghrúpa agus glacann leis.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste smaointe ábhartha i láthair, cuireann in ord is in eagar iad agus fágann ar lár sonraí nach bhfuil riachtanach.

Déanann an páiste iarratais indíreacha bhéasacha agus úsáideann réimse téarmaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun labhairt le duine.

Bailíonn an páiste aiseolas ó dhaoine eile ina ghrúpa maidir le tionscadal grúpa ar réimse coimhthíoch agus tuairiscíonn na príomhphointí do lucht éisteachta.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste stíl éisteachta agus labhartha in oiriúint do réimse de chásanna agus  Seánra
Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí.
 í, ag úsáid gnásanna sóisialta go héifeachtach.

Aithníonn agus freagraíonn an páiste do dhifríochtaí cultúrtha agus indibhidiúla sa bhealach a ndéanann daoine cumarsáid.

Déanann an páiste cumarsáid oilte le daltaí eile chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh agus chun freagracht a roinnt i leith cruthú agus cur in iúl torthaí tionscadail nó taisc.

Idirghníomhú le lucht éisteachta le tuilleadh sonraí a shoiléiriú agus/nó a chur ar fáil de réir mar a iarrtar.

Gníomh an pháiste...

Bíonn an páiste ag cur a stíle éisteachta agus labhartha in oiriúint chun freagairt go comhbhách, do réimse de lucht éisteachta ar chúiseanna éagsúla.

Oibríonn an páiste ar bhonn comhoibrithe mar chuid den ghrúpa, aithníonn aiseolas dearfach, freagraíonn go criticiúil agus go cruthaitheach nuair a bhíonn tionscadal nó tasc á phlé agus nuair a bhíonn sé á chur in oiriúint agus á fhorbairt chun é a chur i láthair do lucht éisteachta

Cur chuige spraíúil agus Curaclam Teanga na Bunscoile

Example of student work

Struchtúr abairte agus gramadach

Sentence structure and grammar

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste úsáid as guthaíochtaí aonair mar fhreagra ar spreagthaigh.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ráite aonfhoclacha agus nascann le guthaíochtaí iad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ráite ilfhoclacha agus frásaí coitianta gearra agus úsáideann abairtí bunúsacha agus é/í ag déanamh aithrise ar dhuine nó ag rá rudaí in éineacht le duine.

Tréithe breise: Tosaíonn an páiste ar an inscne chuí a úsáid le focail aitheanta. Tosaíonn an páiste ar an aidiacht shealbhach a úsáid. Tosaíonn an páiste ar an tuiseal tabharthach agus forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i bhfrásaí aitheanta. Tosaíonn an páiste ar an gcopail a úsáid.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste abairtí iomlána bunúsacha agus labhraíonn go hinchloiste agus le friotal soiléir mar a oireann dá chéim forbraíochta.

Úsáideann an páiste nasc-fhocail le habairtí gearra a cheangal.

Críochnaíonn an páiste rainn choitianta agus déanann athrá ar rainn ghearra.

Tréithe breise: Úsáideann an páiste an inscne chuí i gcás focail aitheanta

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste abairtí níos faide leis an ord ceart focal den chuid is mó, agus úsáideann bun-  Nascaigh
Nascaigh is ea focail a nascann ailt agus abairtí le chéile go loighciúil, bunaithe ar ghaol ama, cúis agus éifeacht, comparáid nó rud a chur leis. Nascann nascaigh smaointe le chéile agus taispeánann siad loighic an eolais. Acmhainní tábhachtacha is ea nascaigh chun téacsanna a chomhtháthú. Is féidir gaolta loighciúla a ghrúpáil mar seo a leanas:
am – chun am a léiriú nó smaointe a chur in ord (m.sh. an chéad, an dara, an chéad cheann eile)
cúis – chun cúis agus éifeacht a thaispeáint (m.sh. toisc, le haghaidh, mar sin)
eolas a chur leis – (m.sh. chomh maith leis sin, freisin, rud eile de, ina theannta sin)
comparáideach – (m.sh. de rogha air sin, mar mhalairt air sin)
coinníollach / faomhach – chun coinníoll a leagan síos nó rud a ghéilleadh (m.sh. mar sin féin, cé)
ag soiléiriú – (m.sh. déanta na fírinne, mar shampla)
 , iolraí agus forainmneacha simplí.

Bíonn an séimhiú agus an t-urú le sonrú sa chaint.

Tréithe breise: Úsáideann an páiste an aidiacht shealbhach. Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach agus forainmneacha réamhfhoclacha (orm, ort, agam, agat, leis, léi etc). Úsáideann an páiste an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach in abairtí coitianta. Úsáideann an páiste an inscne chuí i gcás focail aitheanta.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach. Féincheartú ar bun.

Úsáideann an páiste réimíreanna agus forainmneacha ainmneacha agus cuspóireacha araon mar is ceart.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste aimsirí agus fuaimníonn go soiléir focail ilsiollacha.

Úsáideann an páiste réimse aidiachtaí chun mionsaothrú a dhéanamh ar an téacs.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste cáilitheoirí chun mionsaothrú a dhéanamh ar abairtí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste clásail agus cáilitheoirí chun tacú le freagraí.

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste tuiscint ar an tionchar atá ag cineálacha agus faid éagsúla abairtí nuair a bhítear ag éisteacht agus ag labhairt.

Úsáideann an páiste gramadach go héifeachtach (mar shampla, forainmneacha coibhneasta agus aidiachtaí, clásail, cáilitheoirí, modhnaitheoirí agus nascfhocail) chun smaointe simplí agus casta a chur in iúl, lena n-áirítear moladh a chur chun cinn, hipitéisiú agus ceapadh teoirice.

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste tuiscint nach bhfuil gnásanna struchtúr abairte agus gramadaí chomh daingean sa teanga labhartha (seachas scríofa) agus bíonn siad éagsúil, ag brath ar an lucht éisteachta, ar an gcúis agus ar an teanga a bhíonn á labhairt

Roghnaíonn an páiste an teanga agus na struchtúir is feiliúnaí don fheidhm, don lucht éisteachta agus don teanga a bhíonn á labhairt.

Cur chuige cumarsáideach

Example of student work

Stór focal

Vocabulary

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste spreagthaigh ainmnithe.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste daoine agus rudaí agus úsáideann gothaí cuí chun tagairt do rud, ag nascadh gníomhartha le rudaí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste focail aonair agus frásaí coitianta agus tuigeann forainmneacha agus réamhfhocail choitianta.

Tosaíonn an páiste ag cur síos ar thréithe gnáthrudaí agus, le cabhair, úsáideann focail agus frásaí ó scéal agus é á athinsint.

Tréíthe breise: Úsáideann an páiste abairtí samplacha le struchtúr cuí chun feidhm teanga a chur in iúl.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste réimse níos leithne focal aonair agus abairtí gearra simplí. Iarrann an páiste rudaí agus iarrann go ndéanfaí rud éigin arís nó go n-athrófaí an ghníomhaíocht.

Úsáideann focail cheisteacha go cuí, beannaíonn do dhaoine, fágann slán le/ag daoine agus easaontaíonn le daoine.

Tuigeann an páiste stór focal agus frásaí ó scéalta éagsúla agus ó chuntais fhíriciúla agus úsáideann na focail agus frásaí sin go cuí i gcomhthéacs.

Tréithe Breise: Tosaíonn an páiste ag úsáid sainfhocal/ sainuimhreacha le haghaidh grúpaí daoine (‘beirt’ etc).

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste ciall as focal nua trí ghothaí agus comhthéacs a úsáid agus baineann ciall ón gcomhthéacs as scéalta a éiríonn níos doimhne de réir a chéile.

Úsáideann an páiste focail nó frásaí chun tagairt do mhothúcháin.

Úsáideann an páiste focail agus frásaí a sealbhaíodh ó scéalta agus ó chuntais fhíriciúla i gcomhthéacsanna taobh amuigh díobh siúd inar sealbhaíodh i dtosach iad.

Tréithe Breise:Tosaíonn an páiste ag tabhairt faoi deara go bhfuil difríochtaí idir canúintí ó thaobh foclóra agus foghraíochta, mar shampla ceistiú nó ag déanamh aithrise.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste focail do rudaí nach bhfacthas riamh agus sealbhaítear focail úra ón gcur síos a dhéanann daoine eile orthu.

Úsáideann an páiste teanga faoi leith chun suíomh, am, ionad srl a chur in iúl agus úsáideann réimse ceistfhocal mar is cuí.

Tuigeann agus úsáideann an páiste stór focal agus frásaí ó scéalta, ó théacsanna fíriciúla agus ó thopaicí atá bunaithe ar an gcuraclam, stór atá ag méadú.

Tosaíonn ar na focail sin a úsáid i gcomhthéacsanna nua.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste stór focal atá ag dul i méid a shealbhaíonn sé/sí ó théacsanna agus míníonn an bhrí atá le focal agus le téarma a bhaineann go sonrach le topaic áirithe.

Tagraíonn an páiste d’imeachtaí sa todhchaí agus tosaíonn ag úsáid teanga fháthchiallach.

Tosaíonn an páiste ag úsáid aidiachtaí/ dobhriathra níos dúshlánaí chun rudaí a mhíniú níos fearr chomh maith le roinnt cor cainte agus meafar simplí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste focail chun ciall nach bhfuil chomh coitianta sin a chur in iúl.

Cuireann an páiste síos ar rudaí agus ar imeachtaí a tharla trí úsáid chruthaitheach a bhaint as teanga thuairisciúil.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste cora cainte agus meafair níos fáthchiallaí agus réimse cónasc dobhriathartha nach bhfuil róchoitianta.

Úsáideann an páiste focail níos casta agus nascann na focail sin le coincheapa agus le bríonna níos teibí.

Ainmníonn an páiste focail a bhfuil an chiall chéanna leo agus focail a bhfuil a mhalairt céille leo.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste straitéisí éagsúla chun stór focal nua a aimsiú, a fhoghlaim agus a shealbhú ó réimse foinsí nuair a bhíonn siad ag éisteacht agus ag labhairt.

Déanann an páiste anailís ar struchtúr, ar mhíniú, ar fhuaimniú agus ar an mbunús atá le focail ó réimsí éagsúla staidéir agus ó theangacha éagsúla agus pléann é.

Úsáideann an páiste stór focal chun éifeacht ar leith a chruthú agus iad i mbun comhrá agus ag labhairt i réimse de sheánraí ó bhéal agus ar réimse de chúiseanna agus de lucht éisteachta; ag aithint ciall litriúil agus neamhlitriúil i bhfocail, agus conas mionchéimeanna de mhíniú a chur trasna trí tuin ghutha, gothaí gnúise, srl.

Gníomh an pháiste...

Tarraingíonn an páiste ar stór focal atá aige/aici cheana chun focail agus frásaí i dteangacha éagsúla a oibriú amach.

Aithníonn agus tuigeann an páiste an luach atá le difríochtaí idir teanga shuibiachtúil agus teanga oibiachtúil agus léiríonn an tuiscint seo i gcomhráite agus nuair a bhíonn focail á roghnú le téacsa.

Aithníonn an páiste teanga a léiríonn réamhchlaonadh, steiréitíopáil nó claontacht agus aird air seo agus iad ag éisteacht agus ag labhairt.

Cur chuige cumarsáideach

Example of student work

Léiriú tuisceana

Demonstration of understanding

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste noda a úsáidtear chun tacú le treoracha agus/nó gnáthaimh.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste a ainm féin agus focail choitianta eile agus freagraíonn dóibh.

Gníomh an pháiste...

Leanann an páiste treoracha aonchéime agus léiríonn tuiscint i gcomhthéacsanna éagsúla trí iarracht a dhéanamh bheith ag déanamh aithrise ar an méid a chonaic agus a chuala sé/sí.

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste gnáthcheisteanna agus leanann treoracha a bhfuil céim amháin nó dhá chéim iontu.

Léiríonn an páiste tuiscint ar an ábhar, na carachtair agus an stór focal a bhíonn i scéalta aitheanta, agus ar chuntais fhíricúla agus próisis céim ar chéim.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le ficsean agus le neamhfhicsean a éiríonn níos casta de réir a chéile agus tosaíonn ag baint brí as comhthéacs.

Tá an páiste in ann treoracha a bhfuil trí chéim iontu a leanúint agus freagra cuí a thabhairt ar fhrásaí a úsáidtear go rialta i dtimpeallacht na scoile.

Gníomh an pháiste...

Cuireann agus freagraíonn an páiste réimse níos leithne ceisteanna agus freagraíonn do threoracha a bhfuil níos mó ná trí chéim iontu.

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste do shraith treoracha ina bhfuil clásail agus coincheapa éagsúla.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste anailís agus machnamh ar thopaic le daoine eile agus aithníonn go mbíonn a lán gnéithe i gceist.

Is féidir leis an bpáiste freagairt do shraith treoracha agus iad a thabhairt.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste anailís ar eolas sula dtugann sé/ sí freagra agus ní thugann aird ar eolas nach mbaineann le hábhar.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le comhráite agus píosaí éisteachta agus déanann anailís orthu.

Cuireann an páiste athleagan, déanann machnamh agus athmhúnlú ar an méid a chloistear, aithníonn an  Seánra
Cineál struchtúr d’abairtí ó bhéal nó d’abairtí scríofa iad seánraí a bhfuil gnásanna ag baint leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus a bhfuil leagan amach áirithe orthu, mar aon le gnéithe teanga a bhaineann le sainréim teanga, m.sh. insint, faisnéiseach, argóint, leata agus ilseánra. Lena chur ar bhealach simplí, tagraíonn seánra do rogha foirmeacha scríbhneoireachta d’fhonn rudaí a athinsint, míniú a thabhairt, siamsaíocht a chur ar fáil, daoine a chur ar an eolas, orduithe a thabhairt, insint a dhéanamh, rudaí a chur ina luí ar dhaoine agus údar a thabhairt le tuairimí.
 agus aidhm na dtéacsanna, na príomhsmaointe agus conas ar cuireadh ord orthu.

Úsáideann an páiste a bhfuil cloiste aige/aici chun bonn eolais a chur faoi chruthú a théacsanna féin.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste comparáid agus measúnú ar chomhráite agus píosaí éisteachta, ag machnamh ar thionchar na teanga, na smaointe, agus na teicnící a úsáidtear.

Baineann an páiste ciall as gnéithe atá intuigthe.

Úsáideann an páiste gnéithe aeistéitiúla teanga labhartha (mar shampla rímeanna, imeartais focal, uaim, comhshondas, maisíochtaí fuaime, ceol) ina gcomhráite agus téacsanna féin.

Cur chuige cumarsáideach

Example of student work

Iarratais, ceisteanna agus idirghníomhuithe

Requests and questions

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste in iúl céard is maith agus nach maith leo, céard atá sé/sí a iarraidh agus céard iad a gcuid riachtanas.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste urlabhra, fuaimeanna agus/nó gothaí chun tosaíochtaí a léiriú, roghanna a dhéanamh agus iarratais a dhéanamh.

Taispeánann an páiste go soiléir na rudaí atá uaidh agus diúltaíonn do na rudaí nach bhfuil uaidh.

Freagraíonn an páiste gnáthcheist go briathartha agus/nó go neamhbhriathartha.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste roghanna agus iarratais shimplí agus cuireann ceisteanna simplí.

Iarrann an páiste rudaí agus imeachtaí go briathartha agus déanann soiléir roghanna dá chuid féin, ag iarraidh go ndéanfaí rud arís, go n-athrófaí rudaí nó go n-athrófaí imeachtaí.

Gníomh an pháiste...

Le tacaíocht, téann an páiste i gcomhairle le duine fásta anaithnid chun eolas a thabhairt nó a lorg nó chun eachtra a thabhairt chun cuimhne.

Cuireann agus freagraíonn an páiste gnáthcheisteanna.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste ceisteanna chun smaointe nó gníomhartha daoine eile a shoiléiriú, agus chun eolas nua agus cabhair a fháil.

Úsáideann an páiste abairtí iomlána chun riachtanais phearsanta a chur in iúl agus cuireann agus freagraíonn ceisteanna tuairimeacha agus baineann tátail astu dá bharr.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga go muiníneach chun tagairt dá gcuid smaointe féin agus do smaointe duine eile.

Úsáideann an páiste  Ceisteanna oscailte
Ceisteanna d’ord níos airde is ea ceisteanna oscailte a éilíonn ar an bhfreagróir smaoineamh fúthu agus machnamh a dhéanamh orthu. Ní féidir freagra ‘is ea’ nó ‘ní hea’ a thabhairt ar na ceisteanna seo, is é a theastaíonn freagra níos forbartha a chuireann eolas agus/nó braistintí an fhreagróra san áireamh.
 agus dúnta agus luann cúiseanna le hiarratais phearsanta.

Gníomh an pháiste...

Cuireann agus freagraíonn an páiste ceisteanna faoina nuacht féin agus eolas atá acu agus tugann míniú níos fearr ar na cúiseanna atá le hiarratais phearsanta.

Gníomh an pháiste...

Míníonn an páiste a chuid freagraí.

Gníomh an pháiste...

Ceistíonn an páiste eolas nua a chuirtear i láthair agus cosnaíonn a seasamh agus déanann cás ar son riachtanas nó achainí phearsanta.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste anailís ar riachtanais, tuairimí agus roghanna pearsanta agus cuireann in iúl go soiléir iad. San am céanna, tá sé/sí sásta éisteacht le dearcthaí eile, dearcthaí atá ag cultúir eile san áireamh.

Scrúdaíonn agus pléann an páiste cineálacha éagsúla ceisteanna; aithníonn go gcuirtear ceisteanna ar réimse slite agus cuireann a gceistiú féin in oiriúint dá gcúis féin.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh ar a riachtanais, tuairimí agus roghanna agus réamhchlaonta pearsanta ag measúnú agus ag coigeartú a ndearcaidh más gá.

Déanann an páiste anailís agus léirmhíniú ar a cheisteanna féin agus ar cheisteanna daoine eile, chun bonn eolais a chur faoi thuilleadh ceisteanna agus freagairtí.

Múnlaíonn an páiste ceisteanna go héifeachtach agus cuireann iad ag an am cuí, chun cúis shoiléar a bhaint amach.

  • Cur chuige spraíúil agus Curaclam Teanga na Bunscoile

    Example of student work

  • Cur chuige cumarsáideach

    Example of student work

Catagóiriú

Categorisation

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste rogha nithe ar grúpa iad.

Gníomh an pháiste...

Díríonn an páiste aird ar bhréagáin agus ar ghnáthrudaí aitheanta.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste ainm ar bhréagáin agus ar ghnáthrudaí aitheanta.

Gníomh an pháiste...

Rangaíonn an páiste rudaí aitheanta sa timpeallacht.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste catagóiriú ar réimse rudaí.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste cúiseanna le ballraíocht ruda i gcatagóir áirithe.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste cúiseanna le rud amháin a bheith i gcatagóir áirithe agus rud eile gan a bheith sa chatagóir sin.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste síos ar, agus déanann catagóiriú ar, rudaí agus imeachtaí nach bhfuil aon chur amach aige orthu agus é/í ag úsáid teanga a oireann don topaic chun an catagóiriú a mhíniú.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste síos ar, agus déanann catagóiriú ar, rudaí, imeachtaí agus taithí nach bhfuil cur amach aige air,

Míníonn an bhrí atá leo agus léiríonn eolas ar thopaic nó ar ábhar nach bhfuil taithí aige air.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste anailís ar conas agus cad chuige a gcruthaítear catagóirí agus tugann míniú air.

Úsáideann an páiste catagóirí trasna an churaclaim (mar shampla, maidir le stór focal agus coincheapa matamaitice) chun a smaointeoireacht a eagrú agus chun cosúlachtaí agus difríochtaí a aithint agus a chur in iúl.

Gníomh an pháiste...

Athchruthaíonn an páiste catagóirí ag brath ar eolas nua, ag déanamh meastóireacht ar agus ag cosaint a gcatagóirí nua.

Athinsint agus mionléiriú

Retelling and elaboration

Gníomh an pháiste...

Glacann an páiste páirt i ngníomhaíochtaí seanchais.

Gníomh an pháiste...

Le cabhair, úsáideann an páiste guth, fuaim gothaí agus frapaí chun dul i bpáirt leis an duine fásta ag canadh amhrán,ag aithris rann, ag athinsint scéalta, ag tabhairt cuntas, ag cur tús le comhráite agus ag cur rudaí agus nuachta i láthair.

Gníomh an pháiste...

Le cabhair, roinneann an páiste scéal, gníomhaíocht nó imeacht pearsanta aithnidiúil, ag úsáid focail aonair nó a lán focal.

Gníomh an pháiste...

Malartaíonn eolas ar eispéireas i bpáirt.

Le cabhair, aithníonn an páiste príomhcharachtair agus cuireann na príomhphointí i scéal in ord.

Cuireann an páiste scéal le chéile bunaithe ar thaithí agus, le tacaíocht, insíonn ó bhéal do ghrúpa é.

Tugann an páiste cuntas óna thaithí féin agus cuireann suas le trí phríomheachtra in ord.

Gníomh an pháiste...

Athinsíonn an páiste príomhphointí eachtra aonair nó comhrá do lucht éisteachta a bpiaraí ag úsáid struchtúr soiléir.

Cumann an páiste scéal gearr ina sainíonn sé/sí príomhcharachtair agus príomhimeachtaí agus insíonn sé/sí príomhphointí a chuid nuachta féin.

Athinsíonn an páiste scéal aitheanta ag cur príomhimeachtaí in ord.

Míníonn an páiste cuntas fíriciúil óna thaithí féin do ghrúpa, cuireann topaic i láthair, leagann amach próisis agus cuireann síos orthu.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste imeachtaí a nuachta féin san ord ceart agus freagraíonn ceisteanna fúithi.

Ainmníonn an páiste fadhb, cuireann síos uirthi, tugann na príomhshonraí agus tugann réitigh a d’fhéadfadh bheith ar an bhfadhb.

Athinsíonn an páiste réimse níos leithne imeachtaí san am atá thart, san am i láthair agus sa todhchaí agus tuarann torthaí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste níos mó plotaí scéil.

Athinsíonn an páiste scéalta, ag míniú eachtraí agus torthaí, ag cur síos ar charachtair agus ag aithint fadhbanna agus ag tuar réiteach.

Tosaíonn an páiste ag cur imeachtaí in ord ag dul siar agus chun cinn.

Cuireann an páiste síos ar nuacht agus ar imeachtaí, ag tabhairt tuilleadh mionsonraí chun go dtuigfeadh an t-éisteoir níos fearr.

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste struchtúr soiléir i bplotaí scéil ina bhfuil tús, fadhb, plean agus réiteach.

Úsáideann an páiste tagairtí siar agus chun cinn chun tuilleadh sonraí a thabhairt ar phointí atá déanta.

Gníomh an pháiste...

Ceapann an páiste scéalta fada, a bhfuil go leor sonraí iontu, ar choincheapa agus ar imeachtaí éagsúla.

Athinsíonn an páiste scéalta agus é/í ag úsáid theanga an téacs: luann an teideal, ainmníonn agus cuireann síos ar charachtair, cuireann eachtraí in ord,

Míníonn eachtraí agus torthaí, déanann cur síos ar fhadhbanna agus molann réitigh, tuarann torthaí agus aithníonn agus pléann an ceacht atá le baint as an scéal.

Gníomh an pháiste...

Cruthaíonn an páiste scéalta suimiúla ó bhéal, ag úsáid teanga shamhlaíoch, mheafarach.

Tugann an páiste tuilleadh sonraí, ag úsáid teanga chuí, seicheamhú, réim, tuin chainte, luas, gothaí, comharthaíocht choirp agus íomhánna.

Breathnaíonn agus éisteann an páiste go haireach chun scéalta agus eachtraí casta a athinsint, chun go mbeadh an lucht éisteachta ag cur spéise iontu agus ag baint eolais astu.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste a stíl scéalaíochta ó bhéal agus stíl daoine eile agus déanann machnamh orthu, ag aithint thionchar an chultúir agus na féiniúlachta ar an nós scéalaíochta.

Déanann an páiste anailís ar scéalta agus ar eachtraí, bailíonn iad agus athinsíonn go spontáineach iad, á leasú agus/nó ag tabhairt tuilleadh sonraí ar chúis ar leith.

Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Playful and creative use of language

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le rainn agus le hamhráin a bhfuil taithí acu orthu agus tugann aird orthu.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le rainn agus le hamhráin aitheanta agus tugann aird orthu.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le rainn, le hamhráin agus le cluichí teanga agus glacann páirt iontu.

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste d’fhilíocht, rainn agus amhráin trí ghothaí, gníomh agus frapaí.

Déanann an páiste idirdhealú idir focail gan bhrí agus fíorfhocail agus baineann spraoi astu.

Úsáideann an páiste teanga i súgradh bréagach chun cnámha scéil simplí samhailteacha a chruthú le piaraí agus le daoine fásta.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga go spraíúil agus go cruthaitheach, ag soláthar deirí difriúla do rainn agus an rím á coimeád slán acu.

Úsáideann an páiste teanga ó thaithí agus ó théacsanna i súgradh bréagach chun ócáidí samhailteacha mionsaothraithe a chruthú.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste stór focal atá ag fás agus úsáideann é sin go samhlaíoch i dtéacsanna ó bhéal.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste roinnt sainfhocal agus sainfhrásaí chun smaoineamh a roinnt ar bhealach faoi leith, ag tarraingt ar réimse eispéireas agus téacsanna.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga chruthaitheach nó shamhailteach le haghaidh brí nó mothúchán ar leith, ag tarraingt ar réimse eispéireas agus téacsanna.

Tosaíonn an páiste ag úsáid teanga fháthchiallach chun mionsonraí a chur isteach.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste stór focal éagsúil ó fhoinsí éagsúla chun smaointe a leathnú agus níos mó mionsonraí agus éifeachta a chur leo.

Úsáideann an páiste teanga fháthchiallach ionas go mbeadh tionchar ar leith ag téacs ó bhéal ar éisteoir.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste gnéithe aeistéitiúla de chluasteanga agus teanga mheafarach agus bíonn ag súgradh leo (mar shampla rabhlóga, rímeanna, imeartais focal, uaim, comhshondas, onamataipé, ceol agus amhráin, maisíochtaí fuaime, samhlacha, meafair) ar son pléisiúir, spéise agus chun a gcomhráite agus téacsanna féin a shaibhriú.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn an páiste gnéithe aeistéitiúla agus cruthaitheacha de theanga, ag ceapadh fuaimeanna, focal agus téacsanna nua.

Eolas, míniú agus údar a thabhairt

Information giving, explaination and justification

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste in iúl go leanúnach céard is maith agus nach maith leo, céard atá sé/sí a iarraidh agus céard iad a gcuid riachtanas.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste rudaí tagartha chun tuiscint a léiriú agus chun brí a roinnt, agus cuireann leis an mbrí trí nasc a dhéanamh le rudaí tagartha.

Gníomh an pháiste...

Insíonn an páiste a bhfuil ar siúl aige agus ainmníonn agus cuireann síos ar dhaoine, ar bhréagáin agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil cur amach aige orthu.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste cur síos nó míniú ar rud nó ar dhuine atá le feiceáil.

Agus é/í ag athinsint scéil atá cloiste aige cheana le tacaíocht ó dhuine fásta.

Úsáideann an páiste teanga nach mbaineann leis an gcomhthéacs reatha chun míniú a thabhairt, cur síos ar fhadhbanna agus bealaí chun na fadhbanna sin a réiteach a mholadh.

Gníomh an pháiste...

Ainmníonn an páiste rudaí, daoine, imeachtaí, coincheapa agus ábhair aitheanta, míníonn iad, cuireann síos orthu agus tugann príomhphointí nó príomhfheidhmeanna.

Úsáideann an páiste teanga a oireann don topaic chun míniú a thabhairt ar an gcaoi le súgradh a dhéanamh, tógáil, próiseas a sheoladh, cluiche a imirt nó súgradh le bréagán a oibriú.

Tugann an páiste míniúcháin agus údair ghearra lena chuid tuairimí nó freagraí ina léirítear a indibhidiúlacht agus a ghuth.

Gníomh an pháiste...

Míníonn an páiste ábhar nó imeacht stairiúil, ag léiriú an phríomhsmaoinimh agus smaointe na dtríú páirtithe.

Taispeánann an páiste níos mó neamhspleáchais agus iad ag cur topaicí i láthair an ranga, ag úsáid modh cuí agus teanga atá sainiúil don topaic.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste a chuid smaointe in iúl agus déanann machnamh orthu agus ar smaointe tríú páirtithe.

Tugann an páiste míniú ar ábhar a léiríonn an príomhsmaoineamh, déanann léirmhíniú ar eolas agus baineann tátal as.

Ainmníonn an páiste fadhb, cuireann síos uirthi, tugann míniú níos fearr uirthi agus cuireann réiteach ar fáil.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste léirmhíniú ar fhaisnéis nua, baineann tátail aisti agus ceanglaíonn faisnéis le taithí atá aige cheana féin.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga a oireann don topaic chun míniú a thabhairt agus cur síos soiléir a dhéanamh, ag cur na bpríomhimeachtaí in ord agus ag úsáid tagairtí siar is chun cinn le haghaidh soiléirithe.

Tugann an páiste tuairim ar imeacht áirithe agus tugann údar leis an tuairim sin.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le teanga agus eolas, déanann anailís orthu agus roghnaíonn iad le dearcthaí ar ábhar a chur in iúl.

Cosnaíonn an páiste a dhearcadh agus tuairimí bunaithe ar fhianaise agus ar thaithí phearsanta.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le moltaí éagsúla faoi ábhair chasta, léirmhíníonn iad agus déanann machnamh orthu.

Measúnaíonn an páiste a thuairimí, déanann athbhreithniú orthu agus athdhearbhaíonn iad de réir mar is cuí.

Cur síos, tuar agus machnamh

Description, prediction and reflection

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste é nuair atá gníomh/imeacht ag tosú agus/nó ag críochnú.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste rudaí tagartha chun gníomhaíochtaí atá críochnaithe a chur in iúl, cuireann in iúl céard é an chéad rud eile ba mhaith leis a dhéanamh agus cé na hábhair a bheidh ag teastáil.

Gníomh an pháiste...

Insíonn an páiste a bhfuil ar bun aige agus ainmníonn agus cuireann síos ar dhaoine aitheanta.

Tugann an páiste chun cuimhne/cuireann sé/sí síos do dhaoine eile sa ghrúpa ar rud éigin a rinne sé/sí sa rang.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste fadhb agus tosaíonn ag úsáid teanga chun a chuid smaointe féin a chur in iúl agus chun feasacht ar smaointe daoine eile a léiriú.

Gníomh an pháiste...

Agus scéal aitheanta á insint acu, déanann an páiste léirmhíniú ar iompraíocht agus déanann tuairimíocht faoi ábhair spreagtha na gcarachtar.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga go muiníneach chun tagairt dá smaointe féin agus do smaointe tríú páirtithe.

Tugann an páiste cur síos agus míniú ar phríomhphointí gníomhartha agus eachtraí fíora agus samhailteacha.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste plé agus machnamh ar ghníomhartha agus eachtraí fíora agus samhailteacha agus tugann míniú níos fearr ar thorthaí tuartha féideartha.

Gníomh an pháiste...

Míníonn an páiste fadhbanna agus réitigh agus tugann cúiseanna le torthaí tuartha.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh ar a nuacht féin agus tuarann imeachtaí atá le teacht ón bhfianaise a chuireann imeachtaí san am atá thart ar fáil.

Tugann an páiste roinnt torthaí tuartha agus míníonn gach ceann acu.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste a mhothúcháin, eispéiris agus gníomhartha féin agus mothúcháin, eispéiris agus gníomhartha daoine eile go comhbhách, mar is cuí.

Cuireann an páiste síos ar thorthaí féideartha, idir realaíoch agus samhlaíoch, eispéiris agus imeachtaí, agus tuarann iad.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh agus measúnú ar a mhothúcháin, eispéiris agus gníomhartha féin agus ar mhothúcháin, eispéiris agus gníomhartha daoine eile, idir fhíor agus samhlaíoch.

Cur chuige spraíúil agus Curaclam Teanga na Bunscoile

Example of student work

Successfully added to the clipboard.