Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Léitheoireacht

Fáilte go dtí torthaí foghlama Churaclam Teanga na Bunscoile.

Anseo is féidir leat na torthaí foghlama a úsáid trí shnáithe (Teanga Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Oral Language, Reading, Writing) ag baint úsáide as an roghchlár ar chlé.

Sna táblaí thíos, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an lipéad torthaí foghlama ábhartha le feiceáil nuair a bhíonn tú ag sciorradh ar uimhir cluaisíní. Nuair a chliceálann tú ar an táb torthaí foghlama ábhartha, dealraíonn sé leis na Samplaí d'Fhoghlaim Teanga na bPáistí,Contanaim Dul chun Cinn agus Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí.

  • Cumarsáid
  • Tuiscint
  • Fiosrú agus úsáid

Rannpháirtíocht Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Aird a thabhairt, páirt a ghlacadh i léitheoireacht agus sult a bhaint as a bheith ag éisteacht léi. Labhairt faoi bhrí agus faoi léirmhíniú focal scríofa agus léaráidí le daoine, iad féin a aithint mar léitheoirí.

Téacsanna  i dteangacha éagsúla a iniúchadh.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

A spéis agus a shásamh sa litríocht agus sa léitheoireacht i réimse seánraí trasna an churaclaim a fhorbairt.

Dul i ngleic le téacsanna atá níos casta agus téacsanna  i dteangacha eile a fhiosrú.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le réimse ábhair léitheoireachta agus tugann aird air.

Gníomh an pháiste...

Is fearr leis an bpáiste ábhar léitheoireachta ar leith

Gníomh an pháiste...

Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, labhraíonn sé/sí faoi léaráidí agus léann i suíomhanna súgartha.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, aithníonn sé/ sí mionsonraí i léaráidí agus comhroinneann a léirmhíniú orthu sin.

Úsáideann léitheoireacht a bhfuil níos mó cuspóra léi i suíomhanna súgartha.

Gníomh an pháiste...

Ina aonar agus i gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag éisteacht le réimse seánraí, á léamh agus á bhfiosrú, agus comhroinneann sé/sí a léirmhíniú ar bhrí atá le fáil i léaráidí agus i dtéacs araon.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste réimse níos leithne seánraí a fhiosrú agus úsáideann sé/sí léaráidí agus téacs chun tuair a chomhroinnt agus chun brí a chur in iúl.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste téacs agus léaráidí a léirmhíniú agus comhroinneann sé/sí iad sin le linn dó bheith ag éisteacht le léirmhíniú daoine eile agus á cheistiú.

Gníomh an pháiste...

I gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste téacsanna a mheas de thairbhe spéise agus eolais, sainmhíníonn, léirmhíníonn agus coimríonn sé/sí teachtaireachtaí príomha i dtéacs agus comhroinneann iad sin.

Gníomh an pháiste...

Léirmhíníonn an páiste intinn an údair trí léaráidí agus focail scríofa, comhroinneann na léirmhínithe sin agus cosnaíonn a thuairim.

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste ciall as téacsanna pléann sé iad, agus tugann sé údar lena chuid tuairimí faoi na téacsanna sin.

Fiosraíonn agus pléann an páiste na cuspóirí a bhíonn le téacsanna agus an chaoi a mbaineann daoine taitneamh as a bheith ag léamh

Gníomh an pháiste...

Bíonn cur agus cúiteamh ag an bpáiste le daoine eile faoi réimse éagsúla théacsanna

Déanann an páiste machnamh criticiúil ar an gcaoi a dtéann sé féin i ngleic le téacsanna

Pléann sé a ról mar léitheoir agus déanann sé measúnú ar an ról sin.

Inspreagadh agus rogha Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Téacsanna i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla a roghnú, a léamh agus cumarsáid a dhéanamh ina dtaobh, ar mhaithe le pléisiúr agus le spéis.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Téacsanna a roghnú, a léamh agus a phlé i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúlaar mhaithe le pléisiúr, cuspóirí ar leith agus spéis.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Téacsanna i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla trasna an churaclaim a roghnú ar mhaithe le pléisiúr, spéis, agus cuspóirí ar leith. Léirmheas criticiúil a dhéanamh ar na téacsanna  sin.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Is fearr leis an bpáiste ábhar léitheoireachta ar leith.

Gníomh an pháiste...

Piocann an páiste suas leabhair, breathnaíonn orthu agus roghnaíonn na cinn is fearr leis.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste agus téann i ngleic le téacsanna go neamhspleách agus le daoine eile, ar mhaithe le sult agus le spéis.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste na leabhair is fearr leis as réimse seánraí, baineann taitneamh astu agus cuireann na cinn is fearr leis in iúl.

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste go follasach na cúiseanna atá taobh thiar de na leabhair a roghnaigh siad.

Gníomh an pháiste...

Is féidir leis an bpáiste leabhair a bhfuil spéis aige iontu, agus atá sé/ sí ábalta a léamh, a aithint agus a roghnú.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste leabhair ó réimse seánraí, sainíonn an seánra◊ nó an cineál leabhair is fearr leis agus comhroinneann na cúiseanna atá taobh thiar de na roghanna sin.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag comhroinnt taithí le téacsanna a bhfuil spéis aige iontu le daoine eile agus úsáideann sé/ sí príomhphointí as téacsanna le haghaidh cuspóir ar leith.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste téacsanna agus téann i ngleic leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith. Déanann measúnú ar théacsanna agus cuspóir/tionscadal ar intinn acu.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste téacsanna a bhfuil suim aige iontu, atá feiliúnach dá leibhéal léitheoireachta, agus ar mhaithe le cuspóirí ar leith

Aithníonn agus ainmníonn an páiste téacsanna a chuirfidh lena chuid scileanna agus a thaithí léitheoireachta.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar na cinntí a rinne sé chun téacs a roghnú ar mhaithe lena chuid suimeanna féin nó ar mhaithe le cuspóir ar leith.

Roghnaíonn an páiste téacsanna chun cur lena chuid foghlama trasna an churaclaim agus déanann sé measúnú ar na téacsanna sin

Gnásanna cló agus struchtúr abairte Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Gnásanna bunúsacha an chló a aithint agus a úsáid.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Gnásanna an chló agus struchtúr abairte a úsáid mar chabhair chun brí a bhaint as téacs.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Comparáid a dhéanamh idir gnásanna cló i dtéacsanna atá níos casta agus anailís a dhéanamh orthu.

Anailís a dhéanamh ar struchtúr abairte i dtéacsanna, lena n-áirítear abairtí simplí, abairtí comhshuite, agus abairtí casta.

Comparáid a dhéanamh idir struchtúr abairte agus téacsanna i dteangacha éagsúla.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste leabhair agus taispeánann scileanna láimhseála leabhar.

Gníomh an pháiste...

Tuigeann an páiste go mbaineann brí le cló, cosúil le comharthaí, lógónna, pictiúir agus focail.

Gníomh an pháiste...

Tuigeann an páiste go mbaineann brí le léaráidí i leabhair.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste litreacha a bheith difriúil le siombailí eile agus léann ó chlé go deas, ó bhun go barr, leathanach ar leathanach agus aithníonn pictiúir i leabhair

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste go bhfuil comhfhreagairt aon le haon idir focail scríofa agus focail labhartha, aithníonn litreacha, focail, abairtí, ceannlitreacha agus lánstadanna agus taispeánann clúdach, teideal agus údar leabhair.

Tréithe Breise - Gaeilge:Aithníonn an páiste go bhfuil síntí fada sa Ghaeilge a léiríonn fad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ord ceart na bhfocal agus é/í ag léamh agus cloíonn le lánstadanna chun a gcuid léitheoireachta a phoncú.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste spásanna agus comharthaí ceiste chun léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti

Tréithe Breise - Gaeilge:Aithníonn an páiste go n-athraíonn focail i gcomhthéacs gramadaí sa Ghaeilge agus léiríonn/léann na hathruithe sin.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste comharthaí athfhriotail agus comharthaí uaillbhreasa chun an léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste camóga agus paragraif chun an léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti.

Gníomh an pháiste...

Ainmníonn, aithníonn agus úsáideann an páiste réimse gnásanna cló i gcomhthéacs (lena n-áirítear idirstad, leathstad, dais, fleiscín, srl.)

Fiosraíonn agus pléann an páiste struchtúr abairte (abairtí simplí, comhshuite, agus casta san áireamh) agus gnásanna cló i dtéacsanna atá i nGaeilge agus i mBéarla

Gníomh an pháiste...

Ainmníonn an páiste réimse leathan gnásanna cló, déanann sé cur síos orthu, agus pléann sé a gcuspóir.

Déanann an páiste measúnú ar an tionchar a bhíonn ag struchtúr abairte agus gnásanna cló ar an mbrí agus tusicint a bhaineann léitheoirí as téacs.

Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Súgradh le fuaimeanna agus iad a aithint agus a ionramháil, e.g., siollaí, rím, túsfhoghair agus foghair dheiridh agus fóinéimí i bhfocail labhartha.

Fuaimeanna i bhfocail atá i dtéacsanna Gaeilge, Béarla agus i dteangacha eile a aithint.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Comparáid a dhéanamh idir fuaimeanna agus pátrúin i bhfocail i seánraí éagsúla trasna an churaclaim.

Fuaimeanna i bhfocail atá i dtéacsanna Gaeilge, Béarla agus i dteangacha eile a aithint agus comparáid a dhéanamh eatarthu.

Canúintí agus blasanna i dtéacsanna a aithint agus a phlé.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste d’fhuaimeanna, do rainn agus d’amhráin a bhfuil taithí acu orthu.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste fuaimeanna aitheanta agus taitníonn sé leo a bheith ag éisteacht le rainn do pháistí agus á n-aithris in éineacht le daoine eile.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag comhlánú línte atá ar iarraidh as rainn do pháistí agus aithníonn fuaimeanna litreacha aitheanta.

Tugann an páiste aird ar rím agus ar rithim. Aithníonn an páiste focail mar aonaid fuaime laistigh d’abairtí. Léiríonn an páiste ábaltacht rithim a bhualadh amach.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus gineann an páiste focail ríme agus aithníonn túsfhoghar agus foghar deiridh. Déanann an páiste idirdhealú idir dhá fhuaim ó bhéal.

Léiríonn an páiste tuiscint ar athruithe ar fhuaimeanna i bhfocail

Tréithe Breise - Gaeilge:Eolas ar rím a úsáid le léirithe éagsúla den fhuaim chéanna (foirmeacha malartacha den fhuaim) a léamh ag deireadh focal (í/ aí/uí).

Tuiscint a léiriú ar athruithe ar fhuaimeanna i bhfocail, i.e., séimhiú agus urú

Gníomh an pháiste...

Cumascann an páiste túsfhoghar agus foghar deiridh agus comhaireann, deighleann, fuaimníonn agus cumascann siollaí i bhfocail labhartha.

Aithníonn an páiste fuaimeanna tosaigh, meánacha agus deiridh i bhfocail a bhfuil trí fhóinéim iontu agus deighleann agus cumascann focail labhartha a bhfuil dhá, trí, ceithre agus cúig fhóinéim iontu

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste focail ina dtúsfhoghar agus foghar deiridh agus athdhéanann patrúin agus grúpaí coiteanna litreacha.

Deighleann an páiste focail labhartha aon siolla agus ilsiollacha go briathartha ina bhfoghair aonair.

Scriosann an páiste fuaimeanna aonair agus cuireann fuaimeanna nua isteach chun focail nua a dhéanamh. Aithníonn an páiste patrúin fuaimeanna consan/ gutaí i siollaí na bhfocal labhartha.

Tréithe Breise - Gaeilge:Aithníonn an páiste patrúin i siollaí na bhfocal, gutaí ag aontú sna siollaí – caol/leathan.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste siollaí i bhfocail nua a chloiseann sé/sí chun deighilt agus cumasc a dhéanamh.

Aithníonn an páiste gur ann do thaoilitreacha i bhfocail áirithe nach bhfuaimnítear sa chaint.

Tréithe Breise - Gaeilge:Eolas ar rím a úsáid le réimse níos leithne de na léirithe éagsúla den fhuaim chéanna.

Aithníonn an páiste focail ina bhfuil consain chaola agus leathana sna siollaí le muinín.

Gníomh an pháiste...

Briseann an páiste focail nua ina siollaí le muinín

Aithníonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i bhfocail i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad.

Gníomh an pháiste...

Briseann an páiste focail nua ina siollaí agus úsáideann eolas ar chonsain agus ar ghutaí chun iad a aithint agus a chumasc ó bhéal.

Aithníonn an páiste patrúin i bhfocail labhartha agus úsáideann eolas ar fhocail atá aitheanta le focail nua a dheighilt agus a chumasc

Tréithe Breise - Gaeilge:Briseann an páiste focail nua ina siollaí agus úsáideann eolas ar chonsain chaola/leathana,léirithe éagsúla de ghutaí agus de chonsain leis na focail nua a aithint agus a úsáid trí ghéaréisteacht.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar phatrúin agus ar fhuaimeanna chun focail in ábhair éagsúla a dhéanamh amach

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i réimse níos leithne d’fhocail i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad.

Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar fhuaimeanna agus ar phatrúin chun focail i dtéacsanna atá bunaithe ar ábhair nó topaic ar leith, a dhéanamh amach.

Fónaic, aithint focal, agus staidéar ar fhocail Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Gach litir i gcás íochtair agus i gcás uachtair ó aibítir na Gaeilge a aithint, a ainmniú agus a fhuaimniú chomh maith le patrúin choitianta litreacha.

Roinnt straitéisí aitheanta focal a úsáid agus iad ag léamh téacsanna teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách.

  • Aistriúchán Icon

Feasacht fóineolaíochta agus réimse de straitéisí aitheanta focal a úsáid go solúbtha agus go muiníneach agus iad ag léamh téacsanna teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách.

Tuiscint a léiriú ar an difríocht idir fuaimniú na bhfocal sa chaint agus an leagan scríofa agus an tuiscint sin a chur i bhfeidhm ina gcuid léitheoireachta agus foghraíocht cheart na Gaeilge a úsáid.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Réimse de straitéisí aitheanta focal a úsáid go solúbtha agus go muiníneach agus iad ag léamh téacsanna teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách trasna an churaclaim.

Leas a bhaint as teanga(cha) atá ar a thoil acu chun brí a bhaint as téacs i dteanga(cha) eile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt comharthaí, siombailí agus focal.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt litreacha óna ainm féin agus aithníonn roinnt focal agus lógónna atá sa timpeallacht bunaithe ar a gcruth.

Léirmhíníonn an páiste comharthaí agus siombailí thart timpeall air nach litreacha iad.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus ainmníonn an páiste litreacha aitheanta cosúil leo sin ina ainm féin agus sa timpeallacht agus aithníonn roinnt focal pearsanta chomh maith le focail aitheanta eile.

Nascann an páiste comharthaí nó ainmneacha clóite a bhfuil taithí aige orthu le rudaí nó le daoine.

Aithníonn an páiste roinnt cosúlachtaí agus difríochtaí idir péire pictiúr/ rudaí.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn, ainmníonn agus fuaimníonn an páiste roinnt litreacha sa chás íochtair agus sa chás uachtair, agus tosaíonn ar fhóinéimí a chumasc.

Aithníonn an páiste roinnt focal ardmhinicíochta i gcomhthéacsanna aitheanta agus úsáideann litir nó dhó, go minic an chéad cheann agus an ceann deiridh, chun focail eile a aithint

Úsáideann an páiste ciúnna pictiúrtha chun roinnt focal a léamh.

Tréithe Breise – Gaeilge:Tosaíonn an páiste ag ceangal litreach/ litreacha (graiféimí) le fuaim - ag díriú ar an litriú simplí/ coitianta i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge, ag brath ar chanúintí.

Tosaíonn an páiste ag aithint gutaí fada agus gutaí gairide. Tosaíonn an páiste ag aithint consain chaola ó chonsain leathana.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus fuaimníonn an páiste gach litir sa chás íochtair agus sa chás uachtair,

aithníonn fuaimeanna gutaí gearra agus fada, cumascann fóinéimí agus aithníonn roinnt patrún coiteann litreacha i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge.

Léann an páiste réimse focal ardmhinicíochta agus léann abairtí gearra simplí. Úsáideann an páiste ciúnna ó phictiúir agus ó abairtí chun léamh.

Tréithe Breise – Gaeilge:Tosaíonn an páiste ag comhcheangal litrithe malartacha leis na bunfhuaimeanna Gaeilge. Déanann an páiste idirdhealú idir gutaí fada agus gutaí gairide

Aithníonn an páiste consain chaola ó chonsain leathana i gcomhthéacs focal.

Aithníonn an páiste roinnt focal ina bhfuil guta cúnta. Úsáideann an páiste ciúnna óna theanga

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt déghraf agus carnchonsan agus léann focail ina bhfuil fuaimeanna gutaí fada agus gutaí gearra.

Úsáideann an páiste a chuid eolais ar fhuaimeanna, amharcfhocail, patrúin litreacha agus ciúnna ón téacs mórthimpeall

focail a léamh agus úsáideann roinnt straitéisí chun focail a aithint le níos mó muiníne.

Tosaíonn an páiste ag déanamh idirdhealú idir gaolta litreacha le fuaim in T1 agus T2.

Tréithe Breise – Gaeilge:Leanann an páiste ar aghaidh ag comhcheangal le muinín tuilleadh litrithe malartacha leis na bunfhuaimeanna Gaeilge – défhoghair, críoch, briathra srl. san áireamh

Aimsíonn an páiste agus rangaíonn samplaí de litrithe malartacha trí fhiosrú i leabhair chuí go neamhspleách.

Gníomh an pháiste...

Scriosann, cuireann isteach agus ionadaíonn an páiste litreacha chun focail a chruthú agus a aithint;

aithníonn focail chosúla ó mheascáin dhifriúla litreacha agus léann réimse focal a bhfuil déghraif agus patrúin litreacha iontu agus roinnt a bhfuil déghraif consan agus gutaí iontu.

Úsáideann an páiste a chuid eolais ar shiollaí, réamheolas agus ciúnna ón gcomhthéacs chun focail a léamh agus úsáideann réimse níos mó straitéisí chun focail a aithint go muiníneach.

Aithníonn an páiste cosúlachtaí idir gaolta litreacha le fuaim in T1 agus T2.

Tréithe Breise – Gaeilge:Léann an páiste déghraif, patrúin litreacha agus déghraif consan agus gutaí a bhíonn ag éirí níos dúshlánaí agus úsáideann scileanna fóineolaíocha go solúbtha.

Aithníonn an páiste an comhcheangal ‘fuaim/litriú’ i gcás roinnt de na consain shéimhithe (m.sh, th), na consain uraithe (m.sh. gc, mb), na consain dhúbailte (m.sh. nn, ll)

Gníomh an pháiste...

Léann an páiste déghraif, patrúin litreacha, agus déghraif consan agus gutaí a bhíonn ag éirí níos dúshlánaí agus úsáideann scileanna fóineolaíocha go solúbtha.

Úsáideann an páiste réimse straitéisí go solúbtha agus go muiníneach chun focail a aithint.

Aithníonn an páiste roinnt difríochtaí idir goalta litreacha le fuaim T1 agus T2.

Tréithe Breise – Gaeilge:Léann an páiste focail aitheanta eile le gutaí cúnta agus fuaim sa bhreis.

Léann an páiste focail ina bhfuil consain chaola agus leathana sna siollaí le muinín.

Úsáideann an páiste eolas ar chomhréir na Gaeilge agus ar a theanga labhartha féin chun focail a aithint.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste a chuid eolais ar sheichimh litreacha, déghraif, fréamhfhocail, siollaí, taoilitreacha, réimíreanna agus iarmhíreanna chun réimse níos leithne focal a aithint.

Aithníonn an páiste gaolta in T1 agus T2.

Tréithe Breise – Gaeilge:Aithníonn agus léann an páiste roinnt focal ó chanúintí eile agus pléann roinnt difríochtaí foghraíochta idir canúintí.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste cosúlachtaí idir stór focal i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile

Fiosraíonn agus pléann an páiste an bunús atá le focail i réimse ábhar.

Tréithe Breise – Gaeilge:Tosaíonn an páiste ag léiriú tuiscint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna– maidir le focal, litriú agus gramadach

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar réimse leathan straitéisí a úsáideann sé chun focail a aithint i dtéacsanna

Úsáideann an páiste a eolas ar theangacha chun brí a bhaint as focail, frásaí nó téacsannai dteangacha eile

Tréithe Breise – Gaeilge:Léiríonn an páiste tusicint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna– maidir le focal, litriú agus gramadach.

Stór focal Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Stór focal cuí a shealbhú chun tacú le tuiscint ar théacs, go neamhspleách nó i bpáirt.

Labhairt faoi stór focal nua léitheoireachta agus é a úsáid de réir mar a thagann sé chun cinn trí tharraingt ar chomhthéacs, focail le brí ionann agus focail leis an bhfuaim chéanna ach le brí dhifriúil chun cabhrú leis an tuiscint.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Stór focal cuí a shealbhú chun tacú le tuiscint ar théacs go neamhspleách.

Réimse de straitéisí stór focal a úsáid chomh maith le heolas ar chomhchiallaigh agus  frithchiallaigh chun brí focal agus frásaí nua a shoiléiriú agus a phlé de réir mar a thagann siad chun cinn.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Réimse leathan de straitéisí stór focal agus eolas ar chomhchiallaigh, frithchiallaigh, comhainmneacha, táthmhíreanna agus fréamhfhocail a úsáid go solúbtha agus go muiníneach chun focail/frásaí nua i dtéacsanna a phlé agus chun brí a bhaint astu.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le focail agus frásaí nua a seasann téacs dóibh, múnlaithe ag duine eile.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste leis an múinteoir ag fuaimniú focail agus frásaí nua a bhíonn ag teastáil

chun téacsanna a léitear dó a thuiscint, agus déanann spraoi le roinnt acu sa léitheoireacht éiritheach agus é/í á rá arís is arís eile.

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht le réimse téacsannaa léitear os ard agus déanann focail agus frásaí nua a athrá sa léitheoireacht éiritheach.

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag fuaimniú focail agus frásaí nua agus léiríonn roinnt tuisceana de réir a chéile.

Tréithe Breise – Gaeilge:Éisteann an páiste le focail/ frásaí óna gcanúint féin

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste focail agus frásaí nua ó réimse téacsannateagaisc agus neamhspleácha agus ón múinteoir agus labhraíonn ar an mbrí atá leo.

Úsáideann an páiste roinnt focal nua mar fhreagairt ar théacsanna.

Sealbhaíonn an páiste focail/frásaí nua ó bheith ag éisteacht leis an teanga á labhairt i gcomhthéacsanna difriúla agus ag cainteoirí eile Gaeilge seachas an múinteoir.

Tréithe Breise – Gaeilge:Éisteann an páiste le focail/ frásaí óna gcanúint féin agus ó chanúintí eile sa léitheoireacht.

Tosaíonn an páiste ag aithint difríochtaí idir teanga labhartha agus teanga i gcló.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste réimse straitéisí chun focail nua i dtéacsannaa thuiscint agus a phlé agus tuigeann gur féidir an smaoineamh céanna a chur in iúl le frásaí difriúla.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus úsáideann an páiste focail agus frásaí nua mar is cuí i gcomhthéacsanna éagsúla agus tosaíonn ar fhoclóirí a úsáid chun teacht ar bhrí focal.

Aithníonn an páiste roinnt comhchiallach, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna agus fréamhfhocal.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste foclóirí agus foinsí tagartha eile chun chun teacht ar bhrí focal.

Baineann an páiste úsáid mhuiníneach as raon straitéisí chun focail nua a thuiscint, lena n-áirítear eolas ar chomhchiallaigh, contrárthachtaí agus fréamhfhocail.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teasárais agus foinsí eile tagartha chun brí focal a aimsiú agus a úsáid trasna an churaclaim.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste comhchiallaigh, comhainmneacha, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna, agus fréamhfhocail i dtéacsannaagus déanann sé cur síos orthu.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla chun brí a bhaint as focail i dtéacsanna

Cuspóir, seánra agus guth Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Taithí a fháil ar ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs agus réimse seánraí, freagairt dóibh agus roghanna agus tuairimí ina leith a chur in iúl.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Taithí a fháil ar ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs  agus ar réimse níos leithne seánraí, freagairt dóibh, agus roghanna  agus tuairimí a chosaint.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Gnéithe de théacs  a chuireann cuspóir, seánra nó guthanna ar leith in iúl a ainmniú agus a phlé. Ciall a bhaint as téacs  cé nach bhfuil sé mínithe go soiléir.

Freagairt do ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha  téacs  i seánraí éagsúla trasna an churaclaim. A gcuid tuairimí agus roghanna ar na gnéithe sin a chosaint agus údar a thabhairt leo.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

An tionchar a bhíonn ag cultúr agus féiniúlacht ar chruthú téacs  i réimse seánraí a aithint agus a fhiosrú.

Machnamh criticiúil a dhéanamh ar an bhfreagairt a thug siad do  ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs  i seánraí éagsúla trasna an churaclaim.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste an nasc idir téacs agus an bhrí atá leis.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le scéalta, rainn agus dánta á léamh ag daoine eile agus cuireann sé/sí in iúl cé na cinn is fearr leo.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le seánraí difriúla agus cuireann siad tosaíochtaí agus tuairimí in iúl agus súgraíonn le teanga i rainn, tomhais, greanntaíocht, focail gan bhrí agus amhráin

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le seánraí éagsúla agus ag freagairt dóibh, lena n-áirítear téacsanna faisnéise, agus úsáideann teanga go spraíúil samhlaíoch i scéalta pearsanta

Léiríonn an páiste tuiscint ar chuspóir na léitheoireachta, i gcomhthéacs súgartha mar shampla.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag léamh réimse scéalta, rann, dánta agus téacsanna neamhfhicsin agus tosaíonn ag déanamh idirdhealú idir scéal agus dán nó rann.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag léamh réimse leathan téacsannaficsin agus neamhfhicsin agus ag cur síos ar dhifríochtaíidir scéalta, dánta agus téacsanna neamhfhicsin, agus úsáideann teanga go spraíúil samhlaíoch mar fhreagra ar théacsanna atá léite.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ag léamh téacsannaar mhaithe le cuspóirí ar leith agus é/í ag aithint roinnt difríochtaí idir seánraí, agus tosaíonn ag cosaint roghanna agus tuairimí.

Tosaíonn an páiste ag úsáid chlár na n-ábhar i dtéacsanna simplí neamhfhicsin chun eolas a bhailiú.

Gníomh an pháiste...

Léann an páiste téacsanna ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus cosnaíonn roghanna agus tuairimí.

Úsáideann an páiste liostaí agus léaráidí i dtéacsanna simplí neamhfhicsin chun sainfhaisnéis a bhailiú.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste eolas ábhartha ó réimse gnéithe i dtéacsanna neamhfhicsin agus aithníonn teanga chorraitheach i dtéacanna atá léite aige.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn agus pléann an páiste bailíocht na bhfoinsí a úsáidtear chun téacsannaa chruthú.

Aithníonn an páiste gnéithe a bhíonn i dtéacsannaa léiríonn guth pearsanta an údair agus déanann sé cur síos orthu.

Míníonn an páiste an cuspóir a bhíonn le téacsannaagus pléann sé an cuspóir sin.

Fiosraíonn an páiste an chaoi a léirítear cultúr agus féiniúlacht na hÉireann i dtéacsannaagus pléann sé iad.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar bhailíocht na bhfoinsí a úsáidtear chun téacsannaa chruthú.

Déanann an páiste machnamh agus measúnú ar na gnéithe i dtéacsannaa léiríonn guth pearsanta an údair.

Fiosraíonn an páiste an chaoi a léirítear cultúir agus féiniúlachtaí éagsúla i dtéacsannaagus pléann sé iad

Fiosraíonn an páiste réimse tuairimí, peirspictíochtaí agus cultúir i seánraí éagsúla agus déanann measúnú orthu.

Freagairt agus intinn an údair Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Smaointe agus tuairimí ar théacsanna i réimse seánraía phlé agus a chomhroinnt trasna an churaclaim.

Machnamh agus plé a dhéanamh ar intinn an údair.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

An intinn a bhíonn ag údair dhifriúla a chur i gcomparáid lena chéile, a chur i gcodarsnacht lena chéile agus machnamh criticiúil a dhéanamh orthu, agus léirmhínithe éagsúla ar théacs i réimse leathan seánraí a phlé.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn an páiste do réimse téacsanna.

Gníomh an pháiste...

Freagraíonn do théacs i modhanna éagsúla, m. sh. trí úsáid gothaí, gothaí gnúise, i léiriú pictiúrtha, ó bhéal

Gníomh an pháiste...

Cuireann in iúl i modhanna éagsúla roinnt mothúchán agus smaointe faoin méid atá léite

Gníomh an pháiste...

Cuireann in iúl mothúcháin agus smaointe faoin méid atá léite, agus aithníonn príomhsmaoineamh an téacs.

Gníomh an pháiste...

Cuireann in iúl smaointe, mothúcháin agus tuairimí i leith téacs, agus tugann údar lena dtuairimí leis an eolas atá ar fáil sa téacs.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn, le treoir agus tacaíocht, intinn an údair, agus pléann an dearcadh a léirítear i téacs. Úsáideann fianaise ón téacs chun tacú lena dtuairimí.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste in iúl tuairimí pearsanta faoi théacsanna agus na smaointe a léirítear sna téacsanna.

Aithníonn an páiste dearcadh an údair a léirítear i dteacs. Úsáideann fianaise ón téacs chun tacú lena dtuairimí.

Gníomh an pháiste...

Míníonn an páiste mar a thuigeann siad téacs agus an bhrí a bhaineann siad as, ag tabhairt údar lena bhfreagairtí go loighciúil, ag tagairt d’fhianaise sa téacs, agus ag plé dearcadh agus intinn an údair.

Gníomh an pháiste...

Léirmhíníonn agus pléann an páiste téacsanna, ag déanamh cíoradh ar na modhanna inar féidir leis an údar teanga a úsáid agus a láimhseáil chun éifeacht a chruthú no chun dul i ngleic leis an léitheoir agus chun dul i bhfeidhm air.

Déanann athmhachnamh ar a chéad fhreagairt do théacs, ag cur san áireamh eolas a thagann chun solais i dtéacs ar ball.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste in iúl an chiall a bhaineann sé féin as téacs

Aithníonn an páiste an tionchar atá ag féiniúlacht an údair ar na teachtaireachtaí atá á gcur in iúl.

Pléann agus measann an páiste dearchthaí agus teachtaireachtaí ar an dtopaic chéanna i dtéacsannaéagsúla

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar an tionchar atá ag réamheolas agus féiniúlacht an léitheora ar an gciall a bhaineann sé as téacsanna

Déanann an páiste measúnú ar an gceangal idir intinn an údair agus an sainréim teanga a roghnaíodh.

Tuiscint Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Sonraí tábhachtacha i dtéacs a thabhairt chun cuimhne, iad a phlé agus a athinsint in ord agus na príomhphointí eolais i dtéacs a aithint.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Straitéisí tuisceana a chur i gcomparáid lena chéile agus iad a roghnú ar bhealach solúbtha, chomh maith le taithí phearsanta agus eolas cúlra a úsáid chun dul i ngleic le téacs atá níos casta, go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile.

  • Aistriúchán Icon

Straitéisí tuisceana a chur i gcomparáid lena chéile agus údar maith a bheith leis an rogha straitéise a úsáidtear chun dul i ngleic le téacs i réimse seánraí trasna an churaclaim go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile, ag baint úsáid i gcónaí as taithí phearsanta agus eolas cúlra.

Comparáid a dhéanamh idir eolas, tuairimí, agus smaointe ó fhoinsí éagsúla i réimse téacsanna agus an t-eolas ar fad a tharraingt le chéile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Dul i ngleic le téacs agus brí a bhaint as trí eolas cúlra agus réimse straitéisí tuisceana a úsáid le linn obair a dhéanamh go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Dul i ngleic le téacs trí úsáid a bhaint as réimse de straitéisí tuisceana agus eolas cúlra go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste tuiscint ar chomhartha, siombail nó téacs amháin nó níos mó ar mhaithe le taitneamh nó cuspóirí praiticiúla.

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste scéal a léigh sé/sí nó eispéireas pearsanta in ord agus é/í ag úsáid 2-3 mharc, líníocht nó mhím

Aimsíonn an páiste rudaí ar leith i scéalta a léitear dóibh agus freagraíonn go neamhbhriatharthaagus/nó go briathartha do ráitis agus do cheisteanna simplí faoi phríomhimeacht nó faoi phríomhcharachtar

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste príomhimeachtaí in ord agus é/í ag úsáid líon beag pictiúr.

Déanann an páiste tuar faoi scéal i bhfianaise a bhfuil ar an gclúdach tosaigh agus na léaráidí taobh istigh sula léann an múinteoir é agus le linn a léite.

Déanann an páiste naisc idir na pointí i scéal agus é ag éisteacht leis an múinteoir á léamh agus baineann sé/ sí tátail.

Tugann an páiste freagra go neamhbhriathartha agus/nó go briathartha ar scéalta agus dánta simplí agus cuireann agus freagraíonn ceisteanna faoi na príomhimeachtaí agus na príomhcharachtair

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ar thábhacht an eolais a chinneadh agus athinsíonn príomhphointí scéil in ord.

Tuarann an páiste an scéal/topaic bunaithe ar an teideal, agus cruthaíonn íomhánna ina intinn agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag léamh scéil nó téacs faisnéise.

Athinsíonn an páiste scéalta aitheanta go cruinn agus le príomhshonraí agus cuireann ceisteanna faoi imeachtaí, carachtair agus suíomh.

Léiríonn an páiste roinnt tuisceana ar théacsanna faisnéise a léann an múinteoir os ard.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le scéalta, dánta agus téacsannafaisnéise agus athinsíonn na príomhphointí agus iad in ord go pointe áirithe

Leasaíonn an páiste tuair i bhfianaise eolais nua agus baineann tátail le linn dó a bheith ag éisteacht le scéalta nó téacsfaisnéise.

Athinsíonn an páiste ó bhéal na príomhphointí faisnéise i dtéacs léiritheach.

Le daoine eile, léann agus pléann an páiste scéalta, dánta, treoracha simplí agus téacsanna faisnéise agus léiríonn tuiscint.

Léiríonn an páiste an cumas chun an scéal a shamhlú in íomhánna agus é ag éisteacht leis trína thuair agus a thátail a mhionathrú i rith an scéil agus tríd an scéal a athinsint.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga ó théacsannachun príomhphointí a insint, mar aon le carachtair agus suíomh, in ord agus cuireann príomhshonraí ó na téacsanna isteach.

Taispeánann an páiste eolas ar an struchtúr atá ar raon seánraí téacsinsinte agus nós imeachta agus aithníonn bunsmaoineamh nó buntéama téacs.

Glacann an páiste páirt i bplé sa rang agus é/í ag tabhairt freagra ar théacs insinte agus léiritheach, cuireann ceisteanna, pléann tuair agus tátail agus soiléiríonn a chuid fáthanna

Baineann an páiste úsáid as eagraithe grafacha simplí chun príomhphointí a aithint i dtéacsanna léiritheacha

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga ó théacsannachun príomhimeachtaí a athinsint agus cuireann príomhshonraí san áireamh.

Gineann an páiste ceisteanna agus tugann freagra orthu i réimse seánraí, soiléiríonn a chuid freagraí agus tugann údar leo trí thagairt d’eolas a sealbhaíodh roimhe sin

Úsáideann an páiste roinnt gnéithe téacs ar nós chlár na n-ábhar agus focheannteideal

chun príomhphointí eolais i dtéacsa shainaithint agus cuireann sonraí tacaíochta san áireamh trí úsáid a bhaint as eagraí grafach cuí.

Pléann an páiste míthuiscint taobh istigh de théacs.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste achoimre ar na príomhphointí ó raon seánraí, cinneann cé chomh tábhachtach is atá siad agus fágann eolas nach bhfuil riachtanach ar lár.

Seicheamhaíonn sé/sí na príomhphointí, déanann a mhachnamh ar an eolas, baineann ciall as agus cuireann sonraí leis.

Déanann an páiste neamhaird d’eolas nach mbaineann le hábhar nuair a thugann sé/sí freagra ar cheist,baineann tátail as eolas atá aige cheana agus luann fianaise shonrach téacschun a chuid freagraí a shoiléiriú agus chun tacú le tuairim faoi leith.

Baineann an páiste úsáid as gnéithe téacscosúil le hinnéacsanna chun príomhfhíricí agus príomheolas a aimsiú.

Úsáideann an páiste réimse straitéisí tuisceana go solúbtha muiníneach.

Gníomh an pháiste...

Cinneann an páiste cé chomh tábhachtach is atá eolas agus tugann údar le heolas

nach bhfuil tábhachtach a fhágáil ar lár agus é ag tabhairt achoimre ar phríomhphointí nó ar phríomhfhíricí. Déanann a mhachnamh ar an eolas agus sintéisíonn é.

Léiríonn an páiste roinnt tuisceana go múnlaíonn gnéithe teanga, íomhánnaagus stór focal an léirmhíniú a dhéantar ar théacs, agus go bhféadfadh an léirmhíniú sin bheith éagsúil le léirmhíniú daoine eile.

Baineann an páiste úsáid as gnéithe téacs lena n-áirítear cló trom, gluaiseanna, roghchláir leictreonacha agus deilbhíní chun príomhfhíricí a aimsiú go héifeachtach i réimse seánraí.

Ceistíonn an páiste gníomhartha agus seichimh agus cruinneas an ábhair.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn an páiste an chaoi a ndéanann foinsí éagsúla ó na meáin cur síos ar an scéal nó ar an eachtra céanna agus pléann sé é le daoine eile.

Aithníonn an páiste an chaoi a mbíonn tionchar ag teanga, íomhánna, agus stór focal ar an mbrí a bhaintear as téacs.

Déanann an páiste machnamh ar na straitéisí a úsáideann sé agus póintí eolais á lorg aige.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar an tionchar a bhíonn ag teanga, íomhánna, stór focal, foinsí, cur i láthair, cultúr, agus féiniúlacht ar an mbrí a bhaintear as téacs.

Tarraingíonn an páiste eolas ó fhoinsí agus ó leagain amach éagsúla le chéile agus úsáideann sé an t-eolas sin chun teacht ar a thuairim féin faoi ábhair éagsúla.

Líofacht agus féincheartú Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Téacsanna teagaisc agus téacsanna ag leibhéal neamhspleách a léamh i réimse seánraí ag luas réasúnta agus le tuiscint, agus féincheartú neamhspleách a dhéanamh.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Téacsanna i réimse seánraí a léamh gan stró, le luas cuí, go cruinn agus le tuin chuí dá lucht éisteachta.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste úsáid as ábhar léitheoireachta.

Gníomh an pháiste...

Ionramhálann an páiste leabhair agus glacann páirt i ngníomhaíochtaí grúpa le téacsannaa bhfuil cur amach aige orthu.

Tosaíonn an páiste ag leanúint threo na léitheoireachta lena shúile agus tugann faoi deara é nuair a chasann an duine atá ag léamh an leabhair dó an leathanach.

Gníomh an pháiste...

Tuigeann an páiste go n-insíonn téacs an scéal céanna gach uair a léitear é.

Leanann an páiste treo na léitheoireachta lena shúile agus tugann faoi deara na línte a léitear dó agus duine eile ag léamh leabhair dó.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste nuair a fhágtar focal ar lár nó a léitear mícheart é agus téacsá léamh dó a bhfuil a lán athrá ann agus a bhfuil cur amach aige air cheana.

Tosaíonn an páiste ag leanúint pictiúr agus focal, agus a mhéar nó uirlis éigin in úsáid aige.

Gníomh an pháiste...

Bíonn luas réasúnta faoin bpáiste agus é/í ag léamh patrúin teanga a thagann aníos arís is arís eile agus ag léamh roinnt focal atá feicthe aige cheana.

Léann an páiste téacsannafocal ar fhocal agus é/í ag leanúint na bhfocal lena mhéar nó le huirlis éigin agus athléann sé/ sí téacsannaa bhfuil cur amach aige orthu nó atá ar leibhéal neamhspleách le cabhair ó léaráidí, ag cur lena líofacht ar an gcaoi sin.

Ceartaíonn an páiste é/í féin trí úsáid a bhaint as leideanna pictiúrtha, fuaime, amhairc agus comhthéacs.

Gníomh an pháiste...

Leanann an páiste na focail i dtéacsannaa léann sé/sí lena shúile.

Léann an páiste téacsannaar leibhéal teagaisc agus neamhspleách agus luas maith faoi, frásáil agus mothú maith in úsaid aige agus tuiscint mhaith á léiriú aige.

Aithníonn an páiste nuair a chailltear líne nó focal agus ceartaíonn é/í féin agus é/í ag úsáid leideanna comhréire.

Gníomh an pháiste...

Coimeádann an páiste luas réasúnta agus é/í ag léamh téacs, le tacaíocht, ó phatrúin teanga athráiteacha níos casta, stór focal súilaithne, patrúin choiteanna litreacha agus ciúnna túsfhuaime.

Gníomh an pháiste...

Coimeádann an páiste luas réasúnta le téacsanna indíchódaithe ag úsáid eolas fónach, stór focal súilaithne agus patrúin choiteanna litreacha, agus is annamh a chailleann siad a n-áit.

Gníomh an pháiste...

Coimeádann an páiste luas cuí agus cruinneas le téacsanna neamhaitheanta níos faide agus níos casta ag úsáidmothúchán agus tuiníochta agus iad ag tarraingt ar réimse de chiúnna fónacha amhairc agus comhthéacs chun an luas a choimeád nuair a thagann siad ar fhocail neamhaitheanta.

Gníomh an pháiste...

Coimeádann an páiste luas cuí agus cruinneas, le tuiníocht agus mothúcháin ag brath ar a lucht éisteachta agus ar an seánra atá á léamh aige.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar thuiníocht, ar mhothúcháin agus ar luas a chuid léitheoireachta.