NCCA uses cookies so that you have the best possible browsing experience on our website. If you agree that we can store and use cookies click 'Accept & Close'.Manage Cookies
Fáilte go dtí torthaí foghlama Churaclam Teanga na Bunscoile.
Anseo is féidir leat na torthaí foghlama a úsáid trí shnáithe (Teanga Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Oral Language, Reading, Writing) ag baint úsáide as an roghchlár ar chlé.
Sna táblaí thíos, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an lipéad torthaí foghlama ábhartha le feiceáil nuair a bhíonn tú ag sciorradh ar uimhir cluaisíní. Nuair a chliceálann tú ar an táb torthaí foghlama ábhartha, dealraíonn sé leis na Samplaí d'Fhoghlaim Teanga na bPáistí,Contanaim Dul chun Cinn agus Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí.
Taitneamh a bhaint as éisteacht le scéalta gearra simplí á léamh.
A thuiscint go gcuirtear brí in iúl trí chiall a bhaint as focail scríofa agus léaráidí.
Páirt a ghlacadh i léitheoireacht agus taitneamh a bhaint as éisteacht léi. Iad féin a aithint mar léitheoirí.
Taitneamh a bhaint as téacsanna a léamh agus brí na bhfocal, na bhfrásaí, agus na léaráidí i dtéacs a phlé.
Téacsanna i dteangacha éagsúla a fhiosrú.
Iad féin a aithint mar léitheoirí. A spéis/sásamh sa litríocht agus sa léitheoireacht i réimse seánraí trasna an churaclaim a fhorbairt.
Attend to, take part in and enjoy listening to reading and talking about the meaning and interpretation of written words and illustrations with others, recognising themselves as readers.
Discover and explore texts in various languages.
Develop their interest in and enjoyment of literature and reading in a variety of genres across the curriculum.
Engage with texts of increasing complexity and discover and explore texts in various languages.
Enjoy listening to short, simple stories being read aloud.
Understand that meaning is communicated by interpreting spoken words and illustrations.
Participate in reading and enjoy listening to others reading aloud. Identify themselves as readers.
Enjoy reading texts and discussing the meaning of words, phrases and illustrations in text.
Explore texts in different languages.
Identify themselves as readers. Develop their interest in literature and reading in a variety of genres across the curriculum, and the satisfaction they gain from reading.
Éisteann an páiste le réimse ábhair léitheoireachta agus tugann aird air.
Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag éisteacht le scéalta á léamh os ard agus freagraíonn sé/sí do phointí fócais i léaráidí.
Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, labhraíonn sé/sí faoi léaráidí agus léann i suíomhanna súgartha.
Taitníonn gníomhaíochtaí ina léitear os ard leis an bpáiste, aithníonn sé/sí mionsonraí i léaráidí agus comhroinneann a léirmhíniú orthu sin. Úsáideann léitheoireacht a bhfuil níos mó cuspóra léi i suíomhanna súgartha.
Ina aonar agus i gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag éisteacht le réimse seánraí, á léamh agus á bhfiosrú, agus comhroinneann sé/sí a léirmhíniú ar bhrí atá le fáil i léaráidí agus i dtéacs araon.
Taitníonn sé leis an bpáiste réimse níos leithne seánraí◊ a fhiosrú agus úsáideann sé/sí léaráidí agus téacs chun tuair a chomhroinnt agus chun brí a chur in iúl.
Taitníonn sé leis an bpáiste téacs agus léaráidí a léirmhíniú agus comhroinneann sé/sí iad sin le linn dó bheith ag éisteacht le léirmhíniú daoine eile agus á cheistiú.
I gcomhar le daoine eile taitníonn sé leis an bpáiste téacsanna a mheas de thairbhe spéise agus eolais, sainmhíníonn, léirmhíníonn agus coimríonn sé/sí teachtaireachtaí príomha i dtéacs agus comhroinneann iad sin.
Léirmhíníonn an páiste intinn an údair trí léaráidí agus focail scríofa, comhroinneann na léirmhínithe sin agus cosnaíonn a thuairim.
Baineann an páiste ciall as téacsanna pléann sé iad, agus tugann sé údar lena chuid tuairimí faoi na téacsanna sin.
Fiosraíonn agus pléann an páiste na cuspóirí a bhíonn le téacsanna agus an chaoi a mbaineann daoine taitneamh as a bheith ag léamh.
Bíonn cur agus cúiteamh ag an bpáiste le daoine eile faoi réimse éagsúla théacsanna.
Déanann an páiste machnamh criticiúil ar an gcaoi a dtéann sé féin i ngleic le téacsanna.
Pléann sé a ról mar léitheoir agus déanann sé measúnú ar an ról sin.
Téacs a roghnú ar mhaithe le pléisiúr nó spéis.
Téacs gearr simplí a roghnú ar mhaithe le pléisiúr nó spéis agus é a phlé ina bhfocail féin, le tacaíocht.
Téacs i réimse seánraí a roghnú, a léamh, agus a phlé ar mhaithe le pléisiúr, cuspóirí ar leith agus spéis.
Téacs i réimse seánraí a roghnú agus a phlé ar mhaithe le pléisiúr, spéis, agus cuspóirí ar leith. Machnamh a dhéanamh ar na téacsanna sin.
Choose, read and communicate about text in a range of genres and languages for pleasure and interest.
Choose, read and communicate about text in a range of genres and languages for pleasure, interest and specific purposes.
Choose, read and critically respond to texts in a range of genres and languages across the curriculum for pleasure, interest and specific purposes.
Choose a text for pleasure or interest.
Choose a short, simple text for pleasure or interest and discuss it in their own words, with support.
Select, read and discuss texts in a variety of genres, for pleasure, interest and specific purposes.
Select and discuss texts in a variety of genres, for pleasure, interest and specific purposes. Reflect on those texts.
Is fearr leis an bpáiste ábhar léitheoireachta ar leith.
Piocann an páiste suas leabhair, breathnaíonn orthu agus roghnaíonn na cinn is fearr leis.
Roghnaíonn an páiste agus téann i ngleic le téacsanna go neamhspleách agus le daoine eile, ar mhaithe le sult agus le spéis.
Roghnaíonn an páiste na leabhair is fearr leis as réimse seánraí, baineann taitneamh astu agus cuireann na cinn is fearr leis in iúl.
Comhroinneann an páiste go follasach na cúiseanna atá taobh thiar de na leabhair a roghnaigh siad.
Is féidir leis an bpáiste leabhair a bhfuil spéis aige iontu, agus atá sé/ sí ábalta a léamh, a aithint agus a roghnú.
Roghnaíonn an páiste leabhair ó réimse seánraí, sainíonn an seánra◊ nó an cineál leabhair is fearr leis agus comhroinneann na cúiseanna atá taobh thiar de na roghanna sin.
Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag comhroinnt taithí le téacsanna a bhfuil spéis aige iontu le daoine eile agus úsáideann sé/ sí príomhphointí as téacsanna le haghaidh cuspóir ar leith.
Roghnaíonn an páiste téacsanna agus téann i ngleic leo ar mhaithe le cuspóirí ar leith.
Déanann measúnú ar théacsanna agus cuspóir/tionscadal ar intinn acu.
Roghnaíonn an páiste téacsanna a bhfuil suim aige iontu, atá feiliúnach dá leibhéal léitheoireachta, agus ar mhaithe le cuspóirí ar leith.
Aithníonn agus ainmníonn an páiste téacsanna a chuirfidh lena chuid scileanna agus a thaithí léitheoireachta.
Déanann an páiste measúnú ar na cinntí a rinne sé chun téacsa roghnú ar mhaithe lena chuid suimeanna féin nó ar mhaithe le cuspóir ar leith.
Roghnaíonn an páiste téacsanna chun cur lena chuid foghlama trasna an churaclaim agus déanann sé measúnú ar na téacsanna sin.
Gnásanna bunúsacha an chló a aithint agus a úsáid.
Gnásanna an chló a aithint agus a úsáid.
Gnásanna an chló a úsáid chun brí a bhaint as téacs.
Struchtúr abairte a thabhairt faoi deara agus a phlé.
Staidéar a dhéanamh ar struchtúr na habairte, idir abairtí simplí, abairtí comhshuite agus abairtí casta, i dtéacsanna.
Comparáid a dhéanamh idir struchtúr abairte na Gaeilge agus struchtúr abairte i dteangacha eile.
Identify and use basic conventions of print in text.
Use conventions of print and sentence structure to help understand text.
Analyse and compare conventions of print in texts of increasing complexity.
Analyse sentence structures, including simple, compound and complex sentences in texts.
Compare sentence structures and texts in various languages.
Identify and use basic conventions of print.
Identify and use conventions of print.
Use conventions of print to interpret text.
Observe and discuss sentence structure.
Analyse sentence structure in texts, including simple sentences, compound sentences, and complex sentences.
Compare the sentence structure of the Irish language with sentence structure in other languages.
Cíorann an páiste leabhair agus taispeánann scileanna láimhseála leabhar.
Tuigeann an páiste go mbaineann brí le comharthaí cló, cosúil le comharthaí, lógónna, pictiúir agus focail.
Tuigeann an páiste go mbaineann brí le léaráidí i leabhair.
Aithníonn an páiste litreacha a bheith difriúil le siombailí eile agus léann ó chlé go deas, ó bhun go barr, leathanach ar leathanach agus aithníonn pictiúir i leabhair.
Léiríonn an páiste go bhfuil comhfhreagairt aon le haon idir focail scríofa agus focail labhartha, aithníonn litreacha, focail, abairtí, ceannlitreacha agus lánstadanna agus taispeánann clúdach, teideal agus údar leabhair.
Úsáideann an páiste ord ceart na bhfocal agus é/í ag léamh agus cloíonn le lánstadanna chun a gcuid léitheoireachta a phoncú.
Úsáideann an páiste spásanna agus comharthaí ceiste chun léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti.
Úsáideann an páiste comharthaí athfhriotail agus comharthaí uaillbhreasa chun an léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti.
Úsáideann an páiste camóga agus paragraif chun an léitheoireacht a phoncú agus chun tuiníocht a chur inti.
Ainmníonn, aithníonn agus úsáideann an páiste réimse gnásanna cló i gcomhthéacs (lena n-áirítear idirstad, leathstad, dais, fleiscín, srl.)
Fiosraíonn agus pléann an páiste struchtúr abairte (abairtí simplí, comhshuite, agus casta san áireamh) agus gnásanna cló i dtéacsanna atá i nGaeilge agus i mBéarla.
Ainmníonn an páiste réimse leathan gnásanna cló, déanann sé cur síos orthu, agus pléann sé a gcuspóir.
Déanann an páiste measúnú ar an tionchar a bhíonn ag struchtúr abairte agus gnásanna cló ar an mbrí agus tusicint a bhaineann léitheoirí as téacs.
Imirt le fuaimeanna ar nós siollaí, ríme, comhfhuaim ríme agus fóinéimí i bhfocail labhartha, agus iad a aithint.
Fuaimeanna ar nós siollaí, ríme, tús fhoghar, foghair deiridh, agus fóinéimí i bhfocail labhartha agus scríofa a aithint.
Comparáid a dhéanamh idir fuaimeanna na Gaeilge, fuaimeanna an Bhéarla agus fuaimeanna i dteangacha eile.
Canúintí agus blasanna éagsúla a bhíonn i dtéacsanna a aithint agus a phlé.
Play with, recognise and manipulate sounds such as syllables, rhyme, onset-rime and phonemes in spoken words.
Play with and recognise sounds such as syllables, rhyme, assonance and phonemes in spoken words.
Recognise sounds such as syllables, rhyme, onset and rime, and phonemes in spoken and written words.
Compare the sounds of Irish, English and sounds in other languages.
Recognise and discuss various dialects and accents that are found in texts.
Freagraíonn an páiste d’fhuaimeanna, do rainn agus d’amhráin a bhfuil taithí acu orthu.
Aithníonn an páiste fuaimeanna aitheanta agus taitníonn sé leo a bheith ag éisteacht le rainn do pháistí agus á n-aithris in éineacht le daoine eile.
Taitníonn sé leis an bpáiste bheith ag comhlánú línte atá ar iarraidh as rainn do pháistí agus aithníonn fuaimeanna litreacha aitheanta.
Tugann an páiste aird ar rím agus ar rithim.
Aithníonn an páiste focail mar aonaid fuaime laistigh d’abairtí. Léiríonn an páiste ábaltacht rithim a bhualadh amach.
Aithníonn agus gineann an páiste focail ríme agus aithníonn túsfhoghar agus foghar deiridh.
Déanann an páiste idirdhealú idir dhá fhuaim ó bhéal. Léiríonn an páiste tuiscint ar athruithe ar fhuaimeanna i bhfocail.
Cumascann an páiste túsfhoghar agus foghar deiridh agus comhaireann, deighleann, fuaimníonn agus cumascann siollaí i bhfocail labhartha.
Aithníonn an páiste fuaimeanna tosaigh, meánacha agus deiridh i bhfocail a bhfuil trí fhóinéim iontu agus deighleann agus cumascann focail labhartha a bhfuil dhá, trí, ceithre agus cúig fhóinéim iontu.
Comhroinneann an páiste focail ina dtúsfhoghar agus foghar deiridh agus athdhéanann patrúin agus grúpaí coiteanna litreacha.
Deighleann an páiste focail labhartha aon siolla agus ilsiollacha go briathartha ina bhfoghair aonair.
Scriosann an páiste fuaimeanna aonair agus cuireann fhuaimeanna nua isteach chun focail nua a dhéanamh.
Aithníonn an páiste patrúin fuaimeanna consan/ gutaí i siollaí na bhfocal labhartha.
Úsáideann an páiste siollaí i bhfocail nua a chloiseann sé/sí chun deighilt agus cumasc a dhéanamh.
Aithníonn an páiste gur ann do thaoilitreacha i bhfocail áirithe nach bhfuaimnítear sa chaint.
Briseann an páiste focail nua ina siollaí le muinín.
Aithníonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i bhfocail i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad.
Briseann an páiste focail nua ina siollaí agus úsáideann eolas ar chonsain agus ar ghutaí chun iad a aithint agus a chumasc ó bhéal.
Aithníonn an páiste patrúin i bhfocail labhartha agus úsáideann eolas ar fhocail atá aitheanta le focail nua a dheighilt agus a chumasc.
Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar phatrúin agus ar fhuaimeanna chun focail in ábhair éagsúla a dhéanamh amach (mar shampla: comparáid a dhéanamh idir logainmneacha na hÉireann i nGaeilge agus i mBéarla).
Fiosraíonn an páiste fuaimeanna agus patrúin i réimse níos leithne d’fhocail i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile agus pléann sé le daoine eile iad.
Úsáideann an páiste an tuiscint atá aige ar fhuaimeanna agus ar phatrúin chun focail i dtéacsanna atá bunaithe ar ábhair nó topaic ar leith, a dhéanamh amach.
Feasacht foghraíochta bhunúsach a úsáid agus tús a chur le roinnt straitéisí aitheanta focal a úsáid agus iad ag léamh téacsanna ar a leibhéal teagaisc agus leibhéal neamhspleách.
Gach litir ó aibítir na Gaeilge a ainmniú agus a fhuaimniú. Patrúin choitianta litreacha, agus straitéisí aitheanta focal a úsáid agus iad ag léamh téacsanna ag a leibhéal teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách.
Foghraíocht na Gaeilge a úsáid le linn léitheoireachta.
Feasacht fóineolaíochta agus réimse straitéisí aitheanta focal a úsáid agus iad ag léamh téacsanna ag a leibhéal teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách.
Cosúlachtaí agus difríochtaí idir focail agus patrúin i bhfocail a aithint agus a fhiosrú i dtéacsanna, i seánraí agus i dteangacha éagsúla.
Use phonic knowledge and a range of word identification strategies with flexibility and confidence when reading instructional and independent-level texts.
Use a range of word identification strategies flexibly and with confidence when reading instructional and independent-level texts across the curriculum.
Use existing language skills and knowledge to decipher text in other languages.
Demonstrate some basic awareness of phonetics and start to use some word identification strategies when reading instructional texts and when reading independently.
Name and pronounce all letters in the Irish alphabet. Use common spelling patterns and word identification strategies when reading instructional texts and when reading independently.
Use Irish language pronunciation while reading.
Use phonological awareness and word identification strategies when reading instructional texts and when reading independently.
Identify and explore similarities and differences between words and patterns in words in a variety of texts, genres and languages.
Aithníonn an páiste roinnt comharthaí, siombailí agus focal.
Aithníonn an páiste roinnt litreacha óna ainm féin agus aithníonn roinnt focal agus lógónna atá sa timpeallacht bunaithe ar a gcruth.
Léirmhíníonn an páiste comharthaí agus siombailí thart timpeall air nach litreacha iad.
Aithníonn agus ainmníonn an páiste litreacha aitheanta cosúil leo sin ina ainm féin agus sa timpeallacht agus aithníonn roinnt focal pearsanta chomh maith le focail aitheanta eile.
Nascann an páiste comharthaí nó ainmneacha clóite a bhfuil taithí aige orthu le rudaí nó le daoine.
Aithníonn an páiste roinnt cosúlachtaí agus difríochtaí idir péire pictiúr/ rudaí.
Aithníonn, ainmníonn agus fuaimníonn an páiste roinnt litreacha sa chás íochtair agus sa chás uachtair, agus tosaíonn ar fhóinéimí a chumasc.
Aithníonn an páiste roinnt focal ardmhinicíochta i gcomhthéacsanna aitheanta agus úsáideann litir nó dhó, go minic an chéad cheann agus an ceann deiridh, chun focail eile a aithint.
Úsáideann an páiste ciúnna pictiúrtha chun roinnt focal a léamh.
Tréithe Breise: Tosaíonn an páiste ag aithint gutaí fada agus gutaí gairide. Tosaíonn an páiste ag ceangal litreach/ litreacha (graiféimí) le fuaim - ag díriú ar an litriú simplí/coitianta i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge, ag brath ar chanúintí.
Aithníonn agus fuaimníonn an páiste gach litir sa chás íochtair agus sa chás uachtair, aithníonn fuaimeanna gutaí gearra agus fada, cumascann fóinéimí agus aithníonn roinnt patrún coiteann litreacha i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge.
Léann an páiste réimse focail ardmhinicíochta agus léann abairtí gearra simplí.
Úsáideann an páiste ciúnna ó phictiúir agus ó abairtí chun léamh.
Aithníonn an páiste roinnt déghraf agus carnchonsan agus léann focail ina bhfuil fuaimeanna gutaí fada agus gutaí gearra.
Úsáideann an páiste a chuid eolais ar fhuaimeanna, amharcfhocail, patrúin litreacha agus ciúnna ón téacs mórthimpeall chun focail a léamh agus úsáideann roinnt straitéisí chun focail a aithint le níos mó muiníne.
Tosaíonn an páiste ag déanamh idirdhealú idir gaolta litreacha le fuaim in T1 agus T2.
Scriosann, cuireann isteach agus ionadaíonn an páiste litreacha chun focail a chruthú agus a aithint; aithníonn focail chosúla ó mheascáin dhifriúla litreacha agus léann réimse focal a bhfuil déghraif agus patrúin litreacha iontu agus roinnt a bhfuil déghraif consan agus gutaí iontu.
Léann an páiste déghraif, patrúin litreacha, agus déghraif consan agus gutaí a bhíonn ag éirí níos dúshlánaí agus úsáideann scileanna fóineolaíocha go solúbtha.
Úsáideann an páiste réimse straitéisí go solúbtha agus go muiníneach chun focail a aithint.
Aithníonn an páiste roinnt difríochtaí idir goalta litreacha le fuaim T1 agus T2.
Úsáideann an páiste a chuid eolais ar sheichimh litreacha, déghraif, fréamhfhocail, siollaí, taoilitreacha, réimíreanna agus iarmhíreanna chun réimse níos leithne focal a aithint.
Aithníonn an páiste gaolta in T1 agus T2.
Pléann an páiste cosúlachtaí idir stór focal i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile.
Fiosraíonn agus pléann an páiste an bunús atá le focail i réimse ábhar.
Tréithe Breise: Tosaíonn an páiste ag léiriú tuiscint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna – maidir le focal, litriú agus gramadach.
Déanann an páiste measúnú ar réimse leathan straitéisí a úsáideann sé chun focail a aithint i dtéacsanna.
Úsáideann an páiste a eolas ar theangacha chun brí a bhaint as focail, frásaí nó téacsanna i dteangacha eile.
Déanann an páiste measúnú ar an úsáid a bhaineann sé as nodanna comhréire (eolas an léitheora ar ghramadach/struchtúr na teanga) agus séimeantacha (eolas an léitheora ar fhocail ) agus téacsanna á léamh aige.
Tréithe Breise: Léiríonn an páiste tusicint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna – maidir le focal, litriú agus gramadach.
Stór focal a shealbhú trí éisteacht le téacsanna éagsúla agus iad a phlé le daoine eile.
Stór focal/teanga nua léitheoireachta a thuiscint, a shealbhú agus a phlé agus é a úsáid.
Úsáid a bhaint as an gcomhthéacs agus leideanna sa téacs chun focail nua a thuiscint agus a shealbhú.
Stór focal cuí a shealbhú chun tacú le tuiscint ar théacs go neamhspleách nó i bpáirt.
Úsáid a bhaint as réimse straitéisí tuisceana agus eolais chun brí focal/frásaí nua a dheimhniú agus a phlé.
Comhchiallaigh, frithchiallaigh, comhainmneacha, iarmhíreanna, táthmhíreanna, agus fréamhfhocail a aithint i dtéacsanna agus iad a phlé.
Acquire appropriate vocabulary to support the comprehension of text shared by the teacher or read independently.
Talk about and use new vocabulary as it arises, drawing on context and identifying words with similar meaning and words with similar sounds but different meaning.
Acquire appropriate vocabulary to support the independent comprehension of text.
Draw on a developing knowledge of word structure and word parts, including some prefixes and suffixes, to clarify and discuss the meaning of words.
Acquire vocabulary by listening to various texts and discussing them with others.
Understand, acquire and discuss a new vocabulary/reading language and make use of it.
Use the context and clues in the text to understand and acquire new words.
Acquire an appropriate vocabulary to support understanding of text, either independently or collaboratively.
Use a variety of comprehension and information strategies to ascertain and discuss the meaning of new words/phrases.
Identify synonyms, antonyms, homonyms, suffixes, affixes and root words in texts and discuss them.
Éisteann an páiste le focail agus frásaí nua a seasann téacs dóibh, múnlaithe ag duine eile.
Éisteann an páiste leis an múinteoir ag fuaimniú focal agus frásaí nua a bhíonn ag teastáil chun téacsanna a léitear dó a thuiscint, agus déanann spraoi le roinnt acu sa léitheoireacht éiritheach agus é/í á rá arís is arís eile.
Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht le réimse téacsanna a léitear os ard agus déanann focail agus frásaí nua a athrá sa léitheoireacht éiritheach.
Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag fuaimniú focail agus frásaí nua agus léiríonn roinnt tuisceana de réir a chéile.
Sealbhaíonn an páiste focail agus frásaí nua ó réimse téacsanna teagaisc agus neamhspleácha agus ón múinteoir agus labhraíonn ar an mbrí atá leo.
Úsáideann an páiste roinnt focal nua mar fhreagairt ar théacsanna.
Sealbhaíonn an páiste focail/frásaí nua ó bheith ag éisteacht leis an teanga á labhairt i gcomhthéacsanna difriúla agus ag cainteoirí eile Gaeilge seachas an múinteoir.
Úsáideann an páiste réimse straitéisí chun focail nua i dtéacsanna a thuiscint agus a phlé agus tuigeann gur féidir an smaoineamh céanna a chur in iúl le frásaí difriúla.
Aithníonn agus úsáideann an páiste focail agus frásaí nua mar is cuí i gcomhthéacsanna éagsúla agus tosaíonn ar fhoclóirí a úsáid chun teacht ar bhrí focal.
Aithníonn an páiste roinnt comhchiallach, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna agus fréamhfhocal.
Úsáideann an páiste foclóirí agus foinsí tagartha eile chun chun teacht ar bhrí focal.
Baineann an páiste úsáid mhuiníneach as raon straitéisí chun focail nua a thuiscint, lena n-áirítear eolas ar chomhchiallaigh, contrárthachtaí agus fréamhfhocail.
Úsáideann an páiste teasárais agus foinsí eile tagartha chun brí focal a aimsiú agus a úsáid trasna an churaclaim.
Aithníonn an páiste comhchiallaigh, comhainmneacha, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna, agus fréamhfhocail i dtéacsanna agus déanann sé cur síos orthu.
Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla chun brí a bhaint as focail i dtéacsanna.
Taithí a fháil agus freagairt do théacs trí úsáid a bhaint as geáitsí agus/nó comhrá.
Tuairimí mar gheall ar théacs a chur in iúl trí úsáid a bhaint as geáitsí agus/nó comhrá.
Taithí a fháil ar agus freagairt do ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs i réimse seánraí.
Freagairt do ghnéithe aeistéitiúla, samhlaíocha agus cruthaitheacha téacs agus roghanna ar na gnéithe sin a chosaint agus údar a thabhairt leo.
Experience and respond to the aesthetic, creative, and imaginative aspects of text and a range of genres expressing preferences and opinions.
Experience and respond to the aesthetic, creative and imaginative aspects of texts and a wider range of genres justifying preferences and opinions.
Identify and discuss features of texts which convey a particular purpose, genre, or voice and infer meanings which are not explicitly stated.
Respond to the aesthetic, creative, and imaginative aspects of a wide range of texts in various genres across the curriculum and defend their preferences and opinions.
Experience and respond to text using gestures and/or conversation.
Express opinions on a text using gestures and/or conversation.
Experience and respond to aesthetic, creative and imaginative aspects of text in a variety of genres.
Respond to aesthetic, creative and imaginative aspects of text and substantiate and justify their choice of such aspects.
Aithníonn an páiste an nasc idir téacs agus an bhrí atá leis.
Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le scéalta, rainn agus dánta á léamh ag daoine eile agus cuireann sé/sí in iúl cé na cinn is fearr leo.
Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le seánraí difriúla agus cuireann siad tosaíochtaí agus tuairimí in iúl agus súgraíonn le teanga i rainn, tomhais, greanntaíocht, focail gan bhrí agus amhráin.
Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag éisteacht le seánraí éagsúla agus ag freagairt dóibh, lena n-áirítear téacsanna faisnéise, agus úsáideann teanga go spraíúil samhlaíoch i scéalta pearsanta.
Léiríonn an páiste tuiscint ar chuspóir na léitheoireachta, i gcomhthéacs súgartha mar shampla.
Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag léamh réimse scéalta, rann, dánta agus téacsanna neamhfhicsin agus tosaíonn ag déanamh idirdhealú idir scéal agus dán nó rann.
Taitníonn sé leis an bpáiste a bheith ag léamh réimse leathan téacsanna ficsin agus neamhfhicsin agus ag cur síos ar dhifríochtaí idir scéalta, dánta agus téacsanna neamhfhicsin, agus úsáideann teanga go spraíúil samhlaíoch mar fhreagra ar théacsanna atá léite.
Tosaíonn an páiste ag léamh téacsanna ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus é/í ag aithint roinnt difríochtaí idir seánraí, agus tosaíonn ag cosaint roghanna agus tuairimí.
Tosaíonn an páiste ag úsáid chlár na n-ábhar i dtéacsanna simplí neamhfhicsin chun eolas a bhailiú.
Léann an páiste téacsanna ar mhaithe le cuspóirí ar leith agus cosnaíonn roghanna agus tuairimí.
Úsáideann an páiste liostaí agus léaráidí i dtéacsanna simplí neamhfhicsin chun sainfhaisnéis a bhailiú.
Roghnaíonn an páiste eolas ábhartha ó réimse gnéithe i dtéacsanna neamhfhicsin agus aithníonn teanga chorraitheach i dtéacanna atá léite aige.
Fiosraíonn agus pléann an páiste bailíocht na bhfoinsí a úsáidtear chun téacsanna a chruthú.
Aithníonn an páiste gnéithe a bhíonn i dtéacsanna a léiríonn guth pearsanta an údair agus déanann sé cur síos orthu.
Míníonn an páiste an cuspóir a bhíonn le téacsanna agus pléann sé an cuspóir sin.
Fiosraíonn an páiste an chaoi a léirítear cultúr agus féiniúlacht na hÉireann i dtéacsanna agus pléann sé iad.
Déanann an páiste measúnú ar bhailíocht na bhfoinsí a úsáidtear chun téacsanna a chruthú.
Déanann an páiste machnamh agus measúnú ar na gnéithe i dtéacsanna a léiríonn guth pearsanta an údair.
Fiosraíonn an páiste an chaoi a léirítear cultúir agus féiniúlachtaí éagsúla i dtéacsanna agus pléann sé iad.
Fiosraíonn an páiste réimse tuairimí, peirspictíochtaí agus cultúir i seánraí éagsúla agus déanann measúnú orthu.
Fiosraíonn an páiste an chaoi a léirítear claontacht, steiréitíopáil, agus fabhar i dtéacsanna agus pléann sé iad.
Éisteacht le téacs agus a gcuid tuairimí agus smaointe a roinnt agus a phlé.
Na tuiscintí éagsúla a bhaineann le téacs a aithint agus a phlé.
Discuss and share thoughts and opinions on texts in a range of genres across the curriculum. Consider and discuss author’s intent.
Listen to a text and share and discuss their opinions and thoughts.
Identify and discuss the different understandings of a text.
Freagraíonn an páiste do réimse téacsanna.
Freagraíonn do théacs i modhanna éagsúla, m. sh. trí úsáid gothaí, gothaí gnúise, i léiriú pictiúrtha, ó bhéal.
Cuireann in iúl I modhanna éagsúla roinnt mothúchán agus smaointe faoin méid atá léite.
Cuireann in iúl mothúcháin agus smaointe faoin méid atá léite, agus aithníonn príomhsmaoineamh an téacs.
Cuireann in iúl smaointe, mothúcháin agus tuairimí i leith téacs, agus tugann údar lena dtuairimí leis an eolas atá ar fáil sa téacs.
Aithníonn, le treoir agus tacaíocht, intinn an údair, agus pléann an dearcadh a léirítear i téacs.
Úsáideann fianaise ón téacs chun tacú lena dtuairimí í.
Cuireann an páiste in iúl tuairimí pearsanta faoi théacsanna agus na smaointe a léirítear sna téacsanna.
Aithníonn an páiste dearcadh an údair a léirítear i dteacs. Úsáideann fianaise ón téacs chun tacú lena dtuairimí.
Míníonn an páiste mar a thuigeann siad téacs agus an bhrí a bhaineann siad as ag tabhairt údar lena bhfreagairtí go loighciúil, ag tagairt d’fhianaise sa téacs, agus ag plé dearcadh agus intinn an údair.
Léirmhíníonn agus pléann an páiste téacsanna, ag déanamh cíoradh ar na modhanna inar féidir leis an údar teanga a úsáid agus a láimhseáil chun éifeacht a chruthú no chun dul i ngleic leis an léitheoir agus chun dul i bhfeidhm air.
Déanann athmhachnamh ar a chéad fhreagairt do théacs, ag cur san áireamh eolas a thagann chun solais i dtéacs ar ball.
Cuireann an páiste in iúl an chiall a bhaineann sé féin as téacs.
Aithníonn an páiste an tionchar atá ag féiniúlacht an údair ar na teachtaireachtaí atá á gcur in iúl.
Pléann agus measann an páiste dearchthaí agus teachtaireachtaí ar an dtopaic chéanna i dtéacsanna éagsúla.
Déanann an páiste measúnú ar an tionchar atá ag réamheolas agus féiniúlacht an léitheora ar an gciall a bhaineann sé as téacsanna.
Déanann an páiste measúnú ar an gceangal idir intinn an údair agus an sainréim teanga a roghnaíodh.
Éisteacht leis na sonraí is tábhachtaí i dtéacs gearr simplí agus tuiscint a léiriú orthu.
Léaráidí i dtéacs a úsáid mar áis chun eolas breise a fháil faoin téacs.
Éisteacht le téacs agus na sonraí is tábhachtaí a thabhairt chun cuimhne.
Úsáid a bhaint as eolas cúlra agus réimse straitéisí tuisceana chun dul i ngleic le téacs agus brí a bhaint as le linn a bheith ag obair ar réimse téacsanna go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile.
Sonraí tábhachtacha i dtéacs a aithint, a phlé agus a athinsint san ord ceart go neamhspleách nó i bpáirt le daoine eile.
Úsáid a bhaint as straitéisí tuisceana chun dul i ngleic le téacs go neamhspleách agus i bpáirt le daoine eile.
Recall, discuss and sequence significant details and identify key points of information in text.
Listen to the most important details in a short, simple text and demonstrate an understanding of them.
Use illustrations in the text as a means to gain more knowledge of the text.
Listen to a text and recall the most important details.
Use background knowledge and a variety of comprehension strategies to engage with a text and understand it while working on a variety of texts independently or in collaboration with others.
Identify, discuss and recount in the correct order important details in a text, either independently or in collaboration with others.
Use comprehension strategies to engage with a text, independently and in collaboration with others.
Léiríonn an páiste tuiscint ar chomhartha, siombail nó téacs amháin nó níos mó ar mhaithe le taitneamh nó cuspóirí praiticiúla.
Cuireann an páiste scéal a léigh sé/sí nó eispéireas pearsanta in ord agus é/í ag úsáid 2-3 mharc, líníocht nó mhím.
Aimsíonn an páiste rudaí ar leith i scéalta a léitear dóibh agus freagraíonn go neamhbhriathartha agus/nó go briathartha do ráitis agus do cheisteanna simplí faoi phríomhimeacht nó faoi phríomhcharachtar.
Cuireann an páiste príomhimeachtaí in ord agus é/í ag úsáid líon beag pictiúr.
Déanann an páiste tuar faoi scéal i bhfianaise a bhfuil ar an gclúdach tosaigh agus na léaráidí taobh istigh sula léann an múinteoir é agus le linn a léite.
Déanann an páiste naisc idir na pointí i scéal agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir á léamh, agus baineann sé/ sí tátail.
Tugann an páiste freagra go neamhbhriathartha agus/nó go briathartha ar scéalta agus dánta simplí agus cuireann agus freagraíonn ceisteanna faoi na príomhimeachtaí agus na príomhcharachtair.
Tosaíonn an páiste ar thábhacht an eolais a chinneadh agus athinsíonn príomhphointí scéil in ord.
Tuarann an páiste an scéal/topaic bunaithe ar an teideal, agus cruthaíonn íomhánna ina intinn agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag léamh scéil nó téacs faisnéise.
Athinsíonn an páiste scéalta aitheanta go cruinn agus le príomhshonraí agus cuireann ceisteanna faoi imeachtaí, carachtair agus suíomh.
Léiríonn an páiste roinnt tuisceana ar théacsanna faisnéise a léann an múinteoir os ard.
Éisteann an páiste le scéalta, dánta agus téacsanna faisnéise agus athinsíonn na príomhphointí agus iad in ord go pointe áirithe.
Leasaíonn an páiste tuair i bhfianaise eolais nua agus baineann tátail le linn dó a bheith ag éisteacht le scéalta nó téacs faisnéise.
Athinsíonn an páiste ó bhéal na príomhphointí faisnéise i dtéacs léiritheach le daoine eile, léann agus pléann an páiste scéalta, dánta, treoracha simplí agus téacsanna faisnéise agus léiríonn tuiscint.
Léiríonn an páiste an cumas an scéal a shamhlú in íomhánna agus é/í ag éisteacht leis trína thuair agus a thátail a mhionathrú i rith an scéil agus tríd an scéal a athinsint.
Taispeánann an páiste eolas ar an struchtúr atá ar raon seánraí téacs insinte agus nós imeachta agus aithníonn bunsmaoineamh nó buntéama téacs.
Glacann an páiste páirt i bplé sa rang agus é/í ag tabhairt freagra ar théacs insinte agus léiritheach, cuireann ceisteanna, pléann tuair agus tátail agus soiléiríonn a chuid fáthanna.
Baineann an páiste úsáid as eagraithe grafacha simplí chun príomhphointí a aithint i dtéacsanna léiritheacha.
Úsáideann an páiste teanga ó théacsanna chun príomhimeachtaí a athinsint agus cuireann príomhshonraí san áireamh.
Gineann an páiste ceisteanna agus tugann freagra orthu i réimse seánraí◊, soiléiríonn a chuid freagraí agus tugann údar leo trí thagairt d’eolas a sealbhaíodh roimhe sin.
Úsáideann an páiste roinnt gnéithe téacs ar nós chlár na n-ábhar agus focheannteideal chun príomhphointí eolais i dtéacs a shainaithint agus cuireann sonraí tacaíochta san áireamh trí úsáid a bhaint as eagraí grafach cuí.
Pléann an páiste míthuiscint taobh istigh de théacs.
Tugann an páiste achoimre ar na príomhphointí ó raon seánraí◊, cinneann cé chomh tábhachtach is atá siad agus fágann eolas nach bhfuil riachtanach ar lár.
Seicheamhaíonn sé/sí na príomhphointí, déanann a mhachnamh ar an eolas, baineann ciall as agus cuireann sonraí leis
Déanann an páiste neamhaird d’eolas nach mbaineann le hábhar nuair a thugann sé/sí freagra ar cheist, baineann tátail as eolas atá aige cheana agus luann fianaise shonrach téacs chun a chuid freagraí a shoiléiriú agus chun tacú le tuairim faoi leith.
Baineann an páiste úsáid as gnéithe téacs cosúil le hinnéacsanna chun príomhfhíricí agus príomheolas a aimsiú.
Úsáideann an páiste réimse straitéisí tuisceana go solúbtha muiníneach.
Cinneann an páiste cé chomh tábhachtach is atá eolas agus tugann údar le heolas nach bhfuil tábhachtach a fhágáil ar lár agus é ag tabhairt achoimre ar phríomhphointí nó ar phríomhfhíricí.
Déanann a mhachnamh ar an eolas agus sintéisíonn é. Léiríonn an páiste roinnt tuisceana go múnlaíonn gnéithe teanga, íomhánna agus stór focal an léirmhíniú a dhéantar ar théacs, agus go bhféadfadh an léirmhíniú sin bheith éagsúil le léirmhíniú daoine eile.
Baineann an páiste úsáid as gnéithe téacs lena n-áirítear cló trom, gluaiseanna, roghchláir leictreonacha agus deilbhíní chun príomhfhíricí a aimsiú go héifeachtach i réimse seánraí.
Ceistíonn an páiste gníomhartha agus seichimh agus cruinneas an ábhair.
Fiosraíonn an páiste an chaoi a ndéanann foinsí éagsúla ó na meáin cur síos ar an scéal nó ar an eachtra céanna agus pléann sé é le daoine eile.
Aithníonn an páiste an chaoi a mbíonn tionchar ag teanga, íomhánna, agus stór focal ar an mbrí a bhaintear as téacs.
Déanann an páiste machnamh ar na straitéisí a úsáideann sé agus póintí eolais á lorg aige.
Déanann an páiste measúnú ar an tionchar a bhíonn ag teanga,gnásanna cló, íomhánna, stór focal, foinsí, cur i láthair, cultúr, agus féiniúlacht ar an mbrí a bhaintear as téacs.
Tarraingíonn an páiste eolas ó fhoinsí agus ó leagain amach éagsúla le chéile agus úsáideann sé an t-eolas sin chun teacht ar a thuairim féin faoi ábhair éagsúla.
Téacsanna atá ag a leibhéal teagaisc agus ag leibhéal neamhspleách a léamh agus iad ag éirí níos cruinne agus níos líofa de réir a chéile.
Téacsanna teagaisc agus téacsanna ag leibhéal neamhspleách a léamh i réimse seánraí ag luas réasúnta agus le tuiscint, agus féin cheartú neamhspleách a dhéanamh.
Read instructional and independent-level texts in a range of genres with reasonable pace and understanding, and self-correct independently.
Read instructional and independently chosen texts with increasing precision and fluency.
Read instructional texts and independently chosen texts in a variety of genres at a reasonable pace, understand them, and independently correct their own language.
Baineann an páiste úsáid as ábhar léitheoireachta.
Ionramhálann an páiste leabhair agus glacann páirt i ngníomhaíochtaí grúpa le téacsanna a bhfuil cur amach aige orthu.
Tosaíonn an páiste ag leanúint threo na léitheoireachta lena shúile agus tugann faoi deara é nuair a chasann an duine atá ag léamh an leabhair dó an leathanach.
Tuigeann an páiste go n-insíonn téacs an scéal céanna gach uair a léitear é.
Leanann an páiste treo na léitheoireachta lena shúile agus tugann faoi deara na línte a léitear dó agus duine eile ag léamh leabhair dó.
Aithníonn an páiste nuair a fhágtar focal ar lár nó a léitear mícheart é agus téacs á léamh dó a bhfuil a lán athrá ann agus a bhfuil cur amach aige air cheana.
Tosaíonn an páiste ag leanúint pictiúr agus focal, agus a mhéar nó uirlis éigin in úsáid aige.
Bíonn luas réasúnta faoin bpáiste agus é/í ag léamh patrúin teanga a thagann aníos arís is arís eile agus ag léamh roinnt focal atá feicthe aige cheana.
Léann an páiste téacsanna focal ar fhocal agus é/í ag leanúint na bhfocal lena mhéar nó le huirlis éigin agus athléann sé/ sí téacsanna a bhfuil cur amach aige orthu nó atá ar leibhéal neamhspleách le cabhair ó léaráidí, ag cur lena líofacht ar an gcaoi sin.
Ceartaíonn an páiste é/í féin trí úsáid a bhaint as leideanna pictiúrtha, fuaime, amhairc agus comhthéacs.
Leanann an páiste na focail i dtéacsanna a léann sé/sí lena shúile.
Léann an páiste téacsanna ar leibhéal teagaisc agus neamhspleách agus luas maith faoi, frásáil agus mothú maith in úsaid aige agus tuiscint mhaith á léiriú aige.
Aithníonn an páiste nuair a chailltear líne nó focal agus ceartaíonn é/í féin agus é/í ag úsáid leideanna comhréire.
Coimeádann an páiste luas réasúnta agus é/í ag léamh téacs, le tacaíocht, ó phatrúin teanga athráiteacha níos casta, stór focal súilaithne, patrúin choiteanna litreacha agus ciúnna túsfhuaime.
Coimeádann an páiste luas réasúnta le téacsanna indíchódaithe ag úsáid eolas fónach, stór focal súilaithne agus patrúin choiteanna litreacha, agus is annamh a chailleann siad a n-áit.
Coimeádann an páiste luas cuí agus cruinneas le téacsanna neamhaitheanta níos faide agus níos casta ag úsáid mothúchán agus tuiníochta agus iad ag tarraingt ar réimse de chiúnna fónacha amhairc agus comhthéacs chun an luas a choimeád nuair a thagann siad ar fhocail neamhaitheanta.
Coimeádann an páiste luas cuí agus cruinneas, le tuiníocht agus mothúcháin ag brath ar a lucht éisteachta agus ar an seánra atá á léamh aige.
Déanann an páiste measúnú ar thuiníocht, ar mhothúcháin agus ar luas a chuid léitheoireachta.