Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Matamaitic

Matamaitic

Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Matamaitice ceaptha. Aithnítear sa churaclam

  • na scileanna matamaiticiúla atá le sealbhú
  • a mbeidh le foghlaim ag na páistí:
    • Uimhir
    • Ailgéabar
    • Cruth agus spás
    • Tomhais
    • Sonraí. 

Spreagtar na páistí chun dul i mbun plé, úsáid a bhaint as ábhair nithiúla, agus foghlaim ar shlí ghníomhach chomh maith le húsáid a bhaint as sainteanga na Matamaitice chun smaointe a chur in iúl. 

An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).  Beidh curaclam nua comhtháite ar fáil do na ranganna idir na naíonáin bheaga agus rang a sé ó Mheán Fómhair 2021.