Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

OSPS 2016: Aidhm agus Réasúnaíocht

Réasúnaíocht

Is am í an luath-ógántacht ina dtarlaíonn athruithe móra do dhaoine óga, go fisiciúil, go mothúchánach agus go sóisialta.  Trí mhodheolaíochtaí turgnamhacha agus obair ghrúpa a úsáid, tá an spás tiomnaithe agus an t-am ag an scoláire sa ghearrchúrsa seo a thuiscint agus a scileanna a fhorbairt le foghlaim faoi féin, le haire a thabhairt dó féin agus do dhaoine eile agus le cinntí eolacha a dhéanamh faoina shláinte agus a fholláine i ndomhan atá ag athrú go tapa. 


In OSPS tugtar deiseanna don scoláire dul siar ar théamaí éagsúla a dhíríonn ar fhéinfheasacht agus meas ar dhaoine eile a fhorbairt, chomh maith leis na scileanna a bhaineann le féinbhainistiú, cumarsáid, plé le fadhbanna, cinnteoireacht agus tarraingt le daoine eile.  Táthar eolach ar an gcur chuige bíseach i leith dul siar ar phríomhsmaointe agus ábhair nó tá sé i gcuir chuige reatha i leith OSPS. Tógann an cúrsa nua seo ar an gcur chuige sin ach cuireann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le gníomhú agus rannpháirtíocht an scoláire sa phróiseas foghlama mar nithe ríthábhachtacha don fhoghlaim san fhearann éifeachtach. Tá na scileanna atá i gceist ríthábhachtach le haghaidh féinchomhlíonadh, le maireachtáil i bpobail agus le haghaidh rannpháirtíocht iomlán san fhoghlaim tar éis OSPS. Cuirtear machnamh pearsanta, teacht aniar agus comhbhá chun cinn freisin trí OSPS.
Tá oideachas caidrimh agus gnéasachta (OCG) tábhachtach don duine óg ag an gcéim seo dá shaol. Bíonn cuid mhór eolais os a chomhair faoi chaidrimh agus gnéas ó fhoinsí neamhfhoirmiúla, na meáin agus ar líne.  Tugann OSPS an comhthéacs inar féidir leis an duine óg foghlaim faoi shaincheisteanna tábhachtacha fisiciúla, sóisialta, mothúchánacha agus morálta faoi chaidrimh, sláinte ghnéis agus féiniúlacht inscne, lena n-áirítear cén áit is féidir leis eolas iontaofa a fháil ó fhoinsí iontaofa.
Tá sé tábhachtach tógáil ar fhoghlaim an scoláire in OSPS sa bhunoideachas freisin. Faigheann foghlaim in OSPS tacaíocht, go bunúsach, ó thimpeallacht dhearfach, cumasaithe sa scoil iomlán agus ó bheartais/threoirlínte ábhartha scoile, lena n-áirítear OCG, polasaí frithbhulaíochta agus polasaí maidir le mí-úsáid substaintí, agus treoirlínte ar chosaint leanaí. Cuidíonn an mór-chomhthéacs seo don fhoghlaim in OSPS lena chinntiú go bhfoghlaimíonn an scoláire le cinntí eolacha a dhéanamh faoina shláinte agus faoina fholláine.  Faigheann na cinntí seo tuilleadh tacaíochta agus spreagtha ó pholasaithe agus treoirlínte scoile, pobail agus náisiúnta.  
Sainaithníodh sé tháscaire – Gníomhach, Freagrach, Ceangailte, Athléimneach, Meas agus Feasach – sa tsraith shóisearach atá lárnach i bhfolláine an scoláire.  Cuireann foghlaim in OSPS deiseanna foghlama ar fáil a dearadh le gach ceann de na táscairí sin a fheabhsú, ag cur, mar sin, le clár Folláine na scoile sa tsraith shóisearach.

Aidhm

Tá sé d’aidhm ag an ngearrchúrsa seo tuiscint dhearfach an scoláire ar a nádúr féin agus ar a shláinte agus fholláine fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach agus spioradálta a fhorbairt. Tá sé d’aidhm aige freisin cur ar chumas an duine óig caidrimh fholláine a fhorbairt agus a choinneáil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.