Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcúrsa

Dearadh an gearrchúrsa OSPS seo de chuid na sraithe sóisearaí le cur ar chumas an scoláire tuiscint dhearfach ar a nádúr féin a fhorbairt agus le tiomantas d’aire a thabhairt dó féin agus do dhaoine eile a fhorbairt.

Díríonn an snáithe seo ar fhéinfheasacht a fhorbairt agus ar fhéinmheas a thógáil.

Tugann an snáithe seo deiseanna don scoláire machnamh a dhéanamh ar an gcaoi is fearr is féidir leis aire a thabhairt dó féin agus do dhaoine eile.

Díríonn an snáithe seo ar an scoláire ag foghlaim faoi chaidrimh thábhachtacha ina shaol agus scileanna caidrimh a thógáil.

Díríonn an snáithe seo ar mheabhairshláinte dhearfach a thógáil, ag scrúdú thaithí an duine óig ar easláinte mheabhrach agus ag foghlaim le tacú leis féin agus le daoine eile i dtréimhsí dúshlánacha.

Dialann foghlama phearsanta

Baineann go leor den fhoghlaim a dhéanann an scoláire in OSPS le tuairimí, luachanna agus mothúcháin agus bíonn sí pearsanta don scoláire. Ba chóir an scoláire a spreagadh le dialann foghlama phearsanta a choinneáil ar feadh an ghearrchúrsa, mar a mbeidh sé in ann machnamh príobháideach a dhéanamh ar a fhoghlaim in OSPS. Le comhaontú an scoláire, féadfar cuid de na hiontrálacha a úsáid le tacú le gníomhaíochtaí foghlama difriúla, ach go bunúsach tá an dialann foghlama phearsanta príobháideach agus is don scoláire amháin í. 
Nuair a chuimhnítear ar a leochailí a d’fhéadfadh foghlaim an scoláire a bheith, tá sé ríthábhachtach go gcomhaontódh an scoláire conradh lena chomhscoláirí agus lena mhúinteoir lena chinntiú gur timpeallacht mheasúil agus shábháilte é an rang OSPS le foghlaim in OSPS.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac-chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Dearadh an gearrchúrsa OSPS le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.