Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Léirítear i dTábla 1 seo a leanas an chaoi a bhféadfaí corpoideachas a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 12

Is rannpháirtí muiníneach agus cumasach é/í an scoláire sa ghníomhaíocht fhisiciúil agus tá inspreagadh ann/inti le bheith gníomhach go fisiciúil. 

Éiríonn an scoláire níos muiníní agus níos inniúla de réir mar a fhoghlaimíonn sé le bheith páirteach i réimse gníomhaíochtaí coirp atá dúshlánach agus cuí maidir lena fhorbairt. Socraíonn sé spriocanna agus pleanálann sé a inniúlacht, a chorpacmhainn agus a rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp a fheabhsú.

RF 11

Gníomhaíonn an scoláire chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chothú.

Déanann an scoláire machnamh ar a leibhéil gníomhaíocht choirp féin agus pleanálann sé do rannpháirtíocht rialta, bhríoch, i ngníomhaíocht choirp. Bíonn sé páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann caidrimh dhearfacha chun cinn agus a éilíonn comhoibriú agus meas ar chumais éagsúla.
Foghlaimíonn an scoláire le nósanna imeachta sábháilteachta a chur i bhfeidhm sna gníomhaíochtaí éagsúla go léir. Pleanálann sé gníomhaíochtaí réamhaclaíochta (téamh suas) agus fuaraithe cuí, stiúrann sé iad agus bíonn sé páirteach iontu.

RF 4
Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist. 

Cruthaíonn agus léiríonn an scoláire taibhithe damhsa agus/nó gleacaíochta aonair agus grúpa de réir na gcritéar le haghaidh taibhiú ealaíne. Feabhsaíonn sé a thaibhithe bunaithe ar mhachnamh agus ar aiseolas. 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.