Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Tá daoine óga sa tsraith shóisearach ag céim thábhachtach ina saol, nuair atá siad ag forbairt go tapa; go fisiciúil, go síceolaíoch agus go sóisialta. Níos mó agus níos mó tá an duine óg ag déanamh a chinntí féin maidir le stíl bheatha, lena n áirítear an mbeidh sé páirteach agus/nó conas a bheidh sé páirteach i ngníomhaíocht choirp rialta. Is féidir leis an gcorpoideachas deiseanna foghlama taitneamhacha fiúntacha a chur ar fáil do gach scoláire, mar a fhorbraíonn sé na scileanna agus na cumais luaile le páirt a ghlacadh agus le léiriú a thabhairt i ngníomhaíochtaí coirp éagsúla go hinniúil, go muiníneach agus go sábháilte. Tógann sé spreagadh agus tiomantas an scoláire don ghníomhaíocht choirp agus don spórt laistigh den scoil agus lasmuigh di. Is féidir leis an scoláire a spreagadh le bheith páirteach i róil rannpháirtíochta agus ceannaireachta, beag beann ar a thaithí nó a chumas roimhe seo sa ghníomhaíocht choirp.
Ar an ngearrchúrsa seo foghlaimíonn an scoláire le léirthuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht choirp rialta a fheabhsaíonn an tsláinte agus le roghanna eolacha a dhéanamh maidir le conas gníomhaíocht choirp a chur san áireamh mar stíl bheatha fholláin. Tá roghanna eolacha mar sin ríthábhachtach le nósanna saoil de ghníomhaíocht choirp a fhorbairt; mar sin cuirtear béim faoi leith ar rogha an scoláire agus ar chomhairliúchán leis an scoláire i ndearadh an chúrsa agus an mheasúnaithe. Tógann an cúrsa ar fhoghlaim sa chorpoideachas sa bhunscoil agus leagann sé dúshraith d’fhoghlaim an scoláire sa chorpoideachas sa tsraith shinsearach.
Cuireann an gearrchúrsa seo le foghlaim thábhachtach i gclár Folláine na scoile laistigh den tsraith shóisearach. Mar thoradh ar a fhoghlaim sa chorpoideachas ba chóir go mbeidh an scoláire níos ábalta agus níos spreagtha gníomhaíocht choirp rialta a bheith ina shaol, ag cur mar sin lena fholláine ar fad.
Sainaithníodh sé tháscaire – Gníomhach, Freagrach, Ceangailte, Athléimneach, Meas agus Feasach – sa tsraith shóisearach atá lárnach i bhfolláine an scoláire. Cuireann an corpoideachas deiseanna foghlama ar fáil a dearadh le cur le gach ceann de na táscairí sin.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag gearrchúrsa an chorpoideachais an scoláire a fhorbairt mar rannpháirtí eolach, sciliúil agus cruthaitheach atá muiníneach agus inniúil chun réimse gníomhaíochtaí a dhéanamh go sábháilte. Tá mar aidhm ag an gcúrsa cur le léirthuiscint an scoláire don tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte agus tiomantas a chothú di anois agus amach anseo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.