Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Corpoideachas agus príomhscileanna

Naisc idir corpoideachas na sraithe sóisearaí agus príomhscileanna

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Roghanna a fhiosrú

Pléann agus comhaontaíonn an scoláire réitigh ar fhadhbanna a thagann chun cinn i ngníomhaíochtaí coirp éagsúla. 

A bheith liteartha 

Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas 

Pléann an scoláire réitigh éagsúla ar thascanna sa chorpoideachas lena chomhscoláirí.

A bheith uimheartha  Sonraí a bhailiú, a léirmhíniú agus a léiriú  Déanann an scoláire anailís staitistiúil ar a fheidhmiú féin agus ar fheidhmiú daoine eile, cuireann sé i láthair í i ngrafaic, agus úsáideann sé na tátail le feidhmiú a mheasúnú agus le pleanáil d’fheabhsú. 
Cumarsáid Éisteacht agus mé féin a chur in iúl Réitíonn an scoláire fadhbanna agus pléann sé réitigh le meas le comhscoláirí i réimse gníomhaíochtaí coirp.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Eolas agus sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú agus a mheas

Bailíonn agus eagraíonn an scoláire sonraí le fianaise a chur ar fáil faoina fheidhmiú féin agus faoi fheidhmiú daoine eile. Úsáideann sé an fhaisnéis sin le pleanáil le d’fheabhsú.

Mé féin a bhainistiú

Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach

Ceapann agus tugann an scoláire faoi phleananna le spriocanna pearsanta nó grúpa a bhaint amach.
Déanann sé machnamh ar a dhul chun cinn agus ar a fhoghlaim agus déanann sé na coigeartuithe is gá ar a spriocanna.

Fanacht folláin

A bheith folláin, fisiciúil agus gníomhach

Foghlaimíonn an scoláire le cinntí eolacha a dhéanamh faoina rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp.
Foghlaimíonn an scoláire le cúram agus meas a léiriú air féin agus ar dhaoine eile agus é ag páirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla.

Obair le daoine eile

Ag comhoibriú

Glacann an scoláire páirt i dtascanna le comhscoláirí agus i ngrúpa a éilíonn comhoibriú chun comhspriocanna dúshlánacha a bhaint amach. 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.