Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcúrsa

Leagtar amach an tsonraíocht bunaithe ar cheithre shnáithe: Gníomhaíocht choirp le haghaidh na sláinte agus na folláine; Cluichí; Dúshláin aonair agus foirne; agus Damhsa agus gleacaíocht.

Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo tuiscint an scoláire ar ghníomhaíocht choirp rialta a fheabhsaíonn sláinte mar chuid de stíl bheatha shláintiúil, agus tiomantas an scoláire di, a thógáil. Cuireann an scoláire a chuid foghlama i bhfeidhm agus é ag dearadh, ag cur i bhfeidhm agus ag measúnú a chláir gníomhaíocht choirp féin.

Díríonn an snáithe seo ar chumas agus ar mhuinín an scoláire a thógáil in dhá cheann de na catagóirí cluiche seo a leanas: cluiche cúirte roinnte, cluiche ionsaithe agus cluiche buailte agus ceaptha. Foghlaimíonn an scoláire le réimse scileanna agus inniúlachtaí luaile inaistrithe a fhorbairt agus na bealaí is féidir iad sin a úsáid laistigh de na catagóirí cluiche difriúla agus tríothu.

Díríonn an snáithe seo ar chumas agus ar mhuinín an scoláire a thógáil in dhá cheann de na réimsí gníomhaíocht choirp seo a leanas: treodóireacht agus dúshláin foirne, uiscíocht agus lúthchleasaíocht. Spreagtar an scoláire chun spriocanna dúshlánacha a shocrú dó féin go haonarach agus/nó mar chuid d’fhoireann agus chun machnamh a dhéanamh ar an taithí agus ar an dul chun cinn atá déanta go dtí sin. Sa snáithe seo féadfaidh scoileanna gníomhaíocht eachtra a roghnú seachas treodóireacht má éascaíonn a láthair an rogha sin.

Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo inniúlacht agus tuiscint an scoláire ar luail ealaíonta agus aeistéitiúil a thógáil, agus é ag cruthú agus ag léiriú do lucht féachana mar chuid de ghrúpa sa ghleacaíocht nó sa damhsa. Tá an próiseas ina gcruthaítear an sraith luailí damhsa nó gleacaíochta chomh tábhachtach leis an taibhiú deireanach.

Socróidh gach scoil an t ord ina dteagascfar na snáitheanna agus, nuair is cuí, tabharfar an t ualú ama céanna do gach snáithe lena chinntiú go bhfuil clár leathan, cothromaithe agus cuí maidir le forbairt ann a chlúdaíonn ceithre shnáithe an chúrsa.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Dearadh an gearrchúrsa corpoideachais le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.