Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 An chaoi le monatóireacht a dhéanamh ar a chorpacmhainn agus í a fheabhsú
  1. 1.1

    spriocanna SICRU a shocrú bunaithe ar a thorthaí corpacmhainne a bhaineann le sláinte agus/nó feidhmiú, faoi réir na norm dá aois agus dá ghnéas

  2. 1.2

    prionsabail na traenála a chur i bhfeidhm laistigh de chlár pearsantaithe le haghaidh gníomhaíocht choirp (sé seachtaine ar a laghad) arna cheapadh chun feabhas a chur ar a chorpacmhainn ar son a shláinte agus/nó a bhaineann le feidhmiú, agus taifead a choinneáil ar a dhul chun cinn

  3. 1.3

    a rannpháirtíocht agus a dhul chun cinn sa chlár a mheas, ag tabhairt fianaise ar dhul chun cinn a dhéantar agus ag sainaithint bealaí inar bhféadfadh sé forbairt tuilleadh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Gníomhaíocht choirp do chách
  1. 1.4

    réimse teicnící tomhais a úsáid chun monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar leibhéil gníomhaíocht choirp thar thréimhse leanúnach ama

  2. 1.5

    réimse straitéisí a shainaithint chun tacú le rannpháirtíocht leanúnach i ngníomhaíocht choirp a bhaineann leis an tsláinte

  3. 1.6

    gníomhaíochtaí coirp a thaitníonn le daoine óga a stiúradh, gníomhaíochtaí ar féidir leo tabhairt fúthu chun na híosmholtaí le haghaidh gníomhaíocht choirp le haghaidh na sláinte a bhaint amach.

Foghlaimíonn an scoláire faoi dhá cheann de na catagóirí cluichí.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cluichí ionraidh
  1. 2.1

    réimse leathan scileanna agus straitéisí luaile a úsáid go héifeachtach chun a fheidhmiú féin a fheabhsú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cluichí buailte agus ceaptha
  1. 2.2

    freagracht a ghlacadh as feabhas a chur ar a fheidhmiú féin, bunaithe ar láidreachtaí agus riachtanais forbartha phearsanta

  2. 2.3

    gníomhaíochtaí a leasú chun cuimsiú agus taitneamh a chur chun cinn go sábháilte 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cluichí cúirte roinnte
  1. 2.4

    gníomhaíochtaí a léiriú chun feabhas a chur ar a chorpacmhainn ar son a sláinte agus/nó a bhaineann le feidhmiú le haghaidh cluiche áirithe, lena n áirítear réamhaclaíocht agus fuarú

  2. 2.5

    freagairt, ina n-aonair agus mar bhall foirne do chásanna difriúla cluichí

Foghlaimíonn an scoláire faoi dhá cheann de na réimsí gníomhaíocht choirp.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Treodóireacht agus dúshláin foirne
  1. 3.1

    straitéisí treodóireachta agus scileanna léamh léarscáileanna a úsáid chun imeachtaí éagsúla treodóireachta a dhéanamh go sábháilte agus go muiníneach, ag léiriú measa ar an gcomhshaol

  2. 3.2

    cur le dúshláin foirne a éilíonn comhoibriú agus scileanna réitithe fadhbanna chun sprioc chomónta a bhaint amach

  3. 3.3

    machnamh ar a chion pearsanta féin agus ar éifeachtúlacht a fhoirne i dtaca le dúshlán grúpa a chur i gcrích.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 uiscíocht
  1. 3.4

    feidhmiú go hinniúil agus go muiníneach i réimse de bhéimeanna snámha 

  2. 3.5

    freagairt go cuí do réimse cásanna sábháilteacht uisce 

  3. 3.6

    freagracht a ghlacadh as feabhas a chur ar a fheidhmiú féin, bunaithe ar láidreachtaí agus riachtanais forbartha phearsanta

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 lúthchleasaíocht
  1. 3.8

    gníomhaíochtaí a léiriú le feidhmiú a fheabhsú in imeachtaí lúthchleasaíochta, lena n áirítear ullmhú fisiciúil agus meabhrach

  2. 3.9

    freagracht a ghlacadh as feabhas a chur ar a fheidhmiú féin, bunaithe ar láidreachtaí agus riachtanais forbartha phearsanta

  3. 3.7

    léiriú go hinniúil, go muiníneach agus go sábháilte i réimse imeachtaí lúthchleasaíochta 

Foghlaimíonn an scoláire faoi ghleacaíocht nó damhsa sa snáithe seo.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 sraith luailí a chruthú
  1. 4.1

    damhsa a chruthú leis féin nó le daoine eile, ina bhfuil stíl roghnaithe damhsa agus réimse de theicnící cóiréagrafacha agus frapaí oiriúnacha agus ceol

  2. 4.2

    sraith luailí nó gnáthamh a chruthú bunaithe ar théama gleacaíochta (leis féin nó le daoine eile), agus réimse de theicnící cumadóireachta agus de scileanna gleacaíochta a chuimsiú ann 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 machnamh a dhéanamh ar léiriú
  1. 4.3

    a léiriú a bheachtú de réir critic ar fhíseán dá léiriú agus/nó aiseolais ó dhaoine eile

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 léiriú a dhéanamh
  1. 4.4

    an tsraith luailí damhsa/gleacaíochta a léiriú do lucht féachana agus ceol agus/nó frapaí cuí á gcuimsiú

  2. 4.5

    machnamh a dhéanamh ar an taithí a fuair sé ag cruthú léiriú agus ag glacadh páirte ann

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.