Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú. 

Measúnú Rangbhunaithe: Fianaise ar fhoghlaim a roghnú

I ngach snáithe den ghearrchúrsa corpoideachais seo tá cineálacha éagsúla taithí foghlama shíceamótrach agus tugtar deis don scoláire aiseolas forbartha a fháil de réir mar a bhíonn sé i mbun foghlama. Baileoidh an scoláire fianaise ar a bhfuil foghlamtha aige sa snáithe áirithe sin trí mheasúnú leanúnach le linn gach snáithe agus/nó ag a dheireadh.
Sa tríú bliain, nuair a bheidh na ceithre snáithe críochnaithe aige, roghnóidh an scoláire fianaise ar a fhoghlaim i snáithe amháin lena chur isteach le haghaidh a Mheasúnaithe Rangbhunaithe.
Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe a chur i láthair i bhformáid scríofa, dhigiteach, físe nó fuaime agus is féidir tacú leis sna formáidí sin trí agallamh nó cur i láthair a úsáid.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.