Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Tá an gearrchúrsa seo san fhealsúnacht bunaithe ar fhiosrú ceisteanna móra, an suimiúla agus dúshlánacha ag eascairt as taithí laethúil an scoláire.  Dá réir sin, cuireann an fhealsúnacht le tuiscint an scoláire air féin, ar a dhomhan agus an áit atá aige ann.  Trí na ceisteanna a fhiosrú, tiocfaidh an scoláire ar na príomhréimsí fealsúnachta, cosúil le meitifisic (Céard is ciall le bheith ar marthain?), eipistéimeolaíocht (Céard is eolas ann?), aeistéitic (Céard is áilleacht ann?), fealsúnacht shóisialta agus pholaitiúil (Cén cineál rialtais is fearr?), eitic (Céard é ceartas?), srl.  Tiocfaidh sé trasna chomh maith ar roinnt smaointeoirí, ón saol atá caite agus saol an lae inniu, a chuaigh i ngleic leo seo agus le ceisteanna móra eile.
Ach, leagtar béim sa ghearrchúrsa seo ar ‘fealsúnacht a dhéanamh’ agus ar na scileanna a theastaíonn don chomhrá fealsúnach: éisteacht go cúramach, smaointeoireacht chriticiúil, anailís chúramach, loighic, argóinteacht, réiteach fadhbanna comhoibritheach agus machnamh. Mar aon le scileanna smaointeoireachta a fhorbairt, cuidíonn an próiseas ina bhfoghlaimítear trí chomhrá leis an scoláire éirí níos muiníní chun a thuairim a chur in iúl agus níos measúla ar dhearcthaí éagsúla. 
Is féidir leis an bhfealsúnacht cur le clár folláine sa tsraith shóisearach mar go gcuireann sé spás daonlathach ar fáil inar féidir glór gach duine a chloisteáil agus ina mothaíonn an scoláire go bhfuil meas air agus inar féidir leis fás i bhfeasacht air féin agus ar dhaoine eile.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an ngearrchúrsa fealsúnachta go mbeadh an scoláire páirteach i bhfiosrúchán agus i gcomhrá fealsúnach maidir le ceisteanna móra an tsaoil agus smaointeoirí criticiúla, cruthaitheacha, comhoibritheacha, comhbhácha a fhorbairt ar féidir leo páirt a ghlacadh i ndioscúrsa eolach agus feidhmiú sa domhan ar bhealach níos machnamhaí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.