Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Fealsúnacht agus príomhscileanna

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Roghanna a fhiosrú

Roghnaíonn an scoláire teicnící cuí chun fadhbanna a réiteach agus iarracht á déanamh aige/aici fadhbanna a réiteach trí argóint. Chun é seo a dhéanamh, lorgóidh sé/sí tuairimí agus dearcthaí éagsúla, cuimhneoidh sé/sí ar chásanna agus torthaí éagsúla, agus beidh sé/sí sásta a intinn a athrú.  

A bheith liteartha  Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Spreagann an fhealsúnacht úsáid bheacht teanga agus réasúnaíocht chúramach i gcumarsáid ó bhéal agus scríofa. 
A bheith uimheartha  Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna Tugtar uirlisí don scoláire sa ghearrchúrsa seo chun gnáthaimh smaointeoireachta a chleachtadh. Bogtar an bhéim ar obair an scoláire ón bhfreagra ‘ceart’ a aimsiú go dtí léirthuiscint a fháil ar an gcaoi a oibríonn na próisis um réiteach fadhbanna atá aige/aici. 

Cumarsáid

Plé agus díospóireacht

Gheobhaidh an scoláire muinín de réir mar a ghlacfaidh sé/sí páirt i bplé sa seomra ranga agus a fhreagróidh sé/sí seasaimh chontrártha go cuiditheach, le hargóintí réasúnacha.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Eolas agus sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú agus a mheas

Baileoidh an scoláire smaointe ó raon foinsí agus déanfaidh sé/sí measúnú orthu agus foghlaimeoidh sé/sí conas sonraí a úsáid le tacú lena argóintí agus le breithnithe soiléire a dhéanamh.
Spreagtar é/í le machnamh a dhéanamh ar an tuiscint atá/aici agus an tuiscint sin a athbhreithniú i bhfianaise smaointe nua a dtagann sé/sí trasna orthu.

Mé féin a bhainistiú

Aithne orm féin 

Trí bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sa seomra ranga, lena n áirítear díospóireachtaí agus pléití ranga, foghlaimíonn an scoláire chun a láidreachtaí pearsanta a aithint agus feasacht a fhás faoi na tionchair a chuireann cruth ar a chreidimh agus a thoimhdí féin. 

Fanacht folláin

A bheith dearfach faoin bhfoghlaim

Tá an cúrsa seo fréamhaithe i gceisteanna an scoláire féin agus ceadaíonn an próiseas um breithniúchán daonlathach dó a ghlór a chleachtadh agus brí agus taitneamh a bhaint as an bhfoghlaim. Éisteacht a fháil agus meas a bheith air i bpobal fiosrúcháin a chruthaíonn cultúr dearfach sa seomra ranga.

Obair le daoine eile

Meas a léiriú ar éagsúlachtaí

Spreagann an cúrsa seo an scoláire chun dearcthaí éagsúla a chur san áireamh agus chun léirthuiscint a bheith aige ar éagsúlacht mar fhoinse foghlama saibhrithe. Tugann sé dúshlán do smaointeoireacht ‘dubh agus bán’ an scoláire. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.