Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí


 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Réamhrá leis an bhfealsúnacht
  1. 1.1

    míniú céard is fealsúnacht ann

  2. 1.2

    bunús na fealsúnachta a rianú agus roinnt dá smaointeoirí móra ón ré chlasaiceach go dtí an lá atá inniu ann a ainmniú 

  3. 1.3

    ceisteanna a aithint atá coitianta (a bhíonn ag gach duine), lárnach (a chabhraíonn linn tuiscint a fháil orainn féin agus ar an domhan timpeall orainn) agus inchonspóide (atá ina n ábhar argóinte agus tuiscintí éagsúla)

  4. 1.4

    ‘Céard iad na ceisteanna móra atá agam?’ a shainaithint agus ‘Conas is féidir liom dul i ngleic leis na ceisteanna sin?’

  5. 1.5

    teacht ar chomhaontú mar rang maidir le roinnt ‘ceisteanna móra’ ba mhaith leo a iniúchadh mar chuid den chúrsa seo 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Pobal fiosrúcháin a thógáil

Bheith páirteach i gcomhrá trí bheith in ann:

  1. 1.6

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach le tuairimí eile 

  2. 1.7

    smaointe agus faisnéis éagsúil a lorg d’fhonn seasamh níos eolaí a bhaint amach 

  3. 1.8

    ceisteanna ábhartha agus grinn a chur ag an am ceart, ar an gcúis cheart

  4. 1.9

    teanga na réasúnaíochta a úsáid le linn comhráite

  5. 1.10

    argóint shoiléir a chur i láthair agus a bheith in ann é a chosaint (m.sh. samplaí a thabhairt, frithshamplaí a thabhairt, sainmhínithe a thabhairt, critéir a aimsiú, cur le smaointe eile, ceangailtí a fheiceáil)

  6. 1.11

    argóint nó sraith argóintí a leagan amach (m.sh. bunús, fianaise agus conclúid a thabhairt)

  7. 1.12

    mothúcháin a léiriú ar bhealaí cuí

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Uirlisí don smaointeoireacht a fhorbairt
  1. 1.13.

    cabhrú le daoine eile a mhothú go bhfuil siad mar chuid den ghrúpa

  2. 1.14

    machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar ghlac siad páirt san fhoghlaim

  3. 1.15

    smaoineamh faoina gcuid smaointeoireachta

  4. 1.16

    an difríocht idir argóint, míniúchán agus scéilín a mhíniú

     

  5. 1.17

    nuair atáthar ag éisteacht le duine nó ag léamh téacs, a bheith in ann breith a dhéanamh cibé an bhfuil argóint bhailí agus mhaith á déanamh ag an gcainteoir nó ag an scríbhneoir

     

  6. 1.18

    cineálacha éagsúla réasúnaíochta a shainaithint (m.sh. déaduchtach agus ionduchtaitheach)

  7. 1.19

    roinnt laigí coitianta sa réasúnaíocht a shainaithint (m.sh. falláis a bhaineann le hábharthacht, achainí ar thrua nó mothúchán, achainí ar údarás, fear soip a úsáid, argumentum ad hominem, srl.) agus a bheith in ann samplaí de roinnt de na falláis seo sa saol laethúil a shainaithint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4  Príomhchoincheapa
  1. :

    Pobal fiosrúcháin, ceistiú, smaointeoireacht chriticiúil, smaointeoireacht cruthaitheach, smaointeoireacht chomhoibritheach, smaointeoireacht chúramach, réasún, coincheap, luachanna, argóint, loighic, réamhleagan, fianaise, conclúid, toimhdí, sampla, critéir, catagóir, malairt, tuairim, fíric, claonadh cognaíoch, braistint, cúis, éifeacht, láidreacht, laige, fallás.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht an eolais
  1. 2.1

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile

  2. 2.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 2.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh 

  4. 2.4

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 2.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 2.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 :
  1. Ceisteanna treoracha
    • Cén uair is féidir linn a rá go cinnte go bhfuil rud ar eolas againn?
    • Céard is ciall le rá go bhfuil eolas agat ar dhuine/rud?
    • An féidir le duine ar bith eile tuiscint a bheith acu ar an gcaoi a mhothaíonn sé i m’intinn?
    • An féidir leat rud a bheith ar eolas agat trí instinn nó tríd an gcuma atá air?
    • An gcuidíonn nó an gcuireann mothúcháin isteach ar eolas?
    • An rud ar leithligh ón inchinn í an intinn?
    • Cad é an caidreamh idir ár n intinn agus ár gcorp?
    • An bhfuil réasúnaíocht ag ainmhithe?
    • An ndéanann fir agus mná réasúnaíocht agus an mbíonn eolas acu ar bhealach éagsúil?
    • An bhfuil teorainneacha leis na rudaí ar féidir linn eolas a fháil orthu?
    • Má úsáideann tú teicneolaíochtaí a bhreisíonn an inchinn roimh scrúdú, an caimiléireacht atá ann?
    • Cén chaoi a bhfuil a fhios agam nach bhfuil an domhan fíorúil?
    • An bhfuil úinéireacht ag Google ar eolas?
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 :

Mind/body relationship, knowledge/perception, reality, truth, illusion, idea, senses, imagination, experience, beliefs, memories, language, emotion, self, artificial intelligence, brain-enhancing technologies, gender, culture, beauty, scepticism, relativism.

  1. Príomhchoincheapa

    Caidreamh inchinne/coirp, eolas/braistint, réadúlacht, fírinne, seachmall, smaoineamh, céadfaí, samhlaíocht, taithí, creidimh, cuimhní cinn, teanga, mothúchán, féin, intleacht shaorga, teicneolaíochtaí a bhreisíonn an inchinn, inscne, cultúr, áilleacht, sceipteachas, coibhneasacht.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht na teanga
  1. 3.1

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 3.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 3.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh 

  4. 3.4

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 3.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 3.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Brí, eolas/fios a bheith agat, teanga, tuiscint, tuairisciúil, saintreorach, mothúchánach, áititheach, tátal, cumarsáid neamhbhriathartha, réadúlacht, fírinne, bréag, bolscaireacht, miotas, scéalta, ionramháil, inscne, cultúr.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 2
  1. Ceisteanna Treoracha
    • Cá as a dtagann teanga?
    • Cén chaoi ar féidir linn an chiall atá le focail a thuiscint?
    • Cad é an caidreamh idir an teanga agus an domhan?
    • An gcuireann teanga cruth ar ár smaointe?
    • An féidir smaoineamh gan focail?
    • Céard é an nasc idir focail agus mothúcháin?
    • An féidir cumhacht a bheith le focail?  Cé a ainmníonn an domhan?
    • Céard is bréag ann?
    • Cén chúis go n insíonn daoine scéalta?
    • An ann do theanga go fóill mura labhraíonn aon duine í?
    • An úsáideann agus an dtuigeann cailíní/mná teanga ar bhealach difriúil is a úsáideann agus a thuigeann buachaillí/fir í?
    • An úsáideann ainmhithe teanga?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht na healaíne
  1. 4.1

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 4.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 4.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a chruthú 

  4. 4.4

    argóintí (ó bhéal agus scríofa araon) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 4.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 4.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Áilleacht, luach, teibí, ionadaíoch, léirmhíniú, breith, mealladh, teachtaireachtaí fo thairseachúla, comhdhéanamh, atmaisféar, mothúchán, fírinne, seachmall, smaoineamh, cumarsáid, inscne, cultúr.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 2
  1. Ceisteanna treoracha
    • Céard é agus nach é saothar ealaíne?
    • Cén chaoi ar féidir linn rud a insint agus cé a dhéanann cinneadh?
    • Cén chúis go gcruthaíonn daoine ealaín?
    • Céard atá coitianta idir na healaíona éagsúla?
    • An féidir a bheith oibiachtúil agus measúnú á dhéanamh ar ealaín?
    • Cén chúis a bhfuil an ealaín ann?
    • An cuma céard a bhí i gceist ag an ealaíontóir?
    • Céard a thugann luach do rud éigin?
    • An bhfuil gach duine in ann saothar ealaíne a chruthú?
    • Céard é an caidreamh idir ealaín agus áilleacht, ealaín agus fírinne, ealaín agus moráltacht, ealaín agus folláine an duine?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 1
  1. 5.1

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile  

  2. 5.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 5.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh

  4. 5.4.

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 5.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 5.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Cluichí, spóirt, spraoi, comórtas, buaiteoir/caillteoir, breithiúnas, cóir/míchóir, smacht, caidreamh intinne/coirp, teicneolaíochtaí a chuireann leis an bhfeidhmiú, spreagadh, aonarachas, foireann, ceannaireacht, inscne, cultúr.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 2
  1. Ceisteanna treoracha
    • Cad is ciall le spórt?
    • Cén chúis a bhfuil spórt ann?
    • An ainmhithe iad daoine a imríonn cluichí go nádúrtha?
    • An bhfuilimid iomaíoch ó dhúchas?
    • Céard é an difríocht idir cluiche agus spórt?
    • Ar cheart buntáistí géiniteacha a chur san áireamh i gcomórtais spóirt?
    • Cé leis is mó a thaitníonn comórtas?
    • Céard is ciall le bheith i do cheannaire spóirt?
    • An féidir leis an té a chailleann a bheith ina bhuaiteoir ag an am céanna?
    • An bhfuil sé ceart go leor riamh na rialacha a bhriseadh ar mhaithe le buachan? An féidir seasamh riamh le drugaí a chuireann leis an bhfeidhmiú?
    • Ar cheart spóirt áirithe a thoirmeasc? An bhfuil spóirt áirithe mímhorálta?
    • An bhfuil luach níos airde ar éachtaí acadúla ná ar chumas spóirt?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht na heolaíochta agus na teicneolaíochta
  1. 6.1.

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 6.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 6.3.

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh

  4. 6.4.

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 6.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 6.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Eolas, dul chun cinn, modh, breithniú, hipitéis, turgnamhaíocht, fíorú, léirmhíniú, cúis/éifeacht, toiliú, freagracht, cearta, dualgais, eitic, ionstraimeachas, cógaisíocht mhór, biteicneolaíocht, speicis i mbaol.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 2
  1. Ceisteanna treoracha
    • Céard is eolaíocht ann?
    • Cén chaoi a bhfuil eolas eolaíochta éagsúil ó chineálacha eile eolais?
    • Céard iad toimhdí na heolaíochta?
    • An bhfuil a leithéid de rud ann agus modh eolaíochta?
    • An féidir gach rud a mhíniú le heolaíocht?
    • Cad é an gaol idir an rud a chreidimid agus an rud a fheicimid?
    • An bhfuil eolaíocht agus moráltacht comhoiriúnach?
    • Ar cheart dúinn ainmhithe a úsáid i dturgnaimh eolaíochta? Céard faoi dhaoine a úsáid?
    • Ar cheart go mbeadh teorainneacha le húsáid na biteicneolaíochta? Cén chaoi ar cheart teorainneacha a shocrú?
    • An gcuireann an teicneolaíocht folláine daoine chun cinn i gcónaí? Cén uair a dhéanann sí dochar?
    • An féidir leis an eolaíocht agus teicneolaíocht ár bhfadhbanna uile a réiteach?
    • An mbeidh an teicneolaíocht in ann ár ndomhan leochaileach a shábháil?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht mhorálta
  1. 7.1.

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 7.2.

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 7.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh

  4. 7.4.

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 7.5.

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 7.6.

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Morálta/mímhorálta, eitic, maith, olc, ceart/mícheart, fírinne, oibiachtachas, absalóideachas, coibhneasacht, dualgas, freagracht, rún, iarmhairt, saorthoil, údarás, ceartas, dlí, nádúr an duine, luach saothair, pionós, ciontacht, fóntachas, héadónachas, eitic chomhshaoil, eitic ghné, eitic an fheimineachais, dáileadh saibhris.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ceisteanna
  1. Ceisteanna treoracha
    • Céard is maitheas ann?
    • An é an sonas an maitheas is airde?
    • Céard is saol maith ann?
    • Cén chaoi a mbeidh a fhios agam céard é an gníomh ceart?
    • An mbíonn ceart agus mícheart údarásach ann i gcónaí?
    • Cén fáth ar cheart dom a bheith go maith/morálta?
    • An féidir leat a bheith i do dhuine maith agus drochrudaí a dhéanamh?
    • An bhfuil sé ceart go leor riamh duine eile a mharú?
    • An bhfuil sé eiticiúil orgáin dhaonna a cheannach?
    • An bhfuil cearta ag ainmhithe? An bhfuil dualgas ar dhaoine an dúlra a chosaint?
    • An iad na hiarmhairtí a bhíonn ag gníomhartha an rud is tábhachtaí ar fad?
    • Más toil linn an chríoch ní mór toiliú leis an gcaoi, an bhfuil dlí ar an riachtanas?
    • An mbíonn ‘cogadh cóir’ riamh?


 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht shóisialta agus pholaitiúil
  1. 8.1.

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 8.2.

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 8.3.

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh

  4. 8.4.

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 8.5.

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú.

  6. 8.6.

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Nádúr an duine, ról an rialtais, údarás, saoirse, ceartas, coireacht agus pionós, cosaint chearta an duine, daonlathas, deachtóireacht, ainrialtacht, sóisialachas, cumannachas. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 1
  1. Ceisteanna treoracha
    • An gá do dhaoine a bheith mar chuid de shochaí le bheith faoi bhláth?
    • Cén chúis atá le rialtas?
    • Céard is saoirse ann? An bhfuilimid saor i ndáiríre?
    • Cén teorainneacha, más ann dóibh, ba cheart a chur ar shaoirse saoránach aonair?
    • Céard is comhionannas ann? An gciallaíonn caitheamh le gach duine go cothrom caitheamh mar a chéile le gach duine?  Ar cheart don stát seasamh isteach chun éagothroime a leigheas?
    • Céard is ceartas ann? Ar cheart dúinn cloí leis an dlí/na rialacha fiú mura bhfuil siad féaráilte?
    • Cén chúis atá le príosúin?
    • Céard a thugann an ceart do dhaoine bheith i réim?
    • An ndéanann ár n ionadaithe poiblí ionadaíocht thar ceann na ndaoine ar fad? 
    • Cén chúis go bhfuil níos mó fir ná mná ina bpolaiteoirí?
    • An dtruaillíonn cumhacht i gcónaí?
    • An bhfuil mná agus fir cothrom i sochaí an lae inniu?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht an oideachais
  1. 9.1

    listen carefully, critically and respectfully to each other 

  2. 9.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 9.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta a ghlacadh

  4. 9.4

    argóintí (ó bhéal agus scríofa) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 9.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 9.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim 

  7. Príomhchoincheapa

    Oideachas, foghlaim, oiliúint, comhionannas, intleacht, scileanna, forbairt an duine, ceartas, comhionannas, na healaíona agus na heolaíochtaí.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 1
  1. Ceisteanna treoracha
    • Cén chúis go bhfuil scoil ann?
    • Cén chuma a bheadh ar chothroime agus cothromas san oideachas?
    • An bhfuil intleacht inbheirthe?
    • An bhfuil difríocht idir oideachas agus oiliúint?
    • An gá do gach duine dul ar scoil chun oideachas a fháil?
    • Céard a thomhaistear i dtástálacha agus scrúduithe?
    • Céard is ciall le hoideachas maith a bheith ort?
    • An stopann an fhoghlaim tar éis an oideachais fhoirmiúil?
    • An bhfuil na healaíona níos uachtaraí ná na heolaíochtaí? (nó a mhalairt?)
    • Céard é an rud is tábhachtaí is gá duit a fhoghlaim sa saol?

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fealsúnacht an reiligiúin
  1. 10.1

    éisteacht go cúramach, go criticiúil agus go hómósach lena chéile 

  2. 10.2

    tuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla a lorg maidir leis na ceisteanna atá á bplé, lena n áirítear tagairtí d’fhealsaimh nó do theoiricí ábhartha

  3. 10.3

    anailís agus comparáid a dhéanamh ar smaointe agus a bheith in ann tógáil ar smaointe daoine eile chun seasamh pearsanta 

  4. 10.4

    argóintí (ó bhéal agus scríofa araon) a chruthú ina gcuirtear i láthair dearcadh soiléir agus loighciúil

  5. 10.5

    cabhrú chun pobal ceisteach criticiúil, cruthaitheach, comhoibríoch agus báúil a chruthú

  6. 10.6

    machnamh ar an gcaoi a bhfuil a scileanna smaointeoireachta agus comhoibritheacha á bhforbairt ag an bhfoghlaim

  7. Príomhchoincheapa

    Dia, creideamh, luachanna, maith/olc, fulaingt, bheith ar marthain agus brí, bunús an tsaoil, saol eile, moráltacht, fírinne, críonnacht, aindiachas, agnóiseachas, daonnachas. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 1
  1. Ceisteanna treoracha
    • An bhfuil Dia ann?
    • Cá bhfios dúinn?
    • Má tá Dia fireann, an Dia atá san fhireann?
    • Cén fáth a gceadaíonn Dia uilechumhachtach do dhaoine maithe fulaingt?
    • Céard a tharlaíonn nuair a fhaighimid bás?
    • Mura bhfuil aon saol tar éis an bháis, cén fáth ar cheart dúinn saol maith a chaitheamh?
    • An dteastaíonn reiligiún ó dhuine chun saol morálta a chaitheamh?
    • An bhfuil a chumhacht sa domhan caillte ag an reiligiún?
    • An mbeadh níos mó saoirse sa domhan d’uireasa reiligiún?
    • An é an reiligiún ‘óipiam an duine’?
    • Céard is taithí reiligiúnach ann?
    • An féidir le creideamh a bheith ann gan tuiscint?
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.