Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Tacaíonn an gearrchúrsa seo le héagsúlacht leathan cuir chuige i leith measúnú. Tá roinnt torthaí foghlama oiriúnach le haghaidh measúnú aon uaire, cuid eile le haghaidh measúnú ar bhonn leanúnach de réir mar a thugann  an scoláire faoi ghníomhaíochtaí difriúla foghlama cosúil le ceistiúchán, plé, argóint, míniú, éisteacht, comhoibriú agus cur i láthair. Sna comhthéacsanna sin, déanann an scoláire, i dteannta a mhúinteora agus a phiaraí, machnamh ar a chuid foghlama féin agus ar fhoghlaim daoine eile agus tugann sé breithiúnas orthu bunaithe ar an aiseolas a thugann agus a fhaigheann sé. Is féidir le measúnú leanúnach tacú leis an scoláire de réir mar a fhorbraíonn sé a scileanna san fhealsúnacht agus ina ullmhúchán don Mheasúnú Rangbhunaithe a bhaineann leis an ngearrchúrsa seo.

Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid agus nuair a dhíríonn tuairisciú ní hamháin ar conas a d’éirigh leis an scoláire san am a chuaigh thart, ach ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh breis foghlama. Cuirfear dul chun cinn agus gnóthachtáil an scoláire sna gearrchúrsaí, idir mheasúnuithe leanúnacha agus an Measúnú Rangbhunaithe a bhaineann go sonrach leis an ngearrchúrsa seo, in iúl dá thuismitheoirí sa tuairisciú eatramhach agus i bPróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). Tá Foireann Uirlisí don Mheasúnú ar fáil ar líne chun tacú le múinteoirí agus le scoileanna. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), cuireann an Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta don fhoghlaim, teagasc, measúnú agus tuairisciú ar fáil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.