Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gearrchúrsaí agus Cláir Foghlama Leibhéal 1

Sa tsraith shóisearach nua, ba cheart go mbeadh scoláire a bhfuil an gearrchúrsa seo á dhéanamh aige ag leanúint Chlár Foghlama Leibhéal 1 (L1LP) pearsantaithe mar aon le comhpháirteanna eile den churaclam (ó Leibhéal 1 agus b’fhéidir ceann nó péire ó Leibhéal 2). Pleanáiltear Cláir Foghlama Leibhéal 1 bunaithe ar Aonaid Foghlama Tosaíochta dhifriúla ina ndírítear ar scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla an scoláire a fhorbairt. Anuas ar na hAonaid Foghlama Tosaíochta, féadfaidh an scoláire staidéar a dhéanamh ar ghearrchúrsaí ag a bhfuil torthaí foghlama atá ailínithe go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín A). Is é Bia blasta an chéad cheann de thrí ghearrchúrsa atá forbartha ag CNCM.

Is iondúil gurb é an sprioc-scoláire a ndírítear Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus gearrchúrsaí Leibhéal 1 air an scoláire a bhfuil riachtanais foghlama shuntasacha aige. Beidh roinnt de na sprioc-scoláirí i gcatagóir íseal measartha chuig géar nó trom de mhíchumas foghlama de bharr measúnú foirmiúil a rinne síceolaí oideachais agus bheadh plean foghlama pearsantaithe ag an scoláire nuair a bhí sé sa bhunscoil. Sa chomhthéacs sin, dearadh Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus na gearrchúrsaí do scoláire a bhainfeadh tairbhe as deiseanna chun foghlaim agus scileanna a fheabhsú i réimsí ar nós litearthacht agus uimhearthacht bhunúsach, teanga agus cumarsáide, scileanna soghluaisteachta agus fóillíochta, comhordú luaile agus forbairt shóisialta agus phearsanta. Cuirtear deis ar fáil i gCláir Foghlama Leibhéal 1 freisin don scoláire an fad ama is féidir leis díriú ar ghníomhaíochtaí a fheabhsú, mar aon lena chumas chun eolas agus scileanna a ghinearálú agus a aistriú thar chásanna áirithe, agus chun eolas a phróiseáil ó níos mó ná cainéal céadfach amháin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.