Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhmeanna

Réasúnaíocht

Ábhar is ea Bia blasta atá an-spreagthach do go leor scoláirí atá i mbun CFL1. Tógann an gearrchúrsa seo ar fhorbairt raon scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla agus cuireann sé chun cinn iad i gcomhthéacs na foghlama faoi bhia, faoi dheochanna agus faoin gcothú. Mar aon le foghlaim faoi itheachán agus ólachán sláintiúil, glacann an scoláire páirt freisin i gceannach, ullmhú agus ithe bia agus dí. Bíonn deiseanna aige cuairt a thabhairt ar shiopaí agus asraonta bia áitiúla agus iad a úsáid. Forbraítear freisin scileanna saoil praiticiúla ar nós bord a leagan, airgead a úsáid agus rogha a dhéanamh ó bhiachlár. Forbraíonn an scoláire scileanna riachtanacha amhail scileanna cumarsáide; teanga agus litearthacht; uimhearthacht; lipéadaithe; rangú agus comparáid. Forbraítear eolas, scileanna agus meonta maireachtála neamhspleácha don saol trí ghníomhaíochtaí teagmhálacha, naisc leis an bpobal agus tionscadail chruthaitheacha.

Aidhm

Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa seo eolas an scoláire a fhorbairt maidir leis an áit as a dtagann bia, conas biachlár a phleanáil agus bia agus deoch a cheannach i réimse suíomhanna. Foghlaimíonn sé freisin faoi bhia agus deoch sláintiúil agus roghanna eolacha a dhéanamh maidir leis na rudaí a itheann sé. Forbraítear scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla i gcomhthéacs na foghlama faoi bhia, deoch agus cothú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.