Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Tá an-luach ar an bhfiontraíocht i ndomhan an lae inniu. Éilíonn sé cruthaitheacht, athléimneacht agus obair bhuíne mhaith. Meallann beochan daoine óga. Cuireann na scileanna a bhaineann le beochan sa ghearrchúrsa seo forbairt réimse scileanna sóisialta, praiticiúla agus TFC chun cinn i gcomhthéacs mionchuideachta beochan-bhunaithe a bhunú. Forbraítear scileanna agus eolas maidir le fiontraíocht, comhoibriú agus léirthuiscint bhunúsach ar bhéasaíocht ghnó bhuntúsúil fad is a nochtar leanúint próisis agus réimse trealamh TFC don scoláire. Gabhann an cúrsa spéis an scoláire mar gheall ar na deiseanna féideartha atá ann chun a shamhlaíocht a úsáid. Forbraítear eolas agus scileanna praiticiúla trí naisc le tionscadail chruthaitheacha, cumarsáid agus litearthacht.

Aidhm

Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa Fiontraíocht sa Bheochan forbairt scileanna fiontraíochta agus teicneolaíochta a éascú fad is a ionchorpraítear forbairt bunscileanna saoil cosúil le smaointeoireacht chriticiúil, nuálaíocht agus cinnteoireacht chomhoibritheach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.