Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha

íomhá CNCM réamhshocraithe

Bíonn daoine óga ag cruthú agus ag comhroinnt meán i dtimpeallacht dhigiteach chun cumarsáid agus plé a dhéanamh lena chéile agus leis an domhan trí chéile, agus is gné é sin den chumarsáid atá ag éirí níos tábhachtaí ná riamh. Bíonn siad go gníomhach ag ionramháil meáin dhigiteacha chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha, chun a gcuid suimeanna a leanúint agus chun iad féin a chur in iúl ar líne. Trí staidéar a dhéanamh ar an ngearrchúrsa seo i Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha, foghlaimeoidh scoláirí conas teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun dul i mbun fiosrúchán féinstiúrtha, chun roghnú idir iliomad foinsí eolais agus chun bheith rannpháirteach go sábháilte agus go héifeachtach i dtimpeallacht ar líne.