Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Tá daoine óga ag úsáid meán digiteach go gníomhach le páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha. Is gné atá ag éirí níos tábhachtaí é déanamh agus comhroinnt meán sa bhealach a ndéanann daoine óga cumarsáid agus a dtéann siad i ngleic lena chéile agus leis an saol mór. Dóibhsean, tá postáil, nascadh, comhroinnt agus cuardach i measc na mbealaí a mbíonn siad páirteach ina bpobail agus a ndéanann siad caidreamh sóisialta. Tugann an gearrchúrsa seo deiseanna leis an bhfaisnéis agus eolas atá ar líne a iniúchadh agus a fháil, ag cur ar a gcumas leanúint dá spéiseanna, iad féin a chur in iúl ar líne agus fadhbanna a bhaineann lena saol a réiteach. 

Agus iad ag déanamh staidéir ar mheáin shóisialta, foghlaimíonn scoláirí conas teicneolaíocht dhigiteach, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon a úsáid le tabhairt faoi fhiosrú féindírithe. De réir mar a fhorbraíonn scoláirí a scileanna litearthachta digiteacha, feabhsaíonn siad a gcumas bheith eolach ar a bhfuil á lorg acu, cad é an fhaisnéis is cóir neamhaird a dhéanamh uirthi nó a chaitheamh de leataobh, agus conas a aithint cad is féidir bheith úsáideach nó suntasach. Foghlaimíonn siad conas idirdhealú idir na foinsí iolracha eolais atá ar fáil ar líne agus dúshlán a thabhairt do na tuairimí a fhaigheann siad ansin. Foghlaimíonn siad conas cruthú, comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, agus a thuiscint conas agus cén uair is fearr is féidir teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le tacú leis na próisis seo.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an ngearrchúrsa seo cumas an scoláire a mhéadú agus a bheachtú le teicneolaíocht dhigiteach, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon a úsáid go cruthaitheach, go criticiúil agus go sábháilte, mar thaca lena bhforbairt, foghlaim agus cumas páirt a ghlacadh go héifeachtach sa saol sóisialta agus pobail.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.