Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Forbraíonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa i litearthacht sna meáin dhigiteacha tuiscint níos mó sna scoláirí ar cad a ghlacann sé le bheith rathúil i dtimpeallachtaí digiteacha trí cheithre shnáithe idirnasctha: Mo dhomhan digiteach; mo spéiseanna a leanúint ar líne; na fíricí a sheiceáil agus mé féin a fhoilsiú.

Sa snáithe seo fiosraíonn an scoláire an fáth le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid; iniúchann siad na saincheisteanna eiticiúla agus dlíthiúla maidir le meáin a íoslódáil ón idirlíon agus forbraíonn siad tuiscint ar shábháilteacht ar líne dóibh féin agus do dhaoine eile.

Sa snáithe seo, fiosróidh an scoláire conas a fhoilsítear téacsanna digiteacha agus cad iad a gcuspóirí éagsúla; cuirfidh siad i gcomparáid conas a chuirtear faisnéis chomhchosúil i láthair i bhformáidí éagsúla agus fiosróidh siad conas faisnéis a léiriú ag úsáid íomhánna digiteacha.

Sa snáithe seo fiosróidh an scoláire conas a imríonn rogha an mheáin dhigitigh tionchar ar phatrúin tomhaltóirí agus fiosróidh siad coincheap an chlaonta agus an tionchair ar líne.

Sa snáithe seo fiosraíonn an scoláire cearta agus rioscaí ar líne, ag léiriú caighdeáin agus prótacail mhaithe le haghaidh eolas a roinnt ar líne agus foghlaimeoidh siad conas foinsí ar líne a lua agus tagairt a dhéanamh dóibh go cruinn nuair a úsáideann siad iad.

Ní cheaptar go ndéanfar an gearrchúrsa seo in ord ar bith faoi leith, tá saoirse ag múinteoirí agus ag scoláirí na torthaí foghlama agus na snáithe a fhiosrú i gcur chuige comhtháite, agus in aon ord is fearr a oireann do gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama. 

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe thíos an fhoghlaim a dhéanann scoláirí sa ghearrchúrsa CNCM seo. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.  

 
Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. 
 
Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.