Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measunú agus tuairisciú

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Tacaíonn an gearrchúrsa seo le héagsúlacht leathan cuir chuige i leith measúnú. Tá roinnt torthaí foghlama fóirsteanach le haghaidh measúnú aon uaire, cuid eile le haghaidh measúnú leanúnach de réir mar a thugann an scoláire faoi ghníomhaíochtaí difriúla foghlama ar nós plé, míniú, taighde, cur i láthair, pleanáil agus gníomhú. Sna comhthéacsanna sin, déanann an scoláire, i dteannta a mhúinteora agus a phiaraí, machnamh ar a chuid foghlama féin agus ar fhoghlaim daoine eile agus tugann sé breithiúnas orthu trí bhreathnú ar chaighdeán na bpíosaí áirithe oibre. Pleanálann sé na chéad chéimeanna eile ina chuid foghlama, bunaithe ar an aiseolas a fhaigheann agus a thugann sé. Is féidir le measúnú leanúnach tacú leis an scoláire ina aistear foghlama agus ina ullmhúchán don mheasúnú rangbhunaithe a bhaineann leis an ngearrchúrsa seo.

Samhlaítear go dtabharfaidh scoláirí fianaise ar a bhfoghlaim ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear meáin dhigiteacha, taifid fuaime agus píosaí scríofa.

Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cuirfear dul chun cinn agus gnóthachtáil an scoláire sna gearrchúrsaí, idir mheasúnuithe leanúnacha agus an Measúnú Rangbhunaithe a bhaineann go sonrach leis an ngearrchúrsa seo, in iúl dá thuismitheoirí sa tuairisciú eatramhach agus i bPróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). Tá Foireann Uirlisí don Mheasúnú ar fáil ar líne chun tacú le múinteoirí agus le scoileanna. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc, measúnaithe agus tuairiscithe.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.