Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráitis foghlama (RF)

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa

Déanann an scoláire straitéisí a cheapadh agus a mheas chun fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach ag baint úsáide as eolas, réasúnaíocht agus scileanna matamaiticiúla.
RF 17

Tá réiteach fadhbanna agus smaointeoireacht ríomhaireachta ina ngnéithe lárnacha den chúrsa seo. Úsáideann an scoláire a eolas matamaiticiúil, a scileanna matamaiticiúla agus a thuiscint mhatamaiticiúil nuair atá réitigh ar fhadhbanna sonracha á noibriú amach, a measúnú agus a gcur i bhfeidhm. 

Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú.
RF 16

Léirmhíníonn agus cuireann an scoláire síos ar phatrúin agus ar ghaoil de réir mar a réitíonn sé fadhbanna agus de réir mar a chruthaíonn sé tionscadail ag úsáid algartam agus teangacha ríomhchlárúcháin.

Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha.
RF 20

Déanann an scoláire, ina aonar nó mar chuid d’fhoireann, taighde agus plé ar na teicneolaíochtaí is oiriúnaí le húsáid, chun fadhbanna a réiteach agus chun réitigh a chur ar fáil.

Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.
RF 23

Tugann an scoláire faoi ransú smaointe agus faoi ghníomhaíochtaí pleanála, téann sé ar aghaidh ansin go dtí na céimeanna deartha, forbartha agus tástála, agus bíonn réiteach tionscadail ar fhadhb shonrach a chruthú ina thoradh ar a chuid oibre ar fad.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.