Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa códaithe seo de chuid na sraithe sóisearaí ar scileanna réitigh fadhbanna an scoláire a fhorbairt trí thrí shnáithe nasctha: Bunchúrsa sa Ríomheolaíocht, Nascaimis agus Códú ag an gCéad Chéim Eile.

Sa snáithe seo, fiosraíonn an scoláire an réimse úsáidí a bhíonn ag ríomhairí i saol an lae inniu agus foghlaimíonn sé leis na cruaearraí agus leis na bogearraí bunúsacha a ritheann iad a thuiscint. Áirítear leis seo foghlaim le cód a scríobh, a thástáil agus a mheasúnú.

Cuireann an snáithe seo le tuiscint an scoláire ar an ríomhaire mar uirlis cumarsáide trí shonraí a stóráil agus a ionramháil. Bíonn deis ag an scoláire freisin ábhar nó dúshlán sa ríomheolaíocht a spreagann é a shainaithint agus taighde a dhéanamh air, é a chur i láthair agus aiseolas a fháil faoi.

Sa snáithe seo, tugtar buneolas don scoláire ar leibhéil códaithe níos casta agus bíonn sé in ann a thuiscint a thaispeáint trí thaifeadadh, trí phlé agus trí aiseolas.

Dearadh an cúrsa seo le déanamh in ord loighciúil: snáithe 1 ar dtús agus ansin snáithe 2 agus snáithe 3. Cuireann sé sin ar chumas an scoláire tógáil ar na scileanna a d’fhoghlaim sé cheana féin. Is snáithe bunúsach é Snáithe 1 ina dtugtar buneolas ar an ábhar, agus ba cheart tabhairt faoi sin ar dtús. D’fhéadfadh an scoil tabhairt faoin dá shnáithe eile i pé ord a cheapann sí is fearr dá scoláirí.

Spreagtar obair bhuíne ar fud na dtrí shnáithe. Bíonn an scoláire ag comhoibriú, i mbun míniú piaraí, ag lorg aiseolais, ag tabhairt aiseolais agus ag déanamh machnaimh ar a chuid oibre. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí foghlama praiticiúla, teagmhálacha agus ina dtugtar faoi réiteach fadhbanna le feiceáil i ngach cuid de thrí shnáithe an chúrsa. Is féidir coincheapa teoiriciúla a neartú trí thionscadail agus trí obair phraiticiúil. 
 
Ba cheart bogearraí saor in aisce agus foinse oscailte a úsáid nuair is féidir, ionas go mbeidh na huirlisí bogearraí ar fáil chomh héasca agus is féidir don scoláire agus ionas go mbeidh deis ag an scoláire foinse chód foinseach na nuirlisí a úsáideann sé a scrúdú.
 
I gcomhthéacs a chuid sláinte agus folláine, leagtar béim ar shábháilteacht an scoláire nuair atá ríomhairí á núsáid sna Ráitis Foghlama agus ba cheart go mbeadh sí ina gné de thaithí an scoláire ar an gcúrsa. Tá gearrchúrsa eile ar fáil ó CNCM faoi Litearthacht ar na Meáin Dhigiteacha a thugann aghaidh níos beaichte ar ábhar imní faoi shábháilteacht idirlín agus faoi úsáid fhreagrach an idirlín. Ba cheart go gcuirfí an scoláire ar an eolas freisin faoi Pholasaí Úsáide Inghlactha a scoile. 
 
Léirítear an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM sa mheasúnú rangbhunaithe a dtugtar breacchuntas air thíos. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an measúnú rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le measúnú rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.
 
Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
 
Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.