Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Códú agus na príomhscileanna

Códú agus na príomhscileanna

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

 A bheith cruthaitheach

Smaointe a chur i bhfeidhm agus gníomhú 

Déanann scoláirí ransú smaointe agus ceapann siad smaointe chun réitigh agus tionscadail a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.

 A bheith liteartha

Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas  

Cruthaíonn an scoláire suíomh gréasáin chun torthaí ábhair ar a ndearna sé taighde a thaispeáint.

A bheith uimheartha

Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna 

DCruthaíonn an scoláire cláir ghearra a thaispeánann é ag úsáid agus ag tuiscint smaointe matamaiticiúla agus ríomhaireachta.

Cumarsáid

Plé agus díospóireacht

Pléann an scoláire smaointe, déanann sé measúnú ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí cur chuige difriúil, agus molann sé réitigh fhéideartha. Tugann sé tuairisc ar thionscadail agus aiseolas ar obair daoine eile.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil

Fiosraíonn an scoláire bealaí nua agus difriúla chun ceisteanna a fhreagairt agus chun fadhbanna a réiteach. Úsáideann sé uirlisí éagsúla chun teacht ar fhaisnéis agus chun í a bhainistiú agus a roinnt, ar nós sreabhchairteacha, cáipéisí deartha, cáipéisíocht códaithe agus liostaí fabhtanna.

Mé féin a bhainistiú

Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach

Glacann an scoláire freagracht as a chuid foghlama pearsanta trí spriocanna a leagan amach agus trí chúnamh a lorg nuair is gá óna chomhscoláirí, ón múinteoir nó ó fhoinsí oiriúnacha eile, agus trí machnamh a dhéanamh ar an aiseolas a fhaigheann sé.

Fanacht folláin

A bheith slán 

Éiríonn an scoláire feasach ar na saincheisteanna folláine, sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le bheith ag obair le ríomhairí, agus ar shaincheisteanna praiticiúla eirgeanamaíochta a bhaineann le ríomhairí a úsáid. Foghlaimíonn an scoláire le bheith freagrach, sábháilte agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid aige.

Obair le daoine eile

Ag comhoibriú

Forbraíonn an scoláire caidreamh maith oibre le daoine eile agus bíonn léirthuiscint aige don fhiúntas a bhaineann le meas agus le comhoibriú nuair atá spriocanna pearsanta agus grúpa á mbaint amach. Foghlaimíonn sé le léirthuiscint a bheith aige do bhuanna iléagsúla agus le tabhairt faoi obair chomhoibríoch.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.