Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.

Measúnú Rangbhunaithe: Na Píosa a Fhí ina Chéile

Is ionann an measúnú rangbhunaithe seo agus toradh na hoibre ar tugadh fúithi i dtrí shnáithe an ghearrchúrsa Códaithe. Ba chóir tús a chur leis an Measúnú Rangbhunaithe i ndiaidh obair na dtrí shnáithe a chur i gcrích.  

Forbróidh an scoláire tionscadal deiridh bogearraí dá rogha féin i ngrúpa de bheirt nó de thriúr. Déanfaidh an grúpa taighde agus bunóidh siad riachtanais; dearfaidh siad na bogearraí, cuirfidh siad i bhfeidhm iad agus tástálfaidh siad iad. Déanfaidh siad doiciméadú ar a gcuid oibre agus ar a gcód agus cuirfidh siad an tionscadal i láthair a bpiaraí le hathbhreithniú. Déanfaidh siad machnamh ar an aiseolas agus tabharfaidh siad aiseolas ar thionscadail scoláirí eile.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.