Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Tá spéis ag níos mó daoine óga sa tSínis a fhoghlaim agus cultúr agus nós maireachtála mhuintir na Síne a fhiosrú. Tugann an gearrchúrsa i dTeanga agus Cultúr na Síne réamhrá don scoláire ar theanga agus cultúr na Síne. Tugann sé bunús foghlama sa Mhandairínis don scoláire agus is féidir leis cur leis ina dhiaidh sin ina chuid staidéir. Foghlaimíonn sé chomh maith faoin tSín agus tuigeann sé agus faigheann siad taithí ar ghnéithe den chultúr Síneach atá ríthábhachtach chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa tSínis. Forbraíonn an scoláire a scileanna cumarsáide, a chumas idirghníomhú le muintir na Síne agus leo siúd ó chultúir eile, agus a chumas le bheith ina fhoghlaimeoir teanga éifeachtach. Dírítear ar Shínis bhunúsach a thuiscint agus a labhairt i ngnáthchúrsaí an lae trí rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí agus trí na meáin dhigiteacha a úsáid. Tá an leibhéal inniúlachta atá le baint amach sa ghearrchúrsa ailínithe go ginearálta leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach A1.1 do labhairt agus éisteacht, agus leibhéal níos ísle do léamh agus scríobh.

Foghlaimíonn an scoláire le bheith níos féintreoraithe ina fhoghlaim agus na rudaí a chuidíonn leis a spriocanna a bhaint amach a shainaithint.  Tacaítear agus cuirtear luas faoina dhul chun cinn trí tharraingt ar a thaithí ar theangacha eile a fhoghlaim.  Ceapadh an gearrchúrsa chun muinín agus inniúlacht a thógáil trí thaitneamh agus mothú gnóthachtála i bhfoghlaim leis an tSínis a labhairt agus a scríobh. 

Aidhm

Díríonn an gearrchúrsa seo ar chur ar chumas an scoláire bunleibhéil líofachta i Mandairínis labhartha agus scríofa, a fheasacht chultúrtha agus idirchultúrtha a fhorbairt, agus le foghlaim lena dhul chun cinn i bhfoghlaim na Sínise a phleanáil agus a mheas.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.