Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcursa

Is cúrsa é seo i dTeanga agus Cultúr na Síne don chainteoir neamhdhúchais, agus ualú timpeall 70% i dtreo na teanga agus 30% i dtreo an chultúir.

Eagraítear na ceithre shnáithe timpeall ar fhearainn úsáid na teanga atá ábhartha agus bríoch do scoláire na sraithe sóisearaí:
 

Snáithe 1: Mé féin, mo theaghlach agus mo chairde. Déanann an scoláire cumarsáid faoi féin i socruithe pearsanta

Snáithe 2: Amuigh in áiteanna poiblí. Foghlaimíonn an scoláire teanga chun páirt a ghlacadh i suíomhanna poiblí difriúla
Snáithe 3: Oideachas agus an scoil. Déanann an scoláire cumarsáid le múinteoirí agus lena chomhscoláirí i suíomhanna scoile agus taobh amuigh den scoil 
Snáithe 4: Saoránaigh Shíneacha agus saoránaigh óga dhomhanda. Foghlaimíonn an scoláire faoi mhuintir na Síne, sa tSín féin agus ar fud an domhain, agus a gceangail le cultúir agus le daoine eile.

 

I gceithre shnáithe ar leith ach atá ceangailte, forbraíonn an scoláire scileanna cumarsáide, idirchultúrtha agus feasachta teanga, agus inniúlacht i litearthacht dhigiteach. Cé go dtugann na ceithre shnáithe ord áirithe le fios don fhoghlaim, is féidir leis an múinteoir nó an scoláire é a athrú ag brath ar a riachtanais féin. Iarrtar ar gach scoláire na torthaí foghlama céanna a bhaint amach ach beidh difríocht le sonrú in inniúlacht na scoláirí ar fad.

Glacann an gearrchúrsa le cur chuige bunaithe ar ghníomhaíochtaí agus tascanna i leith foghlaim teanga. Spreagann gníomhaíochtaí agus tascanna an scoláire, faoi threoir a mhúinteoir, an sprioctheanga a theastaíonn uaidh a shainaithint agus í a úsáid chun toradh ‘san fhíorshaol’ a bhaint amach.  Áirítear leis an sprioctheanga a theastaíonn scileanna teanga (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh), foirmeacha gramadaí, foclóir agus fuaimniú (toin san áireamh). Leagtar amach samplaí díobh sin ar fad sna heiseamláirí samplacha. Leagtar amach sna heiseamláirí samplacha an fhoghlaim ar leith ba chóir teacht as dul i ngleic le torthaí foghlama an chúrsa (Aguisín 2).

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le measúnú rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.
Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).
Dearadh an gearrchúrsa Teanga agus Cultúr na Síne le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.