Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna eile

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Ag foghlaim go cruthaitheach 

Cruthaíonn agus eagraíonn an scoláire imeachtaí a léiríonn agus a roinneann a thuiscint ar chultúr agus teanga na Síne leis an scoil/comhscoláirí agus an pobal, e.g. Bliain Nua na Síneach, Féilte Bád an Dragain.  

A bheith liteartha  Mo thuiscint ar fhocail a fhás Forbraíonn an scoláire tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn teanga trí theanga nua a fhoghlaim.  Foghlaimíonn sé le comparáidí a dhéanamh idir na teangacha ar fad a labhraíonn sé nó a ndéanann sé staidéar orthu ach an chaoi a gcuireann focail bríonna in iúl a thabhairt faoi deara.  
A bheith uimheartha Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil Glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí foghlama lena mbaineann uimhreacha a úsáid (ar nós aois, am, fad, cainníocht, airde a thabhairt le fios agus treoracha a thabhairt) agus tugann sé pátrúin faoi deara de réir mar a théann sé i ngleic le carachtair Shínise a scríobh.  

Cumarsáid

Éisteacht agus mé féin a chur in iúl

Glacann an scoláire páirt i gcomhráite duine le duine agus ar líne le cainteoirí Sínise ó réimse cúlraí. Glacann sé páirt i ngníomhaíochtaí agus tascanna barántúla, san fhíorshaol, d’fhonn tuiscint a fháil ar a bhfuil á rá agus chun teachtaireachtaí a chur in iúl. 

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt 

Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht dhigiteach chun teacht ar ábhar teanga agus cultúrtha mar aon le hábhair foghlama.  Úsáideann sé na meáin ar líne chun tascanna cúrsa a chur i gcrích lena chomhscoláirí.

Mé féin a bhainistiú

A bheith in ann athmhachnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin 

Foghlaimíonn an scoláire le féinmheasúnú a dhéanamh ar a leibhéal Sínise.  Déanann sé machnamh ar a fhoghlaim agus leagann sé spriocanna líofachta nua ag eatraimh rialta.  

Fanacht folláin

A bheith sláintiúil, fisiciúil agus gníomhach

 Fiosraíonn an scoláire meonta na Síneach i leith bia agus a ról chun sláinte agus folláine a chur chun cinn. Foghlaimíonn sé faoin gcaoi ar féidir leis na healaíona comhraic cothromaíocht mheabhrach agus fhisiciúil a fheabhsú agus faigheann sé taithí orthu.  Téann sé i ngleic le gníomhaíochtaí cultúrtha óna dteastaíonn deaslámhacht agus comhordú, m.sh. gearradh páipéir, callagrafaíocht agus damhsa.  

Obair le daoine eile

Foghlaim le daoine eile

Déanann an scoláire cumarsáid i mbeirteanna agus i ngrúpaí.  Cruthaíonn sé naisc éagsúla le cainteoirí Sínise i scoileanna agus pobail comhpháirtíochta.  Nascann sé le hábhair scoile eile: eacnamaíocht bhaile, chun bia Síneach a dhéanamh; ceol chun amhráin Shínise a chanadh; nó stair chun foghlaim faoi stair na Síne.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.