Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Dírítear sa ghearrchúrsa sraithe sóisearaí seo in OSSP ar thacaíocht a thabhairt do scoláirí a bheith ina saoránaigh ghníomhacha trína gcuid foghlama thar thrí shnáithe: Cearta agus freagrachtaí, an tSaoránacht dhomhanda, agus Fiosrú an daonlathais.

Foghlaimíonn scoláirí sa snáithe seo an chiall a bhaineann le maireachtáil le cearta agus freagrachtaí, agus déanann siad iniúchadh ar na príomhionstraimí um chearta an duine lena dtugtar cosaint do chearta na ndaoine. Is bonnsnáithe é seo.

Fiosraíonn scoláirí sa snáithe seo saincheisteanna a bhaineann le bochtaineacht, éagothroime agus forbairt inbhuanaithe; agus breathnaíonn siad ar bhealaí le hathrú éifeachtach a chur i gcrích.

Cumasaítear scoláirí leis an snáithe seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas agus ar ról na meán mar chuid de dhaonlathas.

Is bunriachtanas é an staidéar ar shnáithe a haon den chaoi a n-éireoidh le scoláirí dul i ngleic le snáithí a dó agus a trí. Ba cheart gach snáithe a theagasc ar bhealach comhtháite ámh.  Tá idirnasc ann idir go leor de na torthaí foghlama thar na snáitheanna, agus moltar dá réir cur chuige pleanála neamhlíneach a ghlacadh ionas gur féidir nascálacha a dhéanamh thar an bhfoghlaim.

Faightear comhtháthú idir gach ceann de na trí shnáithe idir an fhoghlaim chomhoibríoch agus ghníomhach agus forbairt scileanna sa tsaoránacht, sa taighde, sa mhachnamh agus sa ghníomh. Tugtar réimse gníomhartha molta, lena mbaineann céimeanna éagsúla dua, ag deireadh gach snáithe; agus is féidir le múinteoirí agus scoláirí cinneadh a dhéanamh freisin maidir le gníomh ábhartha eile. Táthar ag súil leis go mbeidh scoláirí páirteach i ngníomhaíocht mar chuid dá bhfoghlaim i ngach ceann de na trí shnáithe.

D’fhéadfaí scoláirí a spreagadh le dialann mhachnaimh a choinneáil le cuidiú leo machnamh ar a bhfoghlaim tríd an gcúrsa. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas bheith sa dialann:

  • cuid de na smaointe móra atá foghlamtha acu
  • machnamh ar na scileanna a d’fhorbair siad
  • ceisteanna atá fágtha acu go fóill
  • machnamh ar phríomhléargais atá faighte acu agus cad a chiallaíonn sé dá saol nó don todhchaí.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a chur in oiriúint freisin ionas go léireodh sé foghlaim an scoláire. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Dearadh gearrchúrsa OSSP le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.