Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Gearrchúrsaí agus Cláir Foghlama Leibhéal 2

Sa tsraith nua shóisearach, ba chóir go mbeadh daltaí a ghlacann an gearrchúrsa seo ag leanúint de Chlár Foghlama Leibhéal 2 (CFL2) pearsantaithe i gcuideachta comhpháirteanna eile curaclaim (ó Leibhéal 2 agus b’fhéidir ceann nó dhó ó Leibhéal 3). Tá na CFL2nna pleanáilte thart ar shraith d’Aonaid Tosaíochta Foghlama a dhíríonn ar scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla scoláirí a fhorbairt.  I dteannta na nAonad Tosaíochta Foghlama, is féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar ghearrchúrsaí a bhfuil a dtorthaí foghlama ailínithe le táscairí leibhéil do Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).  Is sampla é ILC: Ag Fiosrú Eolaíocht Fhóiréinseach de ghearrchúrsa Leibhéal 2 atá forbartha ag an CNCM.

Is é an spriocghrúpa ar forbraíodh CFL2nna agus Gearrchúrsaí Leibhéal 2 dóibh de ghnáth scoláirí a bhfuil riachtanais thábhachtacha foghlama acu.   De thoradh measúnú foirmiúil ag síceolaí oideachais beidh na scoláirí seo curtha sna catagóirí míchumas foghlama íseal éadrom go hard meánach agus beidh plean pearsantaithe foghlama acu ón am a raibh siad sa bhunscoil.

Sa chomhthéacs sin, tá na CFL2nna agus na gearrchúrsaí deartha do scoláirí a bhainfeadh tairbhe as deiseanna chun foghlaim agus scileanna a fheabhsú i réimsí amhail bunlitearthacht agus uimhearthacht, teanga agus cumarsáid, scileanna soghluaisteachta agus fóillíochta, comhordú luaile agus forbairt shóisialta agus phearsanta.  Tugann na CFL2nna an seans do scoláirí freisin feabhas a chur leis an bhfad ama ar féidir leo díriú ar ghníomhaíochtaí, chomh maith lena gcumas chun eolas agus scileanna a ghinearálú agus a aistriú trasna ócáidí éagsúla agus chun eolas a phróiseáil ó níos mó ná cainéal céadfach amháin.

Réasúnaíocht

Dearadh an gearrchúrsa seo chun scileanna próiseála eolaíochta an scoláire ag bunleibhéal a fhorbairt – breathnú, ag déanamh cumarsáide, ainmniú, lipéadú, seicheamhú, rangú agus tomhas, chomh maith le nósanna imeachta a leanúint agus fadhbanna a réiteach. Forbraítear na scileanna seo trí roinnt gníomhaíochtaí idirghníomhacha, spraíúla rólimeartha agus trí thurgnaimh eolaíochta ar bhonn fiosraithe i gcomhthéacs coir mhistéire a fhuascailt. Foghlaimíonn an scoláire chun bheith ag obair mar bhall d’fhoireann, treoir a ghlacadh ó dhaoine eile agus ról a ghlacadh orthu féin le freagrachtaí a oireann dá gcumas. Beidh an téarma ‘CSI’ (ILC) cloiste ag go leor de na scoláirí agus b’fhéidir go mbeadh buntuiscint acu ar shaol na heolaíochta fóiréinsí ón méid atá foghlamtha acu tríd an gclár teilifíse nó trí scannáin.  Bíodh sé sin ina phointe tagartha chun tús a chur leis an ábhar. Beidh daoine eile ann a ghlac páirt i dturgnaimh ábhartha tríd an tionscadal bunscolaíochta Fiosraigh Eolaíocht Bhunscoile le linn a mblianta sa bhunscoil agus tabharfaidh siadsan an taithí sin chuig an gcúrsa.

Beidh gníomhaíochtaí ann, chun bheith ag foghlaim faoi mhodhanna agus faoi ghléasanna imscrúdú coire, fianaise a bhailiú ag láthair na coire agus staidéar a dhéanamh uirthi, a chabhróidh le cumas an scoláire chun smaointeoireacht loighciúil a úsáid i suíomhanna difriúla agus chun réití a fháil ar fhadhbanna.  Is scileanna tábhachtacha saoil atá le foghlaim bheith ábalta smaoineamh go criticiúil agus obair go comhoibríoch. Forbraítear scileanna eile le haghaidh an tsaoil amach anseo trí naisc leis an bpobal, tionscadail chruthaitheacha, uimhearthacht, cumarsáid agus litearthacht.  

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.