Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcursa

Is iad na snáitheanna sa ghearrchúrsa seo.

Snáithe 1Obair an eolaí fhóiréinsigh

Snáithe 2Láthair na coire / bailiú na fianaise

Snáithe 3  Tástáil eolaíoch saotharlainne / an choir a fhuascailt

Snáithe 4  An t-imscrúdú a chur i gcrích agus tátal a bhaint as

Ba chóir na snáitheanna a leanúint san ord ina gcuirtear i láthair iad thuas.

Dearadh an cúrsa le haghaidh tuairim is 100 uair de rannpháirtíocht scoláire.

Tá torthaí foghlama an chúrsa ailínithe le Táscairí Leibhéil do Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Tabhair do d’aire go léiríonn nádúr agus líon na dtorthaí foghlama sa chúrsa an cur chuige ina ndéantar struchtúrú agus scafláil ar an bhfoghlaim don spriocghrúpa scoláirí ar leith atá ag obair ar Chláir Foghlama Leibhéal 2.

Ag tosú amach

Sula dtosóidh an scoláire, caitear roinnt ama ag cur an chúrsa i láthair agus á phlé chun a oibriú amach conas a thagann sé le clár foghlama pearsantaithe an scoláire agus a chuireann sé leis. Is féidir eolas a fuarthas roimh ré agus sainréimsí spéise a shocrú. Agus na heilimintí ATF á n-úsáid mar phointí tagartha, pléitear láidreachtaí an scoláire agus na réimsí atá le feabhsú chun spriocanna forbairt phearsanta agus foghlama a shocrú. Ba ghá go leor ama a chur san áireamh chun scileanna breathnaithe agus infeiriú ó fhianaise a fhorbairt, sula dtéitear ar aghaidh chuig láthair choire bhréige. Is féidir gur gá eochairfhocail agus coincheapa a theagasc astu féin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.