Ionchas maidir le scolairí Snáithe 1: Obair an Eolaí Fhóiréinsigh Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 1 téarmaíocht agus próisis na heolaíochta fóiréinsí 1.1 na téarmaí láthair choire, fianaise, amhrastach, eolaí, bleachtaire, truailliú (milleadh) agus téarmaí bainteacha eile a úsáid 1.2 tuairimí agus infeiriú a dhéanamh faoi ghrianghraf láthair choire (cad atá ar iarraidh, briste, as áit?) 1.3 na daoine a aithint atá bainte le láthair choire a phróiseáil 1.4 na céimeanna atá i gceist le láthair choire a phróiseáil a chur i seicheamh Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 2 na cineálacha éagsúla fianaise fhisiceach is féidir a fháil ag láthair choire 1.5 foinsí féideartha fianaise fhisiceach a aithint ó liosta: méarloirg, ribeacha agus snáithíní, fianaise rianta amhail rianta rotha, loirg coise agus marcanna fiacla 1.6 á rá conas a fhágann duine fianaise ina dhiaidh ag láthair, m.sh. teagmháil, rianta, fórsa 1.7 tuiscint a léiriú ar na teicnící éagsúla chun fianaise a bhailiú m.sh. teicnící méarloirg a úsáid ar phiaraí, patrúin méarlorg a aithint, a méarloirg féin a bhreathnú agus a rangú faoi stua, lúb nó dual/rinse (whorl) Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 3 turgnaimh fhóiréinseacha foghlaim chun uirlisí agus modhanna imscrúdaitheoir láthair choire a úsáid 1.9 ábhair don tasc a eagrú 1.10 treoracha briathartha, scríofa nó pictiúrtha a leanúint ina bhfuil roinnt bheag céimeanna 1.11 obair a dhéanamh go comhoibríoch le daoine eile 1.12 substaintí a aithint trí thurgnaimh bhunúsacha, ag úsáid eochrach a thugtar 1.8 ábhair ata de dhíth don turgnamh a liostú 1.13 micreascóp a úsáid, nuair a bhíonn se ar fáil, chun comparáidí bunúsacha a dhéanamh idir samplaí 1.14 torthaí a thaifead trí labhairt/chomharthaíocht láimhe nó scríbhneoireacht nó úsáid TFC agus sceitseáil i siurnal Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 4 ag obair go sábháilte agus go cruinn le trealamh eolaíochta 1.15 guaiseacha sábhála a aithint a d’fhéadfadh tarlú i saotharlann agus na réamhchúraimí atá le glacadh chun a leithéid sin de ghuais a sheachaint 1.16 bealaí a liostú ina bhféadfaí láthair choire a thruailliú 1.17 crúiscín tomhais agus sorcóir grádaithe a úsáid chun toirt áirithe leachta a thomhas 1.18 meá/scálaí a úsáid chun mais áirithe de phúdar tirim a fháil Snáithe 2: Láthair na coire/bailiú na fianaise Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 1 fianaise a aimsiúí 2.1 foinsí fianaise ag láithreacha coire a aithint 2.2 céimeanna a chur i seicheamh chun fianaise a thaifead ag láithreacha coire (ar dtús, ansin, agus ina dhiaidh sin…) 2.3 tuairimí a thabhairt ag láthair choire bhréige agus a oibriú amach cad a thabharfadh fianaise 2.4 a aithint, ó liosta scríofa nó pictiúrtha, cé na tástálacha saotharlainne is féidir a dhéanamh ar an bhfianaise fhisiceach ag an láthair Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 2 fianaise a phróiseáil agus a bhailiú mar is ceart 2.9 bunfheidhmeanna ar cheamara digiteach a úsáid, lena n-áireofaí grianghraif a uaslódáil chuig ríomhaire 2.5 sraith de threoracha labhartha/comharthaithe de láimh nó pictiúrtha a leanúint faoi mhaoirseacht 2.6 le cabhair, fianaise a bhailiú amhail snáithíní fabraice agus méarloirg, loirg coise nár truaillíodh 2.7 rudaí atá bainte lena chéile a mheas agus a thomhas 2.8 torthaí a thaifead (scríbhneoireacht/líníocht/TFC a úsáid /bileoga oibre difreáilte) Snáithe 3: Tástáil eolaíoch saotharlainne/ an choir a fhuascailt Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 1 fianaise a bhailiú ó amhrastaigh 3.1 éisteacht chun teacht ar eolas 3.2 dea-chleachtas a léiriú le linn fianaise a bhailiú, ag roghnú agus ag úsáid uirlisí tomhais cuí 3.3 le leideanna, cinntí a dhéanamh faoin eolas a bheadh úsáideach ó agallamh le finné 3.4 na príomhcheisteanna atá le freagairt a aithint chun coir a fhuascailt m.sh. Cé a bhí anseo go deireanach? Cé a scríobh an nóta seo? Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 2 a ngníomhaíochtaí saotharlainne sa chúrsa roimhe seo a úsáid chun coir a fhuascailt 3.5 tástálacha eile saotharlainne a athdhéanamh/dhéanamh i dteannta a ndearnadh i Snáithe 1 chun comparáid a dhéanamh 3.6 tuiscint ar chúis agus éifeacht a léiriú Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 3 teoiric/tucaid nó cuspóir/scéal a fhorbairt a bhaineann leis an láthair choire atáthar a imscrúdú 3.7 patrúin agus rangúcháin shimplí a aithint a thagann chun cinn de bharr fiosrúcháin ar an bhfianaise a bailíodh 3.8 a mhíniú cén bunús atá le grúpaí bheith ag úsáid difríochtaí ábhar (ábhair dhifriúla) 3.9 tuartha buntúsacha a dhéanamh faoi amhrastach féideartha bunaithe ar rudaí a chonacthas, bailiú faisnéise agus leideanna, nó fianaise is féidir leo a thomhas ag úsáid trealamh bunúsach 3.10 clár scéalta/amlíne neamhchasta a chruthú a léiríonn a dtuairim ar cad a tharla Snáithe 4: An t-imscrúdú a chur i gcrích agus tátal a bhaint as Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 1 ag ullmhú chun fianaise a chur i láthair 4.1 na céimeanna a theastaíonn chun an tasc a chríochnú a aithint 4.2 na céimeanna a chur i seicheamh nó in ord loighciúil 4.3 amlíne a chruthú a rianaíonn na modhanna a leanadh 4.4 léiriú amhairc a chruthú den láthair choire 4.5 bheith páirteach i gconclúid a phleanáil ar imscrúdú Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 2 an fhianaise a chur i láthair mar bhall den fhoireann fhóiréinseach 4.7 tuairimí pearsanta, fíricí agus mothúcháin a chur in iúl go hiomchuí, m.sh. tuairim a thabhairt ar an bhfianaise do phiaraí, páirt a ghlacadh in agallamh foirmiúil le ‘hamhrastaigh’ 4.6 láithreoireacht aonair a dhéanamh (nó cuidiú le ceann foirne) den fhianaise sa ghníomhaíocht chlabhsúir m.sh. tuairisc scríofa agus/nó láithreoireacht ó bhéal agus/nó láithreoireacht dhigiteach os comhair piaraí nó aíonna Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire 3 measúnú 4.8 a chur in iúl cén ghné is fearr a d’oibrigh i dtéarmaí na dturgnamh a rinneadh agus na modhanna imscrúdaithe a leanadh 4.9 eolas agus scileanna a forbraíodh a aithint i dteannta cinn eile is mian leo a fheabhsú 4.10 foghlaim a nascadh le réimsí eile den churaclam agus dá saol