Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 téarmaíocht agus próisis na heolaíochta fóiréinsí
  1. 1.1

    na téarmaí láthair choire, fianaise, amhrastach, eolaí, bleachtaire, truailliú (milleadh) agus téarmaí bainteacha eile a úsáid

  2. 1.2

    tuairimí agus infeiriú a dhéanamh faoi ghrianghraf láthair choire (cad atá ar iarraidh, briste, as áit?)

  3. 1.3

    na daoine a aithint atá bainte le láthair choire a phróiseáil

  4. 1.4

    na céimeanna atá i gceist le láthair choire a phróiseáil a chur i seicheamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 na cineálacha éagsúla fianaise fhisiceach is féidir a fháil ag láthair choire
  1. 1.5

    foinsí féideartha fianaise fhisiceach a aithint ó liosta: méarloirg, ribeacha agus snáithíní, fianaise rianta amhail rianta rotha, loirg coise agus marcanna fiacla

  2. 1.6

    á rá conas a fhágann duine fianaise ina dhiaidh ag láthair, m.sh. teagmháil, rianta, fórsa

  3. 1.7

    tuiscint a léiriú ar na teicnící éagsúla chun fianaise a bhailiú m.sh. teicnící méarloirg a úsáid ar phiaraí, patrúin méarlorg a aithint, a méarloirg féin a bhreathnú agus a rangú faoi stua, lúb nó dual/rinse (whorl)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 turgnaimh fhóiréinseacha foghlaim chun uirlisí agus modhanna imscrúdaitheoir láthair choire a úsáid
  1. 1.9

    ábhair don tasc a eagrú

  2. 1.10

    treoracha briathartha, scríofa nó pictiúrtha a leanúint ina bhfuil roinnt bheag céimeanna

  3. 1.11

    obair a dhéanamh go comhoibríoch le daoine eile

  4. 1.12

    substaintí a aithint trí thurgnaimh bhunúsacha, ag úsáid eochrach a thugtar

  5. 1.8

    ábhair ata de dhíth don turgnamh a liostú

  6. 1.13

    micreascóp a úsáid, nuair a bhíonn se ar fáil, chun comparáidí bunúsacha a dhéanamh idir samplaí

  7. 1.14

    torthaí a thaifead trí labhairt/chomharthaíocht láimhe nó scríbhneoireacht nó úsáid TFC agus sceitseáil i siurnal

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 ag obair go sábháilte agus go cruinn le trealamh eolaíochta
  1. 1.15

    guaiseacha sábhála a aithint a d’fhéadfadh tarlú i saotharlann agus na réamhchúraimí atá le glacadh chun a leithéid sin de ghuais a sheachaint

  2. 1.16

    bealaí a liostú ina bhféadfaí láthair choire a thruailliú

  3. 1.17

    crúiscín tomhais agus sorcóir grádaithe a úsáid chun  toirt áirithe leachta a thomhas

  4. 1.18

    meá/scálaí a úsáid chun mais áirithe de phúdar tirim a fháil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 fianaise a aimsiúí
  1. 2.1

    foinsí fianaise ag láithreacha coire a aithint

  2. 2.2

    céimeanna a chur i seicheamh chun fianaise a thaifead ag láithreacha coire (ar dtús, ansin, agus ina dhiaidh sin…)

  3. 2.3

    tuairimí a thabhairt ag láthair choire bhréige agus a oibriú amach cad a thabharfadh fianaise

  4. 2.4

    a aithint, ó liosta scríofa nó pictiúrtha, cé na tástálacha saotharlainne is féidir a dhéanamh ar an bhfianaise fhisiceach ag an láthair

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 fianaise a phróiseáil agus a bhailiú mar is ceart
  1. 2.9

    bunfheidhmeanna ar cheamara digiteach a úsáid, lena n-áireofaí grianghraif a uaslódáil chuig ríomhaire

  2. 2.5

    sraith de threoracha labhartha/comharthaithe de láimh nó pictiúrtha a leanúint faoi mhaoirseacht

  3. 2.6

    le cabhair, fianaise a bhailiú amhail snáithíní fabraice agus méarloirg, loirg coise nár truaillíodh

  4. 2.7

    rudaí atá bainte lena chéile a mheas agus a thomhas

  5. 2.8

    torthaí a thaifead (scríbhneoireacht/líníocht/TFC a úsáid /bileoga oibre difreáilte)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 fianaise a bhailiú ó amhrastaigh
  1. 3.1

    éisteacht chun teacht ar eolas

  2. 3.2

    dea-chleachtas a léiriú le linn fianaise a bhailiú, ag roghnú agus ag úsáid uirlisí tomhais cuí

  3. 3.3

    le leideanna, cinntí a dhéanamh faoin eolas a bheadh úsáideach ó agallamh le finné

  4. 3.4

    na príomhcheisteanna atá le freagairt a aithint chun coir a fhuascailt m.sh. Cé a bhí anseo go deireanach? Cé a scríobh an nóta seo?

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 a ngníomhaíochtaí saotharlainne sa chúrsa roimhe seo a úsáid chun coir a fhuascailt
  1. 3.5

    tástálacha eile saotharlainne a athdhéanamh/dhéanamh i dteannta a ndearnadh i Snáithe 1 chun comparáid a dhéanamh

  2. 3.6

    tuiscint ar chúis agus éifeacht a léiriú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 teoiric/tucaid nó cuspóir/scéal a fhorbairt a bhaineann leis an láthair choire atáthar a imscrúdú
  1. 3.7

    patrúin agus rangúcháin shimplí a aithint a thagann chun cinn de bharr fiosrúcháin ar an bhfianaise a bailíodh

  2. 3.8

    a mhíniú cén bunús atá le grúpaí bheith ag úsáid difríochtaí ábhar (ábhair dhifriúla)

  3. 3.9

    tuartha buntúsacha a dhéanamh faoi amhrastach féideartha bunaithe ar rudaí a chonacthas, bailiú faisnéise agus leideanna, nó fianaise is féidir leo a thomhas ag úsáid trealamh bunúsach

  4. 3.10

    clár scéalta/amlíne neamhchasta a chruthú a léiríonn a dtuairim ar cad a tharla

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 ag ullmhú chun fianaise a chur i láthair
  1. 4.1

    na céimeanna a theastaíonn chun an tasc a chríochnú a aithint

  2. 4.2

    na céimeanna a chur i seicheamh nó in ord loighciúil

  3. 4.3

    amlíne a chruthú a rianaíonn na modhanna a leanadh

  4. 4.4

    léiriú amhairc a chruthú den láthair choire

  5. 4.5

    bheith páirteach i gconclúid a phleanáil ar imscrúdú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 an fhianaise a chur i láthair mar bhall den fhoireann fhóiréinseach
  1. 4.7

    tuairimí pearsanta, fíricí agus mothúcháin a chur in iúl go hiomchuí, m.sh. tuairim a thabhairt ar an bhfianaise do phiaraí, páirt a ghlacadh in agallamh foirmiúil le ‘hamhrastaigh’

  2. 4.6

    láithreoireacht aonair a dhéanamh (nó cuidiú le ceann foirne) den fhianaise sa ghníomhaíocht chlabhsúir m.sh. tuairisc scríofa agus/nó láithreoireacht ó bhéal agus/nó láithreoireacht dhigiteach os comhair piaraí nó aíonna

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 measúnú
  1. 4.8

    a chur in iúl cén ghné is fearr a d’oibrigh i dtéarmaí na dturgnamh a rinneadh agus na modhanna imscrúdaithe a leanadh

  2. 4.9

    eolas agus scileanna a forbraíodh a aithint i dteannta cinn eile is mian leo a fheabhsú

  3. 4.10

    foghlaim a nascadh le réimsí eile den churaclam agus dá saol

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.