Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aonaid Tosaíochta Foghlama

 Is iad na ATFnna na comhpháirteanna lárnacha i gCláir Foghlama Leibhéal 2. Tá roinnt eilimintí i ngach ATF a shoiléiríonn an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí a bhíonn i gceist.  Leagtar amach na ATFnna, na heilimintí agus a gcuid torthaí foghlama ábhartha in Cláir Foghlama Leibhéal 2: Treoirlínte do Mhúinteoirí. Meastar na ATFnna agus na heilimintí atá sainithe thíos bheith lárnach sa ghearrchúrsa seo.

Aonad Tosaíochta Foghlama Eilimint ATF Gníomhaíochtaí Foghlama Scoláire

Cumarsáid agus Litearthacht

Ag caint/ag comharthú mar is cuí ar son cuspóirí éagsúla agus aireachas mar éisteoir a léiriú

I Snáithe 3, b’fhéidir go ndéanfadh an scoláire rólimirt mar bhleachtaire ILC ag cur agallaimh ar scoláirí eile mar amhrastaigh nó mar fhinnéithe, chun eolas a fháil.

I rith an chúrsa léann agus/nó éisteann sé chun eolas a fháil.

Is féidir leis an scoláire freisin i Snáithe 4 torthaí a chur i láthair lucht féachana faoi fhormáidí éagsúla

Uimhearthacht

Feasacht ar mheáchan agus ar thoilleadh a fhorbairt

I Snáithe 2, tá roinnt turgnamh ann a éilíonn ar an scoláire meá, crúiscíní tomhais agus sorcóirí grádaithe a úsáid, agus dá réir sin tuiscint a fháil ar mhais/mheá agus ar thoilleadh.

Cúram Pearsanta

Fios bheith agat conas fanacht sábháilte

I Snáithe 2 aithníonn an scoláire guaiseacha sábhála a thiocfadh tarlú i saotharlann agus na réamhchúraimí atá le glacadh chun a leithéid de ghuaiseacha a sheachaint.

Ag Maireachtáil i bPobal

Dea-chaidrimh a fhorbairt

Is tábhachtach san eolaíocht róil a ghlacadh ort féin taobh istigh d’fhoireann. Sna snáitheanna uile, foghlaimíonn an scoláire chun cumarsáid a dhéanamh mar is cuí le daoine difriúla, is cuma cé acu piaraí, múinteoirí, daoine ón bpobal nó aoichainteoirí, agus chun páirt chomhoibríoch a ghlacadh i suíomhanna grúpa.

Ag Ullmhú don Obair

Bheith ábalta spriocanna a shocrú don fhoghlaim

Tá spriocanna éagsúla ag an scoláire le bheith ag obair ina dtreo m.sh. turgnamh a chríochnú agus substaint a aithint i Snáithe 1. I rith an chúrsa, foghlaimíonn an scoláire an tábhacht atá le tascanna a sheicheamhú chun sprioc a bhaint amach agus breathnú orthu arís is arís agus obair a dhéanamh orthu thar thréimhse ama.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.