Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measunú

Taobhaíonn an gearrchúrsa seo le réimse leathan cuir chuige i leith an mheasúnaithe. Tá roinnt torthaí foghlama ann atá fóirsteanach do mheasúnú aon uaire, i dtaca le cinn eile is measúnú ar bhonn leanúnach is fóirsteanaí dóibh agus scoláirí ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí difriúla foghlama mar shampla: ag pleanáil, ag eagrú, ag seicheamhú, ag plé, ag míniú, ag tuar, ag imscrúdú, ag déanamh turgnamh agus ag baint tátail as rudaí. Cuirtear an bhéim ar mheasúnú leanúnach agus ar athdhéanamh tascanna chun dul chun cinn a thaispeáint, de bharr na deacrachta a bhíonn ag roinnt scoláirí maidir le heolas a choinneáil.

Tugann ILC: Ag Fiosrú Eolaíocht Fhóiréinseach méid áirithe roghanna do scoláirí sa mhéid a chuirfidh siad i láthair don mheasúnú agus sa leagan amach a bheidh air. Tugann sé deiseanna freisin do scoláirí spriocanna a shocrú, spriocdhátaí a bhaint amach agus roinnt freagrachta a ghlacadh as fianaise ar fhoghlaim a bhailiú don phunann foghlama a dhéanann siad mar chuid dá gClár Foghlama Leibhéal 2 (CFL2).

Measúnú leanúnach

Is cabhair don scoláire é an measúnú leanúnach sa turas foghlama agus san ullmhúchán a dhéanann siad don mheasúnú a bhaineann le teistiúchán ar an ngearrchúrsa. Tá an rogha ag an scoil iarraidh ar an scoláire cóip chrua nó cóip leictreonach a dhéanamh den phunann do na CFL2nna. Tugann an phunann fianaise ar fhorbairt agus ar dhul chun cinn i rith an chúrsa agus úsáidtear í le haghaidh cuspóirí measúnú múnlaitheach agus suimitheach araon. Is féidir go gcuirfí san áireamh mar fhianaise ar fhoghlaim físeáin den scoláire ag comhlíonadh tascanna, é á chur faoi agallamh nó ag déanamh láithreoireachtaí.  Is féidir freisin cineálacha eile fianaise ar fhoghlaim a chur san áireamh cuir i gcás, bileoga oibre, tuairiscí, cairteacha, líníochtaí, mapaí intinne, seicliostaí ar dhea-chleachtas, bileoga féinmheasúnú scoláire, siurnail/dialanna foghlama nó grianghraif. Is féidir chomh maith déantúsán a dhéanamh m.sh. trealamh bleachtaire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.