Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráitis foghlama (RF)

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa

RF 4:

Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist.

Déanann an scoláire machnamh ar na próisis agus na scileanna go léir a chuireann le cur i láthair a chruthú. Foghlaimíonn sé lena shaothar féin agus saothar daoine eile a léirmheas. Spreagtar é chun nuálaíocht agus cruthaitheacht a thaispeáint tríd an bpróiseas a bhaineann le taibhiú ealaíne a léiriú.

RF 23

Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

Oibríonn an scoláire coincheap cruthaitheach amach agus cinneann siad an chaoi lena thabhairt chun críche.

Baineann sé sin le rannpháirtíocht i bpróiseas struchtúrtha réitithe faidhbe, lena n-áirítear an chaoi le pictiúr a phéinteáil agus é a chomhtháthú i dtaispeántas; an chaoi le scannán a dhéanamh; an chaoi le léiriú stáitse nó cur i láthair ceoil a dhéanamh, ag gluaiseacht trí thaighde, ransú smaointe, beartú tosaíochta, cleachtadh, feabhsú, cur i láthair, taifeadadh, measúnú agus machnamh.

Nuair a eagraíonn sé an cur i láthair deiridh múintear scileanna a bhaineann le bainistíocht (lóistíocht/airgeadas), cur chun cinn (díriú agus freastal ar lucht féachana) agus eagrú.

RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna in L1. Forbraíonn an scoláire scileanna cumarsáide i réimse bealaí: tríd an gcumarsáid ó bhéal, atá ina gné de chuid mhór den chomhoibriú leanúnach; trí thaifeadadh pearsanta aistear foghlama; trína mhachnamh léirmheasa leanúnach ar an bhfoirm ealaíne lena bhfuiltear ag plé agus/nó trí mheáin éagsúla a úsáid le príomhtheachtaireachtaí a chur in iúl do spriocluchtanna féachana.
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. Spreagtar an scoláire le teicneolaíochtaí digiteacha agus éagsúlacht meán a úsáid le tacú lena chuid oibre.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.