Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

In oideachas a fhéachann le tacú le forbairt an duine iomláin is rud bunúsach é bheith ag foghlaim faoi agus trí na healaíona. Cuireann feasacht ar na healaíona, rannpháirtíocht iontu agus léirthuiscint dóibh ar a chumas don scoláire dul i dteagmháil le saol saibhir cruthaitheachta, samhlaíochta agus nuálaíochta (Cairt na nEalaíon san Oideachas, 2012). Dearbhaíonn Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe (alt 27) an ceart ag cách ‘bheith rannpháirteach i saol cultúrtha na tíre agus taitneamh a bhaint as na healaíona’.

Tá foghlaim i réimse an taibhithe ealaíne taitneamhach don scoláire, mar go mbíonn sí teagmhálach agus go mbíonn na rannpháirtithe go hiomlán páirteach in imeachtaí praiticiúla grúpa. Cothaítear forbairt shainscileanna na foirme ealaíne agus réimse scileanna inaistrithe a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar iarrachtaí comhoibríocha eile. Trí ghluaiseacht, fuaim, siombail agus íomhá, is féidir leis na healaíona smaointe cruthaitheacha daoine a athrú go saothair léiritheacha a chuireann mothúcháin, cialla agus léirmhínithe in iúl do lucht féachana. Cé go bhféadfaí tarraingt ar thaithí an scoláire roimhe seo, tugtar deiseanna nua chomh maith don scoláire scileanna nua a fhorbairt; bíonn an taibhiú ina dhúshlán agus ina fhoinse sásaimh chomh maith, ag tabhairt smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

Aidhm

Is é an aidhm atá leis an ngearrchúrsa seo i dtaibhiú ealaíne go mbeadh an scoláire rannpháirteach i gcleachtais ealaíne le daoine eile, trí struchtúr a thabhairt dó is féidir a úsáid chun tionscnaimh shamhlaíocha agus chruthaitheacha aonair agus chomhoibríocha a éascú, as a dtiocfaidh taibhiú grúpa .
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.