Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcúrsa

Suitear an tsonraíocht do thaibhiú ealaíne mar chreatcháipéis ina bhfuil foráil do sholúbthacht maidir le feidhmiú agus le léirmhíniú chun teacht leis an rogha leathan disciplíní ealaíne a bhféadfadh an ngearrchúrsa seo díriú orthu. D’fhéadfaí díriú ar:

  • dráma nó ceoldráma scoile a stáitsiú
  • taispeántas ealaíne nó grianghrafadóireachta dírithe ar théama faoi leith
  • script scáileáin a scríobh, a chur in eagar agus a scannánú
  • ceolchoirm a eagrú agus a léiriú
  • gníomhaíochtaí eile bunaithe ar an ealaín as a dtagann taibhiú.

Leagtar amach an tsonraíocht bunaithe ar thrí shnáithe: Taithí a fháil ar na healaíona, Pleanáil agus ullmhú agus Rannpháirtíocht agus taibhiú.

Ceapadh an snáithe seo le fíorthaithí ar na healaíona a thabhairt don scoláire, ionas gur féidir leis tosú ag caint faoi thaibhithe ealaíne agus iad a mheasúnú. Tríd an taithí seo, is féidir leis an scoláire léargas a fháil ar a bhfuil an fhoirm ealaíne a chur in iúl, an chaoi a gcuirtear in iúl é, agus machnamh a dhéanamh ar a ról féideartha sa taibhiú grúpa deiridh.

Sa snáithe seo bogfaidh an scoláire ar aghaidh le pleanáil agus ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh an taibhithe a mbeidh sé páirteach ann. Chun é seo a dhéanamh beidh air machnamh a dhéanamh ar a láidreachtaí féin agus ar láidreachtaí daoine eile le cinntí a dhéanamh faoi na róil taibhithe/neamhthaibhithe a dtabharfaidh an grúpa fúthu. Beidh an scoláire páirteach ansin i ngníomhaíochtaí ar bhonn aonair agus comhoibríoch, leis na scileanna atá riachtanach le bheith rathúil ina ról áirithe féin a fhorbairt. Is féidir é sin a dhéanamh trí thaighde, tuilleadh breathnuithe agus taithí ar a dtugtar breac-chuntas i snáithe 1, saineolas seachtrach nó laistigh den scoil a úsáid, agus freastal agus cleachtadh rialta ag cleachtaí.

Tugann an snáithe seo an taithí ar na healaíona mar bhreathnóir agus mar rannpháirtí le chéile sa taibhiú grúpa deiridh. Ba chóir don taibhiú na scileanna a foghlaimíodh sa disciplín roghnaithe a léiriú agus seo a chur in iúl don lucht féachana.

Laistigh d’aon disciplín ealaíne ar bith, tá litearthachtaí ealaíne ar leith (briathartha agus neamhbhriathartha), coinbhinsiúin agus scileanna le forbairt: ceapadh an creat seo le go mbeadh an scoláire in ann dul i ngleic le gníomhaíochtaí ealaíon d’ardchaighdeán agus a bheith páirteach iontu, óna dtagann forbairt agus feabhsú a scileanna ealaíne féin agus ansin na scileanna nuashealbhaithe sin a chur in iúl do lucht féachana. Nuair atáthar ag cothú fhorbairt na scileanna sin atá sonrach don fhoirm ealaíne, forbraítear réimse scileanna inaistrithe a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar iarrachtaí comhoibríocha eile.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac-chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, d’fhéadfadh go mbeadh ar an scoil an Measúnú Rangbhunaithe a athrú freisin, ionas go léirítear foghlaim an scoláire ann. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt. 

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.