Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna eile

Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil chun tacú leis na príomhscileanna uile, ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama i dtaibhiú ealaíne. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.Tá roinnt gnéithe ag gach príomhscil a shoiléiríonn an t-eolas, na scileanna agus na meonta (an mhéin) a bhaineann leis an bpríomhscil sin.  Tá na gnéithe agus a dtorthaí foghlama leagtha amach go mion in Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí. Tá deiseanna ann chun tacú le gach príomhscil sa chúrsa se o ach tá roinnt díobh atá níos tábhachtaí ná a chéile.  Léiríonn na samplaí thíos iad siúd atá bainteach leis na gníomhaíochtaí foghlama sa Taibhiú Ealaíne. Is féidir le múinteoirí a lán de na gnéithe eile a bhaineann le príomhscileanna ar leith a fhí isteach ina bpleanáil ranga.

An phríomhscil

Mír na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

Bheith cruthaitheach

Ag samhlú

Smaointe a chur i bhfeidhm agus beart a dhéanamh

Foghlaimíonn scoláirí chun freagairt go samhlaíoch do spreagthaí a tharraingítear as foinsí ealaíne. Cuireann siad in iúl mothúcháin, smaointe agus tuairimí tríd an meán ealaíne a roghnaíodh, ag tógáil rioscaí agus ag foghlaim ó mheancóga.

Téann scoláirí i mbun díospóireachta, plé agus ransú smaointe. Meabhraíonn siad ar roghanna agus ar mhalairtí, ag triail agus ag meas cuir chuige dhifriúla.  Leanann siad den phróiseas go dtí go gcuirtear i gcrích é.

Obair le daoine eile

Dea-chaidrimh oibre a fhorbairt agus aighneas a réiteach.

Comhoibriú

Caitheann scoláirí am ag éisteacht go gníomhach lena chéile agus ag roinnt smaointe go hionraic agus go mothálach. Foghlaimíonn siad chun meas a bheith acu ar thuairimí daoine eile agus mar sin de aighneas a chosc agus a bhainistiú.

Socraíonn scoláirí ar chomhspriocanna, oibríonn siad go dian agus comhghéilleann siad chun iad a bhaint amach, ag léiriú measa d’ionchur daoine eile i bhforbairt léiriúcháin an ghrúpa.

Mé féin a bhainistiú

Aithne bheith agam orm féin

Bheith ábalta machnamh ar mo chuid foghlama féin

Cinntí meabhracha a dhéanamh
 

Foghlaimíonn scoláirí chun láidreachtaí agus laigí pearsanta a aithint agus a mheabhrú, cabhair a lorg agus bheith oscailte don léirmheastóireacht ar dhóigh a éascaíonn athbhreithniú agus feabhsú.

Foghlaimíonn scoláirí an tábhacht a bhaineann le cíoradh ceart a dhéanamh ar a gcuid cinntí agus conas a rachadh a ngníomhartha i gcion ar dhaoine eile agus ar an bpróiseas i gcomhar.

.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil.

Teicneolaíocht a úsáid chun eolas a rochtain, a bhainistiú agus a roinnt

Foghlaimíonn scoláirí chun na toimhdí nó na barúlacha a bhíonn acu féin agus ag daoine eile a cheistiú agus smaointeoireacht a athbhreithniú/ a chur in oiriúint i bhfianaise eolas nua.

Úsáideann scoláirí an teicneolaíocht agus na meáin dhigiteacha mar uirlisí taighde chun eolas a bhailiú, eolas a chur in iúl agus/nó chun léiriú cruthaitheach a dhéanamh.

.

Cumarsáid

Ag éisteacht agus do mo chur féin in iúl

Ag léiriú agus ag láithriú

Déanann scoláirí cumarsáid ag úsáid stíleanna difriúla de réir na hócáide.  Foghlaimíonn siad chun comharthaíocht choirp a úsáid agus iad féin a chur in iúl ar dhóigh oiriúnach.

Cuireann siad mothúcháin agus príomhtheachtaireachtaí in iúl trína ról sa léiriú. Cinneann siad cén chaoi is fearr chun cumarsáid a dhéanamh lena lucht féachana ag úsáid stíleanna agus meáin éagsúla.

Fanacht folláin

Bheith dearfach faoin bhfoghlaim

Bheith muiníneach

Sa ghearrchúrsa seo, baineann scoláirí taitneamh agus spraoi as an bhfoghlaim. Foghlaimíonn siad conas fanacht i gceann tionscadail, agus a mbua a cheiliúradh ag an deireadh.

Forbraíonn scoláirí a muinín agus iad ag glacadh páirte sa chinnteoireacht laistigh den ghrúpa, ag seasamh siar ón slua nuair is gá. Úsáideann siad measúnú ón múinteoir, óna bpiaraí agus féinmheasúnú chun feabhas a dhéanamh. Forbraíonn siad teacht aniar i bhfianaise deacrachtaí agus braistint sástachta nuair a éiríonn leo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.