Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa seo de chuid na sraithe sóisearaí, Timpeall an Domhain in Ochtú Lá, ar scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla a fhorbairt trí cheithre shnáithe nasctha. Is iad na ceithre shnáithe a chuirtear i láthair anseo ná: Sa bhaile atá mo chroí, Domhan iomlán nua, Eitleáin, traenacha agus gluaisteáin, agus Go n-éirí an bóthar leat. Spreagtar an scoláire i gcónaí chun scileanna maireachtála neamhspleácha a fhorbairt a oiread is féidir, a sheasfaidh dó anois agus amach anseo.

Snáithe 1: Sa bhaile atá mo chroí. Sa snáithe seo, scrúdaíonn an scoláire a áit sa timpeallacht láithreach agus sa phobal áitiúil. Baineann sé le daoine ina thimpeallacht a chabhraíonn leis a shainaithint agus a aithint agus spreagann sé taighde ar chonláistí áitiúla atá inrochtana agus tairbheach don scoláire.

Snáithe 2: Domhan iomlán nua. Leathnaítear sa snáithe seo eolas an scoláire ar thíortha agus ar chultúir eile.  Trí fhoghlaim thraschuraclaim forbraíonn sé scileanna éisteachta, rangaithe agus comparáide idir a chultúr féin agus cultúir tíre codarsnaí.

Snáithe 3: Eitleáin, traenacha agus gluaisteáin. Sa snáithe seo, cuirtear gnéithe modhanna agus bealaí iompair i láthair an scoláire. Tá deiseanna chun rangú, taighde agus bailiú sonraí a dhéanamh maidir le modhanna iompair a bhfuil spéis phearsanta ag an scoláire iontu.

Snáithe 4: Go n-éirí an bóthar leat. Cuirtear ar chumas an scoláire sa snáithe seo cur lena scileanna cumarsáide mar aon le scileanna smaointeoireachta agus réasúnaíochta. Foghlaimíonn sé faoi thurais taobh amuigh dá áit chónaithe agus dá scoil a phleanáil agus a ullmhú. Cuireann sé ar a chumas oibriú ó choincheap go réadúlacht.

Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí foghlama praiticiúla, teagmhálacha agus ina dtugtar faoi réiteach fadhbanna le feiceáil i ngach snáithe den chúrsa. D’fhéadfaí turas a thabhairt ar ráschúrsa, aerfort, stáisiún traenach nó áit eile a bhfuil spéis ag an scoláire ann, go háirithe i snáithe 3 nó 4. Ba cheart deiseanna a thabhairt i rith an chúrsa chun machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim chomh maith le leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac-chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa a d’fhorbair CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile, seachas an Measúnú Rangbhunaithe, a dhéanfaidh gach scoláire a thugann faoin ngearrchúrsa seo. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt.

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín A).

Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.