Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráitis foghlama (RF)

Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh a leanann conas is féidir Tionscadal Pearsanta a nascadh le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc sa tsraith shóisearach. 

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa

Déanann an scoláire cumarsáid éifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1

RF 1

Úsáideann an scoláire na focail chearta agus iad ag plé faoi mhadraí. Déanann sé/sí cumarsáid chuí le daoine eile sa scoil agus sa phobal i gcásanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla.  Tá deiseanna ann síos tríd chun láithreoireachtaí a dhéanamh a bhfuil faid agus méideanna éagsúla dúshláin ag roinnt leo. Úsáidtear réimse foirmeacha scríbhneoireachta chun oiriúint don chuspóir – sprioc foghlama a scríobh síos, foirm shimplí a chomhlánú nó treoracha a scríobh d’úinéir conchró coinneála a dhéanfaidh cúram de mhadra an scoláire.

Is mór ag an scoláire cad atá i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus le freagrachtaí i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos leithne

RF 7
Sna snáitheanna uile fiosraíonn an scoláire na freagrachtaí a bhaineann le madraí bheith i do sheilbh. Faigheann an scoláire amach faoi na seirbhísí do mhadraí atá ar fáil sa cheantar áitiúil. Réimse tábhachtach eile is ea an gá le tú féin agus daoine eile a chosaint ó dhochar féideartha. Glacann an scoláire páirt i saoránacht ghníomhach le linn an chúrsa de réir mar a thagann deiseanna aníos.

Glacann an scoláire céimeanna chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chur chun cinn

RF 11

Foghlaimíonn an scoláire faoi chleachtas éifeachtach sábháilte le linn dó/di aire a thabhairt do mhadra, lena n-áirítear an gá atá ann daoine eile a chosaint ó dhochar féideartha. 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.