Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Gearrchúrsaí agus Cláir Foghlama Leibhéal 2

Sa tsraith nua shóisearach, ba chóir go mbeadh daltaí a ghlacann an gearrchúrsa seo ag leanúint de Chlár Foghlama Leibhéal 2 (CFL2) pearsantaithe i gcuideachta comhpháirteanna eile curaclaim (ó Leibhéal 2 agus b’fhéidir ceann nó dhó ó Leibhéal 3). Tá na CFL2nna pleanáilte thart ar shraith d’Aonaid Tosaíochta Foghlama a dhíríonn ar scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla scoláirí a fhorbairt.  I dteannta na nAonad Tosaíochta Foghlama, is féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar ghearrchúrsaí a bhfuil a dtorthaí foghlama ailínithe le táscairí leibhéil do Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).  Is é Tionscadal Pearsanta: Aire a Thabhairt d’Ainmhithe an chéad cheann de na gearrchúrsaí seo atá forbartha ag an CNCM.  

Is é an spriocghrúpa ar forbraíodh CFL2nna agus Gearrchúrsaí Leibhéal 2 dóibh de ghnáth scoláirí a bhfuil riachtanais thábhachtacha foghlama acu.   De thoradh measúnú foirmiúil ag síceolaí oideachais beidh na scoláirí seo curtha sna catagóirí míchumas foghlama íseal éadrom go hard meánach agus beidh plean pearsantaithe foghlama acu ón am a raibh siad sa bhunscoil.

Sa chomhthéacs sin, tá na CFL2nna agus na gearrchúrsaí deartha do scoláirí a bhainfeadh tairbhe as deiseanna chun foghlaim agus scileanna a fheabhsú i réimsí amhail bunlitearthacht agus uimhearthacht, teanga agus cumarsáid, scileanna soghluaisteachta agus fóillíochta, comhordú luaile agus forbairt shóisialta agus phearsanta.  Tugann na CFL2nna an seans do scoláirí freisin feabhas a chur leis an bhfad ama ar féidir leo díriú ar ghníomhaíochtaí, chomh maith lena gcumas chun eolas agus scileanna a ghinearálú agus a aistriú trasna ócáidí éagsúla agus chun eolas a phróiseáil ó níos mó ná cainéal céadfach amháin.

Réasúnaíocht

Tógann an gearrchúrsa seo ar agus cuireann sé chun cinn forbairt réimse scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla sa chomhthéacs go bhfoghlaimíonn an scoláire faoi ainmhí a bhfuil sainspéis acu ann. Chomh maith le heolas ar an ábhar forbraíonn scoláirí scileanna riachtanacha amhail cuid na cumarsáide agus na teanga, smaointeoireacht agus réasúnaíocht, lipéadú, rangú, cur i gcóimheas agus infeiriú. Forbraítear eolas, scileanna agus dearcthaí saoil trí naisc leis an bpobal, tionscadail chruthaitheacha, uimhearthacht, cumarsáid agus litríocht.


 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.