Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measunú don Teistiúchain

Measúnú don Teistiúchán

Beidh measúnú don teistiúchán scoilbhunaithe. Tá dhá thasc mheasúnaithe i gceist: Tasc Láithreoireachta agus Tasc Cás-staidéir. Tá an t-ualú céanna ag dul leo agus ní mór do scoláirí grád Gnóthaithe a fháil ar gach ceann de na tascanna measúnaithe le haghaidh teistiúcháin. Déanfar an Tasc Láithreoireachta ag nó go díreach i ndiaidh leath bealaigh tríd an gcúrsa, agus críochnófar an Tasc Cás-staidéir ag deireadh an chúrsa.  Ní chuirtear san áireamh obair ón gcéad bhliain mar chuid den mheasúnú don teistiúchán.

 

Tasc Láithreoireachta

Bíonn a lán deiseanna ag scoláirí a dhéanann an cúrsa seo labhairt le daoine eile.  Cuireann siad obair i láthair a bpiaraí ag amanna éagsúla le linn an chúrsa, m.sh. chun torthaí suirbhé a chur ina láthair ar na cúiseanna a mbíonn ainmhithe ag déagóirí, chun fíricí suimiúla a chur in iúl dóibh nó chun a mhíniú cén fáth a dtéann aclaíocht chun sochair do mhadraí.  Cleachtann siad (i suíomhanna fíora nó rólimeartha) glaonna gutháin a dhéanamh chuig gairmithe éagsúla nó chuig na seirbhísí éigeandála.  Tá an cur i láthair don mheasúnú gearr agus tugann sé faill don scoláire ‘a thaispeáint cad atá ar eolas acu’. Is féidir go n-éileoidh sé comhoibriú le daoine eile chun taighde a dhéanamh, eolas a aimsiú, pleanáil agus eagrú a dhéanamh ar an rud atá le rá agus ar an gcaoi lena rá. Tógann sé muinín agus spreagann sé idirghníomhaíocht shóisialta le daoine eile. Is féidir freisin go gcruthóidh se deis chun scileanna a léiriú in obair le teicneolaíocht dhigiteach.  Roghnóidh an múinteoir, i gcomhphlé leis an scoláire, cén láithreoireacht de chuid an scoláire ó lár an chúrsa is fearr a fhreagraíonn na gnéithe cáilíochta a bhfuil cur síos orthu thíos.  

 

Tasc Cás-staidéir

I rith an chúrsa bíonn an scoláire ag tógáil próifíle don mhadra fíor nó samhailteach a roghnaíodh i Snáithe 1 mar fhócas na foghlama, agus chur i bhfeidhm na foghlama sin. Is codanna den phróifíl sin, pór, méid agus tréithe fisiceacha eile an mhadra, a aiste bia agus a chóras aclaíochta, a thinnis, agus insteallta a bhí le tabhairt dó, scéalta faoi theagmhais agus ealaín a bhain leis an madra, costais choimeád an mhadra agus mar sin de.

 

Sa Tasc Cás-staidéir ceistítear an scoláire agus freagraíonn sé ag scríobh/úsáid comharthaíochta/íomhánna faoi phróifíl an mhadra seo (nó faoi cheann neamhaithnid).  Tá na gnéithe seo a leanas i gceist sa tasc.  Tabhair do d’aire nach bhfuil na samplaí a luaitear uileghabhálach. 

  • Ceistítear an scoláire i modh a oireann dá gcumas faoi phróifíl an mhadra agus spreagtar é oiread agus is féidir chun foclóir cuí agus eochairfhocail a úsáid do na gnéithe éagsúla atá faoi chaibidil.
  • Chun na ceisteanna a fhreagairt, úsáidtear eolas a foghlaimíodh faoi shláinteachas, aiste bia agus aclaíocht chomh maith le cúrsaí sábháilteachta a bhaineann le madraí bheith i do sheilbh.
  • Tá an scoláire ábalta freagraí cruinne a thabhairt ar cheisteanna a éilíonn freagraí fíriciúla (an gceadaítear do mhadraí rith thart gan coniall bheith orthu i bpáirceanna poiblí?).
  • Táthar ag súil le freagraí féideartha ar cheisteanna amhail ‘cad a dhéanfá dá…’ agus táthar ag súil le scoláirí bheith ábalta cúiseanna a thabhairt lena bhfreagraí.
  • Tá an scoláire ábalta a aithris, i seicheamh, cé na céimeanna a glacadh le linn rud éigin a dhéanamh/a thógáil don mhadra (an ceadúnas madraí a cheannach nó roinnt bianna so-ite a dhéanamh) le linn an chúrsa.
  • Oibrítear gné uimhearthachta isteach sa tasc freisin ag leibhéal a oireann do chumas an scoláire (cosnaíonn bia don mhadra seo €10 sa tseachtain. Cá mhéad a chosnóidh sé ar an úinéir in aghaidh na míosa?).
  • Bíonn gné phraiticiúil éigin sa tasc leis. Iarrtar ar an scoláire rólimirt a dhéanamh de ghlaoch éigeandála, nó téacs a chur, nó déileáil le duine éigin a bhfuil eagla orthu roimh a madra, nó roinnt bheag rudaí a cheannach don mhadra ag úsáid na mbonn ceart agus ag oibriú amach má fhaigheann siad an briseadh ceart.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.