Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Cuspóir na dtreoirlínte

Is é cuspóir na dtreoirlínte cabhrú le múinteoirí i ngach uile suíomh chun cláir foghlama a dhearadh chun riachtanais sonracha na scoláirí atá i gceist a chomhlíonadh. Forbraíodh na treoirlínte le roinnt scoileanna agus suíomhanna a bhí ag obair leis an ngrúpa scoláirí seo cheana féin. Tríd an rannpháirtíocht le scoileanna, léiríodh go leor saincheisteanna agus dúshlán a bhaineann le riachtanais an ghrúpa scoláirí seo a chur san áireamh. Chruthaigh sé sin deis le samplaí den dea-chleachtas atá i dteagasc agus foghlaim sa réimse seo cheana féin a shainaithint agus a fhiosrú, ach dheimhnigh rannpháirtíocht an gá le cur chuige éagsúil atá níos comhbheartaithe i leith an churaclaim agus an mheasúnaithe chun riachtanais na scoláirí ar leith sin a shásamh chomh maith. Tá na CFL2anna ailínithe go ginearálta le Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Bronntar Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) ar scoláirí a thugann faoi CFL2anna. Is teastas scoile é sin a bhronntar ar gach scoláire nuair a chuireann sé clár na Sraithe Sóisearaí i gcrích ag aithint an raon iomlán gnóthachtálacha a d’éirigh leis a bhaint amach ag an gcéim sin dá oideachas.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.