Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gluais de Bhriathra Gnímh

Léirítear briathra thorthaí foghlama uile Chláir Foghlama Leibhéal 2 trí chumarsáid lena gcomhscoláirí agus/nó daoine fásta. Tá an chumarsáid mar thaca agus mar bhonn faoi gach foghlaim agus tá sí ríthábhachtach le bheith in ann an fhoghlaim a aistriú. Tá cumarsáid agus teanga mar bhunús le gach ATF eile. San aonad seo, cuimsítear bealaí briathartha agus neamhbhriathartha araon san fhoghlaim chun eolas a fháil agus a thabhairt. Teastaíonn idirghníomhú sóisialta idir an scoláire agus páirtí cumarsáide i gcomhair forbairt teanga. Is féidir cumarsáid do na scoláirí seo a chumasú agus a chur chun cinn le cabhair ar nós cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach, m.sh. leideanna amhairc agus míre, leideanna ó bhéal, gotha gnúise, geáitsíocht, teanga chomharthaíochta (ar nós Theanga Chomharthaíochta na hÉireann), gairis leictreonacha, Braille (nó Moon4) agus i bhfoirm scríofa. Trí scileanna cumarsáide a fhorbairt, breisíonn an scoláire a idirghníomhaíochtaí sóisialta agus feabhsaíonn sé a fhéinmheas.

Rochtain

Faisnéis ar thopaic shonrach a fháil d’aon ghnó agus a aisghabháil.

Déan comparáid

Na cosúlachtaí nó na difríochtaí idir dhá rud nó dhá chás nó níos mó a mhíniú

Cuir le chéile

Faisnéis a úsáid agus a chur le chéile.

Taispeáin

Feasacht, scil nó tuiscint a léiriú.

Idirdhealaigh

Na difríochtaí idir daoine, comhthéacs, coincheap nó rud a aithint.

Meas

Luach garbh a thabhairt.

Mínigh

Faisnéis a chur in iúl go soiléir trí chur síos sonrach a dhéanamh uirthi.

Fiosraigh

Tuilleadh eolais a fháil i leith ruda.

Cuir in iúl

Mothúchán, tuairim nó teachtaireacht a léiriú.

Cur i bhfeidhm

Cinneadh, plean nó comhaontú a chur i ngníomh.

Léirmhínigh

Tuiscint ar fhaisnéis, eolas nó scil a chur in iúl.

Coinnigh

Coinnigh, machnaigh agus/nó athbhreithnigh.

Láimhsigh

Athraigh, bog nó cuir eagar.

Glac páirt

Rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht foghlama a léiriú

Aithin

Tuiscint ar dhaoine, comhthéacs, coincheap, nó rud a léiriú

Athbhreithniú (Meastóireacht)

Ag féachaint ar ábhar nó ag dul siar ar ábhar d'fhonn é a cheartú, a fheabhsú nó a leasú

Réitigh

Freagra nó réiteach ar rud éigin a oibriú amach.

Tuig

Foghlaim i gcomhthéacs sonrach a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.