Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ó threoirlínte go cláir foghlama

Forbraíodh na treoirlínte i gcomhar le scoileanna a bhfuil saineolas agus cleachtas nuálach forbartha acu bunaithe ar a dtaithí ar an méid ata oiriúnach agus na rudaí a oibríonn don scoláire atá i gceist. Tá sé i gceist go n-úsáidfeadh gach múinteoir iad agus ba cheart go mbeidís inrochtana freisin do raon pearsanra eile atá bainteach go díreach le hoideachas an scoláire. Áirítear orthu sin tuismitheoirí/caomhnóirí, cúntóirí riachtanais speisialta, teiripeoirí, foireann bainistíochta, treoirchomhairleoirí agus gairmithe ábhartha eile.

Glacann an scoláire atá i gceist páirt i raon suíomhanna: i ranganna cumais mheasctha agus ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna, agus i gcineálacha éagsúla ranganna i scoileanna speisialta. Ar cheann de na príomhsmaointe faoi na cláir foghlama tá gur cheart go mbainfidís amach an chothromaíocht is fearr agus is féidir idir eispéiris leathana a chur ar fáil don scoláire agus dul i ngleic lena riachtanais ar leith. Is dúshlán é an chothromaíocht seo a bhaint amach agus a choinneáil i gceapadh agus reáchtáil clár – cé go bhféadfadh scoileanna a bheith san áit is fearr chun tacú leis an méid solúbthachta a mholtar, is minic an tasc an chothromaíocht a aimsiú a bheith an-dúshlánach ag iar-bhunscoileanna príomhshrutha atá struchtúrtha, sceidealaithe agus eagraithe chun tacú le riachtanais grúpaí scoláirí seachas daoine aonaracha.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.