Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí

Cuirfear an fhianaise foghlama a bhailítear sa phunann CFL2 i láthair don PGSS. Beidh an fhoghlaim a aithnítear sa PGSS ailínithe go ginearálta le Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ). Eiseoidh an scoil an PGSS. Beidh dhá chomhpháirt churaclaim i gceist le teistiúchán. Is iad sin na hAonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ar tugadh breac-chuntas orthu níos túisce sna treoirlínte seo, agus na gearrchúrsaí. Seachas na riachtanais a bhaineann le ATFanna, cuirfidh scoileanna agus an scoláire fianaise san áireamh freisin ar fhoghlaim in dhá ghearrchúrsa.

De bharr go ndíríonn na riachtanais don PGSS ar na ATFanna agus gearrchúrsaí Leibhéal 2, ní gá go mbeadh an foghlaimeoir iomlán teoranta don fhoghlaim ag Leibhéal 2. I gcás go sásaíonn sé riachtanais agus cumais an fhoghlaimeora lena mbaineann, is féidir comhpháirteanna curaclaim ag leibhéil eile a áireamh ina chlár scoile freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh an scoláire ábhar nó gearrchúrsa a dhéanamh ag Leibhéal 3 agus a ghnóthachtáil ag an leibhéal sin a aithint mar chuid dá PGSS freisin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.