Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gluais de bhriathra gnímh

Cuireadh an ghluais seo i dtoll a chéile chun na torthaí foghlama i gClár Foghlama Leibhéal 1 a shoiléiriú. Is féidir leis an scoláire torthaí foghlama a bhaint amach ag ceann ar bith de na conairí dul chun cinn ar bhealach a oireann dá thuras foghlama aonair. Cinnfidh an múinteoir, teaghlach an scoláire agus gairmithe eile leibhéil chuí tacaíochta duine fásta do gach tasc de réir riachtanais aonair gach scoláire.

Briathar gnímh

Laistigh de chomhthéacs a thurais foghlama aonair féin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas an scoláire...

Glac

glacadh le hidirghníomhú nó eispéireas nó é a cheadú

Aithint

iompar a athrú ar bhealach éigin (gotha/súilfhéachaint/guthaíocht/labhairt) chun feasacht a léiriú go bhfuil duine, rud nó spreagthach ann

Tuar

feasacht a léiriú ar a bhfuil chun tarlú nó an rud atá chun tarlú a thuar

Tabhair aird ar

aird (amhairc/tadhaill/éisteachta) a dhíriú ar dhuine, rud nó spreagthach

Léirigh feasacht ar

tuiscint a léiriú ar choincheap (m.sh. feidhmíocht ruda – rud atá i bhfolach a lorg) nó eolas gur ann do dhuine, rud nó spreagthach a thabhairt le fios

Iompair tú féin i gceart

iompar ar bhealach lena bhfuiltear ag súil i dtimpeallacht/ngníomhaíocht (m.sh. suí leis an ngrúpa ranga ag an mbord i gcomhair sneaice agus iad sa chaifé). Cinnfidh múinteoirí cén t-iompar/ról atá oiriúnach do gach scoláire i suíomhanna difriúla, agus a láidreachta agus riachtanais chéadfacha, fhisiciúla, mhothúchánacha agus próiseála cognaíche á gcur san áireamh.

Roghnaigh/Déan rogha

sainrogha a thabhairt le fios ó roghanna a thugtar dó ag úsáid téacs ar bith*

Cuir in iúl

iompar a chur in oiriúint ar réimse bealaí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta díobh seo: guthaíocht, gothaí, súilfhéachaint a bhogadh nó téacs a úsáid chun teachtaireacht a chur in iúl

Comhoibrigh

oibriú le duine fásta nó piaraí/tacaíocht a ghlacadh uathu go toilteanach chun críche ar leith

Cruthaigh

a bheith páirteach i bpróiseas de rud éigin nua a chruthú

Taispeáin

é féin a iompar ar bhealach a léiríonn feasacht, scil nó tuiscint

Idirdhealaigh

feasacht a léiriú ar an difríocht idir rudaí/daoine (m.sh. féadfaidh scoláire é féin a iompar go difriúil nuair a bhíonn múinteoir nua sa seomra)

Aimsigh

teacht ar rud nua, eolas faoi rud, spreagthach, áit nó duine/é a thabhairt faoi deara

Téigh i ngleic le

bheith páirteach i dtasc/bpróiseas (trí fhéachaint, tadhall, boladh, éisteacht nó blaiseadh)

Taispeáin

iompar/freagairt a léiriú go soiléir

Bain triail

gníomhaíocht/rud a thriail nó a fhiosrú ar réimse bealaí, le cumas chun foghlaim nua a dhéanamh

Fiosraigh

na céadfaí a úsáid (i dtéarmaí tadhaill, blais, fuaime, amhairc, srl.) chun fiosrú a dhéanamh ar rud/choincheap/ghníomhaíocht. Féadfaidh an scoláire fionnachtana nua a dhéanamh i rith an phróisis seo.

Cuir in iúl

mothúchán, tuairim nó teachtaireacht a léiriú trí aon téacs*/athruithe freagartha in iompar

Lean

cloí le rialacha/gnásanna a bhaineann go sonrach le timpeallacht nó gníomhaíocht (m.sh. moilliú ó rith go siúl in ollmhargadh mar fhreagairt ar threoir a fháil ón múinteoir ó bhéal agus siombail ‘siúl’ a thabhairt)

Bailigh

bheith páirteach ar aon bhealach i bpróiseas de rud éigin a bhailiú

Láimhseáil

rud a fhiosrú trína thadhall/láimhseáil ar bhealach éigin. D’fhéadfadh baill choirp seachas lámha an scoláire a bheith i gceist anseo (m.sh. fionnadh a chuimilt ar a lámh/leiceann) más gá le tacú le riachtanais fhisiciúla nó chéadfacha an scoláire.

Sainaithin

cé nó céard é duine, rud nó spreagthach a láithriú agus/nó a shonrú. Is féidir é seo a chur in iúl le téacs ar bith*.

Léirigh

freagairt nó iompar a thaispeáint mar a leagtar amach sa toradh foghlama

Cuir in iúl

iompar a athrú ar bhealach a shainaithníonn/léiríonn freagairt do rud, duine, timpeallacht nó spreagthach le téacs ar bith*. D’fhéadfadh sé gurb ea nó nach ea cumarsáid d’aon turas atá anseo (m.sh. caoineadh mar fhreagairt do thorann ard).

Tús a chur le

rud éigin a thosú. Féadfaidh scoláire a chuireann tús le cumarsáid/idirghníomhú le duine éigin sin a dhéanamh ar réimse bealaí lena n-áirítear teagmháil súl a lorg, lámh a shíneadh i dtreo duine, guthaíocht nó lámh a leagan ar rud éigin a bhfuil cur amach aige air. B’fhéidir go raibh nó nach raibh feasacht ag an scoláire ar chomhaird i gcumarsáid go fóill mar sin b’fhéidir nach bhféachfaí ar an duine fásta fad a bhíonn iompar mar seo ar siúl.

Idirghníomhaigh

eispéireas a fháil ar thionchar a imirt agus/nó tionchar a bheith ort trí idirghníomhú le duine eile

Iniúch

níos mó eolais a fháil ar rud, thimpeallacht, dhuine nó spreagthach trí fhiosrú agus scrúdú céadfach (m.sh. mothú/bualadh/éisteacht le/boladh/fáisceadh)

Éist

aird éisteachta a dhíriú ar eispéiris fuaimeanna. Ní thugann scoláire aird amhairc i gcónaí ar an bhfoinse fuaime.

Naisc

ceangal a chruthú idir dhá rud, duine, spreagthach nó gníomh nó níos mó

Féach

aird a thabhairt ar rud leis na súile. D’fhéadfadh roinnt scoláirí a n-amharc forimeallach/limistéar éagsúil ina réimse amhairc a úsáid le féachaint ar rud.

Meaitseáil

feasacht ar/nasc idir rudaí le gnéithe, brí nó cáilíochta coitianta nó cosúla a shainaithint

Bog

seasamh i spás a athrú le tacaíocht nó dá huireasa

Breathnaigh

feasacht a léiriú ar rialacha agus cloí leo nó aird amhairc a thabhairt/féachaint ar dhuine, ghníomhaíocht nó spreagthach

Glac páirt

aon chineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama a léiriú

Bí ag spraoi

próiseas, cluiche nó gníomhaíocht a dhéanamh/páirt a ghlacadh ann

Cleachtaigh

scil nó gníomh a dhéanamh arís is arís. D’fhéadfadh scoláire comharthaí feabhais a léiriú i dtréimhse faoi leith.

Tuar

feasacht/eolas a thabhairt le fios maidir leis an gcéad rud eile bunaithe ar fhoghlaim agus eispéiris atá déanta cheana (m.sh. nuair a chuireann múinteoir a lámh isteach i mála prapaí ag pointe áirithe i scéal a bhfuil aithne aige air, freagraíonn an scoláire trína aghaidh a bhogadh ag fanacht leis an sprae uisce a úsáidtear sa phointe seo den scéal).

Léigh

brí a bhaint as agus tuiscint a léiriú ar aon fhoirm téacs (m.sh. féachaint ar rud tagartha do ‘sneaic’ agus ansin an cloigeann a chasadh láithreach i dtreo an chófra sneaice ag súil le ceann)

Tabhair chun cuimhne

feasacht agus aitheantas a léiriú ar imeachtaí a tharla cheana (m.sh. meangadh gáire nuair a thaispeántar físeán de ghníomhaíocht a thaitin leis an mhaidin sin/grianghraif de phrapaí a úsáidtear go rialta chun scéal a bhfuil cur amach air a insint a shainaithint)

Aithin

tuiscint/cur amach a léiriú ar dhuine, comhthéacs, rud nó spreagthach ó eispéiris roimhe seo. B’fhéidir go mbeadh an scoláire in ann eolas a úsáid, a fuarthas ó eispéiris roimhe seo chun duine, comhthéacs, rud nó spreagthach a shainaithint.

Iarr

téacs* ar bith a úsáid chun mian nó riachtanas a chur in iúl (m.sh. lasc BIGmack a bhrú chun tuilleadh bolgán a iarraidh)

Beachtaigh

scil a shoiléiriú/fheabhsú

Freagair

iompar a athrú ar bhealach éigin (súilfhéachaint a bhogadh/athrú/freagairt ó bhéal/cumarsáid a dhéanamh trí théacs/mothúcháin a léiriú srl.) mar fhreagairt ar rud éigin nó duine éigin

Lorg

rud éigin a chuardach/breathnú an bhfuil rud éigin ann. Éilítear anseo ar an scoláire a aird a dhíriú ar an ngníomhaíocht/tasc le rún agus cuspóir.

Taispeáin

feasacht, tuiscint, eolas nó mothúcháin a chur in iúl trí ghníomhartha

Cuir suas le

eispéireas a cheadú/glacadh leis B’fhéidir go mbeadh an scoláire fós stadach nó neamhchinnte mar gheall ar dhúshláin atá roimhe i rith eispéireas den chineál sin (m.sh. a bheith íogair d’fhuaimeanna i seomra torannach) ach ceadóidh sé don eispéireas tarlú, fiú ar feadh tréimhse ghairid.

Úsáid

feasacht/scileanna/foghlaim chéadfach a chur i bhfeidhm i suíomh praiticiúil le haghaidh feidhm ar leith

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.